Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. De réir mar is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí rannpháirt i gcruinnithe AFMÁ.


Measúnú Rangbhunaithe: Taifead ar Ghníomh Saoránachta
Cuirfidh an scoláire trí ghníomh saoránachta ar a laghad i gcrích mar chuid dá fhoghlaim sna trí shnáithe de ghearrchúrsa OSSP. Táthar ag dréim leis go gcruthóidh an scoláire Taifead ar Ghníomh do cheann amháin acu seo ina Measúnú Rangbhunaithe. Cuspóir faoi leith den mheasúnú rangbhunaithe is ea aiseolas forbartha do scoláirí a éascú le linn dóibh bheith páirteach sa tasc agus ag deireadh an phróisis. Is féidir an measúnú rangbhunaithe don ghearrchúrsa OSSP a chríochnú sa dara bliain nó sa tríú bliain.


Is féidir an Measúnú Rangbhunaithe a dhéanamh i bhformáid scríofa, dhigiteach, físe nó fuaime agus féadfar tacú leis sna formáidí seo trí agallamh nó cur i láthair a úsáid.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.