Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Ionchas maidir le scolairí

Snáithe 1: Foghlaim faoi mhadraí

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Saolré madra
  1. 1.1

    amlíne shimplí a chruthú a rianaíonn na céimeanna i saol madra

    • clipboard
  2. 1.2

    pictiúir éagsúla de mhadraí a rangú de réir céimeanna forbartha

    • clipboard
  3. 1.3

    roinnt fadhbanna sláinte/sláinteachais a fhulaingíonn madraí a liostú

    • clipboard
2. Tairbhí a bhaineann le madra bheith agat
  1. 1.4

    roinnt cúiseanna a mbíonn madraí ag daoine a liostú agus ina measc na tairbhí sóisialta

    • clipboard
  2. 1.5

    plean aclaíochta a oibriú amach a rachadh chun tairbhe madraí agus a gcuid úinéirí

    • clipboard
3. Ról madraí inár saol
  1. 1.6

    torthaí suirbhé a rinne siad ar luach madraí ag daoine a bhfuil aois agus riachtanais dhifriúla acu a chur i láthair a bpiaraí

    • clipboard
  2. 1.7

    déantúsán a chruthú chun eolas a chur ar fáil ar phórtha madraí agus a dtréithe

    • clipboard
4. Madra a roghnú
  1. 1.8

    na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le madra bheith agat a phlé lena bpiaraí

    • clipboard
  2. 1.9

    an méid atá i gceist i dtaca le haire a thabhairt do mhadra a chur in iúl

    • clipboard
  3. 1.10

    critéir a úsáid chun madra ar mhaith leo bheith acu a roghnú

    • clipboard
5. Athmhachnamh agus aistriú
  1. 1.11

    athmhachnamh a dhéanamh ar an méid a foghlaimíodh sa snáithe seo agus é sin a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs fíor nó samhailteach i dtaca lena madra ‘féin’

    • clipboard

Snáithe 2: Aire a thabhairt do mhadraí

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Bia
  1. 2.1

    sláintiúil agus míshláintiúil a lipéadú ar bhianna madraí

    • clipboard
  2. 2.2

    comparáidí a dhéanamh le bianna atá sláintiúil ag daoine

    • clipboard
  3. 2.3

    clár bia le haghaidh réimse bia folláin do mhadraí a phleanáil agus a dhearadh

    • clipboard
  4. 2.4

    praghsanna bianna madraí i siopaí áitiúla a chur i gcomparáid lena chéile

    • clipboard
  5. 2.5

    bianna so-ite a dhéanamh dá madra ‘féin’

    • clipboard
2. Grúmaeireacht
  1. 2.6

    gnáthaimh shláinteachais do mhadraí a liostú

    • clipboard
  2. 2.7

    comparáid a dhéanamh idir na héifeachtaí ar mhadraí agus ar dhaoine mura leantar de ghnáis sláinteachais

    • clipboard
  3. 2.8

    fianaise a léiriú d’fhoghlaim i ndiaidh cuairt a thabhairt ar speisialaí, amhail grúmaeir madraí nó tréidlia

    • clipboard
3. Aclaíocht
  1. 2.9

    aclaíocht fholláin do mhadraí a aimsiú

    • clipboard
  2. 2.10

    comparáidí a dhéanamh idir sin agus na tairbhí a bhaineann daoine as aclaíocht

    • clipboard
  3. 2.11

    míniú conas an madra a aclú go sábháilte

    • clipboard
  4. 2.12

    dea-chleachtas agus feasacht ar shábháilteacht a léiriú  agus iad ag siúl le madra

    • clipboard
4. Foscadh
  1. 2.13

    míniú cén fáth a mbíonn foscadh ag teastáil ó mhadraí

    • clipboard
  2. 2.14

    comparáidí a dhéanamh idir sin agus foscadh a bhíonn de dhíth ar dhaoine

    • clipboard
  3. 2.15

    taighde a dhéanamh ar chineálacha difriúla foscaidh don mhadra

    • clipboard
5. Athmhachnamh agus aistriú
  1. 2.16

    athmhachnamh a dhéanamh ar an méid a foghlaimíodh sa snáithe seo

    • clipboard
  2. 2.17

    rud éigin a dhearadh agus a dhéanamh dá madra féin le húsáid mar fhoscadh, teas, compord nó spraoi

