Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus curaclam na sraithe sinsearaí

Naisc idir prionsabail agus Cláir Foghlama Leibhéal 1

Prionsabail na    sraithe sóisearaí

Prionsabail na sraithe sinsearaí

Cláir Foghlama Leibhéal 1

Foghlaim le foghlaim

Foghlaim ar feadh an tsaoil

Deartar cláir le dul i ngleic le riachtanais foghlama an scoláire. Cuireann siad ar chumas an scoláire taithí a fháil ar scileanna agus iad a fhorbairt le tacú le dul i ngleic lena thimpeallacht agus leis an bpobal sa saol tar éis na scoile.

Rogha agus solúbthacht

Rogha agus solúbthacht

Bíonn na cláir solúbtha agus léirítear iontu an réimse comhthéacsanna agus suíomhanna atá i gceist. A oiread agus is féidir, éascaítear rogha an scoláire fiú i gcás gur rogha ‘tacaithe’ atá ann.

Cáilíocht

Cáilíocht

Bíonn na cláir faoi réir athbhreithniú, forbairt agus coigeartú leanúnach ar mhaith leis an scoláire agus a fhorbairt iomlánaíoch.

Cruthaitheacht agus nuálaíocht

Cruthaitheacht agus nuálaíocht

Tugtar deis sna cláir do mhúinteoirí agus scoláirí dul i ngleic leis an gcuraclam ar bhealaí cruthaitheacha agus nuálacha. Cuireann siad ar chumas an scoláire freisin a bhuanna cruthaitheacha a fhiosrú agus a fhorbairt.

Dul i ngleic agus rannpháirtíocht

Rannpháirtíocht, ábharthacht agus taitneamh

Tá brí ag baint le cláir don scoláire, tá siad taitneamhach agus tacaíonn siad leis chun a chumas a bhaint amach. Nascann an fhoghlaim leis an saol taobh amuigh den scoil. Cuimhnítear ar réamhfhoghlaim agus eispéiris, forbairt phearsanta agus shóisialta, agus oiriúnacht aoise an scoláire.

Leanúnachas agus forbairt

Leanúnachas

Pleanáiltear na cláir d’fhonn na haistrithe atá roimh an scoláire a éascú. I gclár a thógann ar an bhfoghlaim roimhe seo agus a thacaíonn leis an scoláire chun naisc a dhéanamh laistigh de agus thar réimsí foghlama, cuirtear leanúnachas ar fáil agus osclaítear conairí don fhoghlaim sa todhchaí.

Oideachas uileghabhálach

Oideachas uileghabhálach

Bíonn na cláir ionchuimsitheach ina bpleanáil, ina ndearadh agus ina n-oibriú. Dearadh iad chun riachtanais an scoláire a chomhlíonadh le tacú lena ionchuimsiú i saol na scoile nó an tsuímh, agus ina phobal.

Folláine

Folláine

Deartar na cláir leis an scoláire ina gcroílár. Dá réir, bíonn an fholláine fhisiciúil, mheabhrach, mhothúchán agus shóisialta mar chuid lárnach den chlár.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.