Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Gneithe Cailíochta

Leagtar amach thíos gnéithe cáilíochta a bhaineann le hobair scoláirí ar an Tasc Láithreoireachta agus ar an Tasc Cás-staidéir.  Is féidir le múinteoirí agus le scoláirí iad seo a úsáid, i dtéarmaí ginearálta, chun tacú lena bplé faoi agus lena mbreithiúnas ar an obair a rinneadh ar na tascanna measúnaithe.   Le bheith níos sonraíche, is iad na gnéithe cáilíochta na critéir a úsáidfidh múinteoirí chun obair an scoláire a mheas.  Beidh an grádú ar bhonn Gnóthaithe Le Gnóthú Fós.   Is gá gach gné cáilíochta a chríochnú go rathúil chun go mbronnfaí an grádú Gnóthaithe ar an scoláire.

Tasc Láithreoireachta

Gnóthaithe

  • Cuireann an láithreoireacht in iúl roinnt bheag teachtaireachtaí tábhachtacha (2-3)
  • Úsáidtear eochairfhocal a bhaineann leis an topaic
  • Bíonn réasúnaíocht/fíricí taobh thiar de phríomhtheachtaireachtaí de réir mar is cuí.
  • Déantar an láithreoireacht, ag úsáid meán oiriúnach cumarsáide le tacaí/leideanna amhairc nó leictreonacha breise más cuí
  • Tugtar an láithreoireacht ag luas a ligeann don lucht éisteachta an rud a deirtear/chuirtear trasna a chloisteáil/ a thógáil.
  • Tá fianaise ann ar iarracht chun ceangal a dhéanamh leis an lucht éisteachta.
  • Tá réamhrá agus conclúid chinnte ag dul leis an láithreoireacht.

Tasc Cás-staidéir

Gnóthaithe le Gradam

Gnóthaithe

  • Léiríonn an freagra tuiscint ar ábhar an chás-staidéir m.sh. cad a bhíonn de dhíth ar mhadra chun saol sláintiúil bheith acu.
  • Taispeánann se fianaise ar fhoghlaim i dtaca leis an eolas, na scileanna agus na dearcthaí a fhorbraítear i rith an chúrsa.  
  • Taispeánann freagraí an cumas chun cinntí éifeachtacha a dhéanamh i suíomhanna hipitéiseacha.
  • Léiríonn na freagraí freisin cumas chun eolas a aimsíodh a aithint agus a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna áirithe nó i suíomhanna tugtha m.sh. úsáid a bhaint as seirbhísí agus as gairmithe sa chomhphobal i gcomhthéacsanna ar leith. 
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.