Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Roinnt clár foghlama samplach

Nuair a bhí roinnt cláir foghlama shamplacha á bhforbairt a léireodh na treoirlínte i ngníomh, shainaithin scoileanna scoláirí ón spriocghrúpa ábhartha agus chothaigh siad clár foghlama dóibh. Déantar cur síos sna cláir foghlama ar réimse gníomhaíochtaí atá á n-úsáid ag na scoileanna faoi láthair lena scoláirí. Baineann na gníomhaíochtaí a ndéantar cur síos orthu sna cláir foghlama shamplacha le taithí na scoileanna féin ag oibriú i dtreo cáilíocht/dámhachtain reatha, i gcásanna áirithe is é seo Teastas Leibhéal 2 QQI i bhFoghlaim ghinearálta agus, i gcásanna eile, is é dámhachtain Líonra Creidiúnaithe agus Forbartha na Scéime Dámhachtana (ASDAN) atá ann.

Déantar cur síos sna cláir foghlama shamplacha ar na AFTanna do gach scoláire. Roghnaítear AFTanna le próifíl agus riachtanais ar leith an scoláire ar intinn. Go ginearálta, táthar ag súil go mairfeadh clár foghlama scoláire ar feadh na sraithe sóisearaí, agus nuair a chríochnófar é go mbeadh PGSS aige. Ba cheart béim a leagan ar an gcaoi nach ndéantar cur síos sna cláir ar fhoghlaim iomlán an scoláire. Tá gníomhaíochtaí agus eispéiris foghlama eile a bhféadfadh an scoláire tabhairt fúthu i rith na sraithe sóisearaí nach bhfuil cur síos déanta orthu sa chlár foghlama.

Is féidir foghlaim churaclaim agus sheach-churaclaim a áireamh i gcláir foghlama.

Chun clár samplach a léamh, cliceáil anseo

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.