Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measunú

Taobhaíonn an gearrchúrsa seo le réimse leathan cuir chuige i leith an mheasúnaithe. Tá roinnt torthaí foghlama ann atá fóirsteanach do mheasúnú aon uaire, i dtaca le cinn eile is measúnú ar bhonn leanúnach is fóirsteanaí dóibh agus scoláirí ag dul i ngleic le gníomhaíochtaí difriúla foghlama mar shampla: ag plé, ag míniú, ag cur i láthair, ag pleanáil, ag tabhairt aire, scileanna a chleachtadh agus ag leibhéal bunúsach, ag fáil eolais.  Sna comhthéacsanna seo déanann scoláirí, i gcomhar lena múinteoirí, machnamh ar agus breithiúnais faoina gcuid féin foghlama agus faoi fhoghlaim daoine eile (de réir a gcumais) trí bhreathnú ar na gnéithe cáilíochta atá le feiceáil i míreanna áirithe oibre. Pleanálann siad na chéad chéimeanna eile ina gcuid foghlama, bunaithe ar an aiseolas a fhaigheann siad. 

 

Measúnú leanúnach

Tugann Tionscadal Pearsanta: Aire a Thabhairt d’Ainmhithe méid áirithe roghanna do scoláirí sa mhéid a chuirfidh siad i láthair don mheasúnú agus sa leagan amach a bheidh air. Tugann sé deiseanna freisin do scoláirí spriocanna a shocrú, spriocdhátaí a bhaint amach agus roinnt freagrachta a ghlacadh as fianaise ar fhoghlaim a bhailiú don phunann foghlama a dhéanann siad mar chuid dá gClár Foghlama Leibhéal 2 (CFL2). Is cabhair don scoláire é an measúnú leanúnach sa turas foghlama agus san ullmhúchán a dhéanann siad don mheasúnú a bhaineann le teistiúchán ar an ngearrchúrsa. Tá an rogha ag an scoil iarraidh ar an scoláire cóip chrua nó cóip leictreonach a dhéanamh den phunann do na CFL2nna. Tugann an phunann fianaise ar fhorbairt agus ar dhul chun cinn i rith an chúrsa agus úsáidtear í le haghaidh cuspóirí measúnú múnlaitheach agus suimitheach araon. Is féidir go gcuirfí san áireamh mar fhianaise ar fhoghlaim físeáin den scoláire ag comhlíonadh tascanna, é á chur faoi agallamh nó ag déanamh láithreoireachtaí.  Is féidir freisin cineálacha eile fianaise ar fhoghlaim a chur san áireamh cuir i gcás, bileoga oibre, tuairiscí, cairteacha, líníochtaí, mapaí intinne, seicliostaí ar dhea-chleachtas, bileoga féinmheasúnú scoláire, siurnail/dialanna foghlama nó grianghraif. Is féidir chomh maith déantúsán a dhéanamh m.sh. cró madra nó mionsamhail de cheann.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.