Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Spriocghrúpa

Is dóchúil go mbeidh scoláirí atá i mbun CFL1 ag céim luath den fhorbairt chognaíoch. Cinnfear oiriúnacht na CFL1anna don scoláire tar éis comhairliúchán le tuismitheoirí/caomhnóirí, scoileanna agus gairmithe eile atá ag obair leis an scoláire. B’fhéidir go mbeadh míchumas foghlama aitheanta ag roinnt scoláirí freisin atá sa raon ó íseal measartha go géar agus trom ó shíceolaí oideachais nó cliniciúil.

 Tá formhór na scoláirí leis an leibhéal seo míchumais foghlama cláraithe i scoileanna speisialta, ina mbíonn níos lú daltaí sna ranganna agus cóimheas níos airde ball foirne le scoláirí. Tá scoláirí eile i ranganna speisialta in iar-bhunscoileanna príomhshrutha agus tá roinnt bheag díobh lena bpiaraí ar feadh roinnt ama i ranganna i scoileanna príomhshrutha. Tá Plean Oideachais don Dalta Aonair ag gach scoláire ina bhfuil spriocanna sonracha agus réadúla a leag an múinteoir amach i gcomhar le tuismitheoirí/caomhnóirí agus an fhoireann ildisciplíneach a d’fhéadfadh a bheith ag obair leis an scoláire. Úsáidfear an Plean Oideachais don Dalta Aonair, mar aon le measúnuithe bonnlíne, mar thúsphointe don fhoghlaim.  Teastaíonn am ó scoláirí scileanna a ndéanann daoine óga eile neamhshuim díobh a fháil, a chomhdhlúthú agus a chur i bhfeidhm. Is é an chéad chéim do mhúinteoirí a mbuanna agus na réimsí ar gá dóibh a fheabhsú a fháil amach d’fhonn a dturas foghlama a phleanáil.

Is duine aonair gach scoláire a bhfuil sraith uathúil buanna acu atá le haithint agus le ceiliúradh. D’fhéadfadh scoláirí sa spriocghrúpa seo a bheith chomh díograiseach agus ar bís le daoine eile a bhfuil fionnachtana á ndéanamh acu faoin domhan den chéad uair agus é sin a thaispeáint. Úsáideann siad a scileanna agus a mbuanna uathúla féin chomh maith is atá siad in ann. D’fhéadfadh deacracht a bheith acu an saol mórthimpeall orthu a thuiscint agus a n-áit sa saol sin. D’fhéadfadh dúshláin a bheith ag scoláirí freisin le scileanna cumarsáide ginchumais agus gabhchumais.

Bainfidh go leor scoláirí tairbhe as níos mó ama a bheith acu chun faisnéis a phróiseáil agus eolas a foghlaimíodh a aistriú chuig cásanna difriúla. Caithfear níos mó ama a thabhairt dóibh le bheith réitithe chun foghlaim a dhéanamh ná a bpiaraí atá ag forbairt go tipiciúil. B’fhéidir go mbeadh tacaíocht uathu mar gheall ar dhúshláin a bhaineann leis an speictream bacainní leis an bhfoghlaim a bhíonn roimh gach foghlaimeoir – fisiciúil, sláinte, sóisialta, bainteach le foghlaim nó mar gheall go ndiúltaíonn siad don dúshlán le rudaí a dhéanamh dóibh féin. B’fhéidir go mbeadh soláthar breise ag teastáil chun na scoláirí a chumasú le rochtain iomlán a fháil ar an timpeallacht thart orthu.

Seans nach leanfaidh na bealaí a fhoghlaimíonn scoláirí sa spriocghrúpa seo cosán líneach traidisiúnta na forbartha i measc a bpiaraí atá ag forbairt go tipiciúil. D’fhéadfadh siad a bheith ag brath ar a gcéadfaí ar bhealaí difriúla agus, ach oiread le gach scoláire, buanna iontacha a bheith acu i réimse eile agus níos lú i réimsí eile. Cosúil lena bpiaraí, baineann siad tairbhe as réimse cur chuige foghlama, teagaisc agus measúnaithe.

Teastaíonn tacaíocht ó scoláirí atá ag tabhairt faoi CFL1nna ó raon gairmithe oideachais agus sláinte, a oibríonn le chéile, ag comhroinnt eolais faoina gcuspóirí teiripe, leighis agus oideachais chun an cumas is fearr agus is féidir a bhaint amach don scoláire. D’fhéadfadh scoláirí eile sa chohórt seo teacht i láthair amhail go bhfuil siad níos cumasaí mar gheall ar a gcumais fhisiciúla. Teastaíonn treoirlínte soiléire le go leor cleachtaidh do na scoláirí seo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.