Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le Scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí. I gcás na ngearrchúrsaí a d’fhorbair CNCM, beidh samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama ar fáil. D’fhéadfadh go rachadh sé chun tairbhe scoile a dhearann a cuid gearrchúrsaí féin taisce samplaí d’obair scoláirí a chruthú le haghaidh plé agus tagartha amach anseo.

Torthaí foghlama

Is ráitis iad natorthaí foghlama ina gcuirtear síos ar an eolas, an tuiscint, na scileanna agus na luachanna is ceart don scoláire a bheith in ann a thaispeáint i ndiaidh dó an gearrchúrsa Timpeall an Domhain in Ochtú Lá sa tsraith shóisearach a chur i gcrích. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire agus léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na tréimhse staidéir (thart ar 100 uair an chloig).

Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin.

Contanaim dul chun cinn do Chláir Foghlama Leibhéal 1

Tá seacht gconaire sa chontanam dul chun cinn (thíos), ina ndéantar cur síos, go ginearálta, ar fhoghlaim agus ar fhorbairt a bhaineann le Leibhéal 1.

Scríobhadh na conairí chun ord dul chun cinn a léiriú, cé nach bhforbraíonn an scoláire ar an gcúrsa seo go hintleachtúil nó go feidhmeach ar bhealach líneach i gcónaí. Is féidir leis an múinteoir an contanam a úsáid le cabhrú leis tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil scoláire ag feidhmiú i ndáil lena fhoghlaim. B’fhéidir go mbeadh scoláirí ar chonairí difriúla do réimsí difriúla foghlama nó torthaí foghlama. Tacaíonn an contanam leis an múinteoir chun an chéad chonair chuí eile a shainaithint don scoláire ar a thuras foghlama.

An ContanamDul chun Cinn

DUL CHUN CINN

Déanann an scoláire na nithe seo...

BLAISEADH DE

Bíonn sé i láthair i gcaitheamh gníomhaíocht foghlama. Beidh sé ina dhúiseacht agus/nó nochta don timpeallacht foghlama. Bíonn sé ag dul i dtaithí ar an timpeallacht foghlama, m.sh., rudaí, daoine, fuaimeanna agus taithí chéadfach eile.

AIRD A THABHAIRT AIR

Tugann sé aird ar na gníomhaíochtaí foghlama a chuirtear ina láthair agus/nó téann i ngleic leo trí ghothaí, iompar an choirp, guthaíocht, súilfhéachaint, gluaiseacht, srl., a athrú. Tá sé tar éis dul i dtaithí ar an timpeallacht foghlama.

FREAGAIRT DÓ

Taispeánann sé go bhfuil sé in ann spéis a chur sa timpeallacht foghlama go gníomhach nó d’aon ghnó.  Tosaíonn sé ag cur in iúl céard is maith leis, céard nach maith leis nó céard is fearr leis. Freagraíonn sé go gníomhach do ghníomhaíocht foghlama le tacaíocht nó gan tacaíocht.

TÚS A CHUR LEIS

Bíonn sé fiosrach faoin timpeallacht foghlama. Lorgaíonn sé, go gníomhach agus go neamhspleách, deiseanna le dul i ngleic leis an timpeallacht sin agus/nó dul i bhfeidhm uirthi.

SEALBHÚ

Taispeánann sé go bhfuil eolas, coincheap nó scil á foghlaim. Fiosraíonn sé an fhoghlaim agus glacann páirt inti.

AG ÉIRÍ LÍOFA

Gluaiseann sé i dtreo líofachta agus cruinnis i gcomhthéacsanna foghlama a bhfuil taithí aige orthu. Taispeánann sé go neamhspleách agus go seasta go bhfuil sé in ann cuimhneamh ar an scil/coincheap/eolas a foghlaimíodh.

