Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

OSSP agus príomhscileanna

I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe
sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Díríonn curaclam
na sraithe sóisearaí ar ocht bpríomhscil.

The 8 key skills are set out in detail in Key Skills of Junior Cycle.

Cuireann an cúrsa seo deiseanna ar fáil chun tacú leis na príomhscileanna uile, ach tá roinnt díobh
a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le
gníomhaíochtaí foghlama sa OSSP. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe
eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.

Príomhscil

Gné na príomhscile

Gníomhaíocht foghlama an scoláire

A bheith cruthaitheach

Léamh ar son taitnimh agus le tuiscint chriticiúil

Úsáideann scoláirí a samhlaíocht le:

  • smaointeoireacht ionbháúil a fhorbairt trí mhachnamh a dhéanamh ar shaincheisteanna ó dhearcthaí éagsúla
  • inspioráid a ghlacadh ó cheannairí agus ó ghníomhairí pobail a fheiceann siad ina gcuid taighde agus lena mbuaileann siad
  • bealaí a shamhlú inar féidir leo difear dearfach a dhéanamh sa domhan.
A bheith liteartha  Léamh ar son taitnimh agus le tuiscint chriticiúil Déanann scoláirí taighde, scrúdaíonn siad agus léirmheasann siad cás-staidéir agus faisnéis a chuirtear i láthair i meáin éagsúla.
A bheith uimheartha Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil Forbraíonn scoláirí feasacht ar na
patrúin, treochtaí agus coibhneasa idir saincheisteanna éagsúla eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta agus ar na naisc idir cúiseanna agus éifeachtaí.

Cumarsáid

Plé agus díospóireacht

Éiríonn scoláirí níos muiníní trí dhíospóireachtaí agus trí phlé ranga agus iad ag foghlaim conas a dtuairimí a chur i láthair agus tacú leo le fianaise ó chás-staidéir agus/nó shonraí uimhriúla.

Faisnéis agus smaointeoireacht a bhainistiú

Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil

Ceistíonn scoláirí a dtuiscintí agus tuiscintí daoine eile. Spreagtar iad le machnamh a dhéanamh ar a dtuiscint agus í a athbhreithniú i bhfianaise eolais nua.

Mé féin a bhainistiú

A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin

Déanann na scoláirí machnamh ar a bhfoghlaim i rith an chúrsa agus ar an gcaoi a mbaineann sí lena saol. Chomh maith leis sin déanann siad machnamh ar agus measúnú ar dhul chun cinn chur i gcrích a ngníomhaíochtaí.

Fanacht folláin

A bheith sóisialta

Éiríonn scoláirí feasach orthu féin mar shaoránaigh áitiúla agus dhomhanda le cearta agus freagrachtaí agus forbraíonn siad tuiscint ar chúram d’fholláine daoine eile agus iad ag foghlaim conas atá a bhfolláine féin nasctha le folláine daoine eile agus ár bpláinéid.

Obair le daoine eile

Ag cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den domhan

Tá béim láidir ar fhoghlaim a nascadh le gníomh. Trí ghníomh bríoch a dhéanamh, cumasaítear scoláirí a thuilleadh agus feiceann siad conas, trí bheith ag obair le daoine eile, is féidir leo fíordhifríocht a dhéanamh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.