Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Intreoir don tsraith shóisearach

In oideachas na sraithe sóisearaí cuirtear an scoláire ag croílár an eispéiris oideachasúil, á chumasú le páirt ghníomhach a ghlacadh ina phobal féin agus sa tsochaí, agus á chumasú freisin le tabhairt faoin bhfoghlaim go seiftiúil agus go muiníneach i ngach gné agus ag gach céim dá shaol. Tá an tsraith shóisearach uileghabhálach i dtaca le gach scoláire. Sa tsraith shóisearach cuirtear le comhionannas deise, rannpháirtíochta agus torthaí do chách.

Sa tsraith shóisearach cuirtear nasc níos fearr leis an bhfoghlaim ar fáil don scoláire mar go ndírítear ar chaighdeán na foghlama. Déantar taithí a sholáthar don scoláire atá mealltach agus taitneamhach, agus bainteach lena shaol. Is taithí d’ardchaighdeán a bhíonn iontu seo, cuireann siad go díreach le folláine fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta an fhoghlaimeora, agus, de réir mar is féidir, cuireann siad deiseanna ar fáil le hinniúlachtaí agus le buanna an fhoghlaimeora a fhorbairt maidir le cruthaitheacht agus le fiontar. Tógann clár an scoláire sa tsraith shóisearach ar an bhfoghlaim a rinne sé sa bhunscoil. Tacaíonn sé leis tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ina chuid foghlama. Cabhraíonn sé leis an scoláire chun na scileanna foghlama a fhorbairt a chabhróidh leis tabhairt faoi dhúshláin an tsaoil lasmuigh den scoil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.