GINEARÁLÚ

Aistríonn sé scileanna, eolas nó coincheapa foghlamtha chuig comhthéacsanna a bhfuil taithí aige orthu agus chuig comhthéacsanna nach bhfuil, agus cuireann sé i bhfeidhm iad sna comhthéacsanna sin.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 My hime and my family
  1. 1.1

    baill dá theaghlach a shainaithint, ar bhealach ar bith

  2. 1.2

    grianghraif dá theaghlach seachas grianghraif de strainséirí a shainaithint agus/nó freagairt dóibh

  3. 1.3

    na seomraí ina theach a liostú agus na seomraí ina theach a nascadh leis na gníomhaíochtaí a tharlaíonn iontu

  4. 1.4

    míreanna a bhfuil cur amach aige orthu óna theach a shainaithint

  5. 1.5

    íomhá 2T/3T de ghnéithe seachtracha a thí a thógáil

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 My school
  1. 1.6

    na limistéir dhifriúla ina scoil/sheomra ranga a liostú agus iad a nascadh leis na gníomhaíochtaí a tharlaíonn iontu

  2. 1.7

     gníomhaíochtaí a tharlaíonn sa bhaile a scaradh uathu siúd a tharlaíonn ar scoil

  3. 1.8

    míreanna a bhaineann leis an scoil a bhfuil cur amach aige orthu a shainaithint

  4. 1.9

    aitheantas a léiriú ar an bhfoireann agus an scoláire ar scoil   ar bhealach ar bith

  5. 1.10

    a bhealach a dhéanamh chuig a sheomra ranga agus limistéir eile den scoil, ar bhealach ar bith

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 My community and local ammenities
  1. 1.11

    aitheantas a léiriú d’áiteanna agus daoine sa phobal

  2. 1.12

    cuireadh a thabhairt do bhall den phobal áitiúil teacht chun na scoile agus caint a thabhairt

  3. 1.13

    breathnú ar bhailiú agus taifeadadh sonraí faoi na conláistí a úsáideann an scoláire ina scoil agus páirt a ghlacadh ann

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Local places of interest/famous landmarks
  1. 1.14

    na háiteanna áitiúla is díol spéise agus sainchomharthaí cáiliúla ina chontae féin a shainaithint

  2. 1.15

    limistéar áitiúil is díol spéise a roghnú agus páirt a ghlacadh i    bplé faoi agus/nó cuairt a thabhairt air

  3. 1.16

    páirt a ghlacadh i bpíosa oibre ealaíonta a bhaineann leis an sainchomhartha roghnaithe

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Climates, clothing and cuisine
  1. 2.1

    breathnú ar eispéireas céadfach na haeráide sa tír a roghnaíodh agus páirt a ghlacadh ann, á chur i gcodarsnacht le haeráid na hÉireann

  2. 2.2

    idirdhealú a dhéanamh idir an t-éadach a chaithfí in aeráidí teo agus fuara

  3. 2.3

      páirt a ghlacadh i dtaighde a dhéanamh ar an éadach a chaitear go traidisiúnta sa tír roghnaithe agus dathanna, uigeachtaí agus feidhmeanna na n-éadach a phlé

  4. 2.4

    píosa ealaíne a chruthú le fabraic agus snáithín chun an t-éadach traidisiúnta a léiriú

  5. 2.5

    bianna atá coitianta in Éirinn a shainaithint

  6. 2.6

      taithí a fháil ar bhlasanna nua agus a shainroghanna a thaifeadadh

  7. 2.7

    páirt a ghlacadh i mbéile traidisiúnta ón tír a roghnaigh sé a réiteach

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Sights, songs and cuisines
  1. 2.8

    éisteacht le/amharc ar agus freagairt do cheol/amhráin thraidisiúnta (nó físeáin  d’amhráin phopcheoil) ón tír roghnaithe, trí phíosa ealaíne, damhsa nó drámaíochta a chruthú

  2. 2.9

    na sainchomharthaí dúchais sa tír roghnaithe a liostú, le cineál ar bith téacs[1]

     

    [1] Cuimsíonn 'téacs' gach toradh ar úsáid teanga: caint, gothaí, comharthaí, scríobh, amharc, leictreonach agus digiteach.

