Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ráitis foghlama

Tábla 1: Naisc idir Timpeall an Domhain in Ochtú Lá agus na ráitis foghlama

Ráitis Foghlama

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa

RF 1: Déanann an scoláire cumarsáid go héifeachtach ar bhealaí éagsúla i réimse comhthéacsanna.

Déanann an scoláire idirghníomhaíocht agus cumarsáid le daoine a bhfuil agus nach bhfuil aithne aige orthu ina bhaile, ar scoil agus sa phobal i gcoitinne. Tugtar deiseanna don scoláire sa chúrsa chun roghanna a dhéanamh, daoine agus rudaí a ainmniú agus a shainaithint agus cuntas a choinneáil ar a fhoghlaim trí réimse bealaí.

RF 6: Tuigeann an scoláire an chaoi a gcuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu.

I snáitheanna 1 agus 2, tumtar an scoláire i ndeiseanna foghlama maidir le cultúr agus traidisiúin na hÉireann agus iad siúd a bhaineann le tír eile dá rogha.

RF 7: Tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith ina s(h)aoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne.

I snáithe 1, foghlaimeoidh an scoláire faoina bhaile, a scoil agus a phobal i gcoitinne. Sainaithneoidh sé a theaghlach, a chomhscoláirí agus gairmithe a chabhróidh leis. Úsáidfidh an scoláire conláistí agus áiseanna ina phobal áitiúil go gníomhach.

RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú.

I snáithe 4, úsáidfidh an scoláire an t-eolas atá foghlamtha aige i rith an chúrsa chun turas chuig sainchomhartha nó díol suntais áitiúil a roghnú, a phleanáil agus a ullmhú.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.