    • clipboard

Snáithe 3: An madra faoin teach

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Sláinte agus sláinteachas
  1. 3.1

    rioscaí féideartha sláinte a leagan amach do dhaoine agus madra sa bhaile acu

    • clipboard
  2. 3.2

    bunchleachtais chúram pearsanta a aithint atá le cur i gcrích nuair a bhíonn madra sa bhaile

    • clipboard
2. Costais a bhaineann le madra a choimeád
  1. 3.3

    an costas atá leis an madra a choimeád ar feadh lae/seachtaine agus/nó míosa/bliana a ríomh trí áireamhán a úsáid

    • clipboard
  2. 3.4

    fianaise ar roinnt de na costais sin a bhailiú trí chuairteanna a dhéanamh ar dhaoine sa phobal agus/nó trí shiopadóireacht ar líne

    • clipboard
  3. 3.5

    admhálacha siopadóireachta a mhíniú, ag réasúnú (más cuí) cén difear atá idir earraí só agus earraí riachtanacha

    • clipboard
3. Contúirtí faoin bhaile
  1. 3.6

    contúirtí féideartha do mhadra i dtimpeallacht an bhaile a liostú

    • clipboard
  2. 3.7

    seicliosta a dhéanamh den dea-chleachtas chun madra a choimeád sábháilte sa bhaile

    • clipboard
  3. 3.8

    daoine, grúpaí nó eagraíochtaí a aimsiú a dtiocfadh leo cabhrú le linn cásanna éigeandála

    • clipboard
  4. 3.9

    rólimirt a dhéanamh de ghlaoch gutháin nó téacs chuig na seirbhísí éigeandála chun teagmhas a bhaineann le madra a thuairisciú

    • clipboard
4. Athmhachnamh agus aistriú
  1. 3.10

    athmhachnamh a dhéanamh ar an méid a foghlaimíodh sa snáithe seo agus é sin a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs fíor nó samhailteach i dtaca lena madra ‘féin’

    • clipboard

Snáithe 4: An madra sa phobal

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Freagrachtaí úinéara
  1. 4.1

    na freagrachtaí a bhaineann le madra bheith i seilbh duine a liostú

    • clipboard
  2. 4.2

    bá a léiriú i leith daoine a bhfuil eagla orthu roimh mhadraí

    • clipboard
  3. 4.3

    na háisíneachtaí cuí a ainmniú a thugann tacaíocht agus comhairle d’úinéirí madraí

    • clipboard
  4. 4.4

    míniú cad a dhéantar ma thagann tú trasna ar mhadra colgach

    • clipboard
2. Áiteanna agus imeachtaí a bhaineann le madraí
  1. 4.5

    a aithint gur gá seiceáil má cheadaítear madraí isteach in áiteanna áirithe

    • clipboard
  2. 4.6

    áiteanna agus imeachtaí a aithint a bhaineann le madraí go speisialta

    • clipboard
  3. 4.7

    cuairt a thabhairt ar cheann amháin, ar a laghad, de na háiteanna sin

    • clipboard
3. Madraí a chabhraíonn linn
  1. 4.8

    na bealaí a ainmniú conas is féidir le madraí cabhrú linn sa phobal

    • clipboard
  2. 4.9

    agallamh a chur ar dhuine a oibríonn le madra nó a bhfuil ceann acu a chabhraíonn leo

    • clipboard
  3. 4.10

    feasacht a léiriú ar conas is féidir le madraí cabhrú le daoine éirí neamhspleách

    • clipboard
4. Athmhachnamh agus aistriú
  1. 4.11

    athmhachnamh a dhéanamh ar an méid a foghlaimíodh sa snáithe seo agus é sin a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs fíor nó samhailteach i dtaca lena madra ‘féin’

    • clipboard