Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú ar an gcursa

D’fhonn bheith soiléir i dtaca leis na torthaí foghlama, is madra é an t-ainmhí a luaitear síos tríd an doiciméad, ach is féidir le hainmhithe nó peataí eile bheith i gceist sa ghearrchúrsa.

Snáithe 1  Foghlaim faoi mhadraí

Snáithe 2  Aire a thabhairt do mhadraí

Snáithe 3  An madra faoin teach

Snáithe 4  An madra sa phobal

Tá sé ceaptha go dtabharfaidh scoláire faoi Shnáithe 1 ag tús an chúrsa mar go mbaineann sé leis an scoláire madra a roghnú (a cheann féin nó ceann samhailteach) ar a ndíreoidh sé don chuid eile den chúrsa.

Dearadh an cúrsa le haghaidh tuairim is 100 uair de rannpháirtíocht scoláire.

Tá torthaí foghlama an chúrsa ailínithe le Táscairí Leibhéil do Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).

Tabhair do d’aire go léiríonn nádúr agus líon na dtorthaí foghlama sa chúrsa an cur chuige ina ndéantar struchtúrú agus scafláil ar an bhfoghlaim don spriocghrúpa scoláirí ar leith atá ag obair ar Chláir Foghlama Leibhéal 2.

 

Ag tosú amach

Sula dtosóidh an scoláire, caitear roinnt ama ag cur an chúrsa i láthair agus á phlé chun a oibriú amach conas a thagann sé le clár foghlama pearsantaithe an scoláire agus a chuireann sé leis. Is féidir eolas a fuarthas roimh ré agus sainréimsí spéise a shocrú. Agus na heilimintí ATF á n-úsáid mar phointí tagartha, pléitear láidreachtaí an scoláire agus na réimsí atá le feabhsú chun spriocanna forbairt phearsanta agus foghlama a shocrú.

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.