  3. 2.10

    comparáid a dhéanamh idir sainchomhartha amháin nó níos mó ón tír roghnaithe le ceann amháin nó níos mó a roghnaíodh i snáithe 1

  4. 2.11

    páirt a ghlacadh in eolas a bhailiú maidir le hócáidí speisialta/himeachtaí spóirt ón tír a roghnaíodh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Plants and animals
  1. 2.12

    pictiúir de phlandaí agus crainn atá dúchasach don tír roghnaithe a fhiosrú

  2. 2.13

    píosa ealaíne a chruthú ina dtaispeántar tír-raon na tíre roghnaithe

  3. 2.14

    saintréithe na n-ainmhithe atá dúchasach don tír roghnaithe a aithint agus a scrúdú

  4. 2.15

    cuairt a thabhairt ar shiopa peataí/fheirm/zú agus fianaise ghrianghrafadóireachta a ghlacadh de na hainmhithe a d’fheadfaí a aimsiú sa tír roghnaithe

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Models and methods of transport
  1. 3.1

    réimse modhanna iompair a liostú agus scrúdú a dhéanamh ar ghnéithe agus ar chuspóir na bhfeithiclí

  2. 3.2

    sonraí a bhailiú agus a thaifeadadh ar na modhanna iompair a úsáideann an scoláire agus a d’úsáid sé roimhe seo

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 History of trnasport
  1. 3.3

    taighde a dhéanamh ar ainmnithe a úsáideadh don iompar agus iad a ainmniú

  2. 3.4

    seanphictiúir de charranna agus traenacha a fháil chun comparáid a dhéanamh le cinn níos nua-aimseartha

  3. 3.5

    amlíne a chruthú de stair an iompair

  4. 3.6

    píosa ealaíne a chruthú a bhaineann le hiompar (feithicil a dhéanamh as ábhair athchúrsáilte, colláis d’fheithiclí mór le rá as scannáin)

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Accessibility of transport
  1. 3.7

    an chaoi a dtaistealaíonn sé ar scoil gach lá a thaifeadadh

  2. 3.8

    páirt a ghlacadh i gcomhráite faoi ghnéithe sábháilteachta agus oiriúnuithe i bhfeithiclí

  3. 3.9

    bheith feasach go mbaineann costas le hiompar áirithe agus taighde a dhéanamh ar na costais ar bhusanna agus traenacha áitiúla

  4. 3.10

    comharthaí bóthair agus marcálacha bóthair a shainaithint, agus fianaise ghrianghrafadóireachta a ghlacadh díobh sa phobal áitiúil

  5. 3.11

      taisteal ar mhodh iompair phoiblí le cúnamh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Venturing further afaield
  1. 4.1

    ceann scríbe a roghnú ó shnáithe 1 nó 2 agus na rudaí ar cheart a bheith ag súil leo nuair a shroicheann sé é a shainaithint

  2. 4.2

    scéal sóisialta a chruthú i bhfoirm téacs ar bith le hullmhú don turas

  3. 4.3

    páirt a ghlacadh i mbealaí a mhapáil agus modhanna iompair a shainaithint a theastaíonn chun an ceann scríbe a shroicheadh

  4. 4.4
    1. na costais a bhaineann leis an iompar, ticéid agus bia don turas a fhiosrú
  5. 4.5

    éadaí oiriúnacha agus míreanna pearsanta riachtanacha don turas a shainaithint agus mála a phacáil

  6. 4.6

    cáipéisí taistil ábhartha a theastaíonn don taisteal áitiúil/eachtrach a fhiosrú

  7. 4.7

    páirt a ghlacadh i bhfíorthuras nó i dturas fíorúil chuig tír eachtrach

  8. 4.8

    páirt a ghlacadh in eispéireas céadfach den tír sin

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.