Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Aonaid Tosaíochta Foghlama (ATF)

Tá sé Aonad Tosaíochta Foghlama (ATFanna) ag croílár Chlár Foghlama Leibhéal 1. Sainaithnítear agus forbraítear go follasach sna hAonaid Tosaíochta Foghlama seo na príomhréimsí foghlama a theastaíonn chun na scoláirí a ullmhú dá saol amach anseo. Cé go gcuirtear iad i láthair mar aonaid astu féin, nuair a úsáidtear mar chuid de chlár foghlama iad, idirnascann agus forluíonn na hAonaid Tosaíochta Foghlama seo. Tá na ATFanna san ord seo le cabhrú le múinteoirí atá ag pleanáil do scoláirí CFL1 agus CFL2.

Cumarsáid, teanga agus litearthacht

Uimhearthacht

Cúram pearsanta agus folláine

A bheith rannpháirteach i bpobal

Na healaíona

Corpoideachas

 

Déantar cur síos ar gach ATF i dtéarmaí ginearálta, le liosta achomair de phríomhghnéithe gach ATF leagtha amach ina dhiaidh sin i dtábla.

 Tá gach ATF roinnte ina ghnéithe agus tá roinnt torthaí foghlama bainteach le gach gné ina sonraítear an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí ar féidir leis an scoláire a léiriú gur fhoghlaim sé (féach lch 23 do na torthaí foghlama a bhaineann le ATF). Cuirtear na torthaí foghlama i láthair i seicheamh, a léiríonn éileamh cognaíoch, cé nach ndéanfaidh gach scoláire dul chun cinn go líneach.

Ailínítear na torthaí foghlama a forbraíodh do CFL1anna go ginearálta leis na táscairí ag Leibhéal 1 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (féach Aguisín C). Éascaítear idirdhealú suas nó anuas de réir mar is gá de bharr go bhfuil na torthaí foghlama neamhshrianta. Cé go mbíonn na hionchais is airde agus is féidir ag an múinteoir do na scoláirí a mhúineann sé, ní ga do gach scoláire gach ATF nó gach toradh foghlama a bhaint amach. Roghnaíonn an múinteoir torthaí foghlama don scoláire le hoibriú orthu a shainaithníonn sé a bheith indéanta agus réadúil, mar gheall ar chumais agus bearnaí foghlama an scoláire ar leith. D’fhéadfadh sé freisin go leor ama a thógáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar thoradh foghlama. Cé go dtugann roinnt torthaí foghlama le fios go bhféadfadh tacaíocht ó dhuine fásta a bheith ó scoláire chun an toradh a bhaint amach, is é an aidhm i gcónaí tacú leis an scoláire i dtreo a oiread neamhspleáchais agus is féidir.

Toisc go bhfuil gach scoláire ar thuras foghlama aonair, forbraíodh contanam dul chun cinn le seacht gconair dhul chun cinn agus táscairí tuairisciúla ag dul leo (féach lch 20). Cabhraíonn an contanam le múinteoirí, tuismitheoirí/caomhnóirí agus leis an scoláire cuntas a choinneáil agus tuiscint a fháil ar thuras an scoláire agus an áit a bhfuil sé ar an turas sin. Leagtar amach an contanam i seacht gconaire – blaiseadh de, aird a thabhairt air, freagairt dó, tús a chur leis, sealbhú, ag éirí líofa, agus ginearálú – agus tugtar tuairisceoir do gach ceann díobh siúd ina dtugtar breac-chuntas ar an méid a bhaineann leis an gconair sin.

Mar aon leis an bPlean Oideachais don Dalta Aonair de chuid an scoláire, tacaíonn an contanam dul chun cinn le múinteoirí na chéad chéimeanna eile sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú a phleanáil. Cabhróidh an t-ábhar tacaíochta pleanáilte don Tacar Uirlisí CFL1 le pleanáil freisin, agus tabharfar samplaí den chaoi ar fhorbair múinteoirí eile CFL1anna dá scoláirí.

Beidh na torthaí foghlama ó na ATFanna san fhoghlaim sna CFL1anna den chuid is mó. Seachas na ATFanna, comhpháirt churaclaim eile – atá i gcoiteann ag na CFL1anna le gach clár sa tsraith shóisearach – is ea an gearrchúrsa [1]. Baineann gearrchúrsaí le torthaí foghlama na ATFanna agus is féidir leo tacú leo. Is aonaid churaclaim iad a forbraíodh le díriú ar réimse spéise ar leith do scoláirí in aois na sraithe sóisearaí. Beidh na gnéithe seo freisin i ngearrchúrsaí Leibhéal 1 agus tabharfar deis don scoláire iontu rochtain a fháil ar raon chomh leathan réimsí curaclaim agus is féidir. I dtosach, forbróidh CNCM líon beag gearrchúrsaí lena n-úsáid ag scoileanna. Ach, beidh saoirse ag scoileanna freisin a ngearrchúrsaí féin a fhorbairt ag leanúint teimpléid agus treoirlínte a d’fhorbair CNCM. D’fhéadfadh eagraíochtaí eile, in imeacht ama, gearrchúrsaí a fhorbairt. Féadfaidh scoileanna cinneadh a dhéanamh faoi na gearrchúrsaí is oiriúnaí dá scoláirí – d’fhéadfaidís a bheith bunaithe ar ábhair nó d’fhéadfaidís a bheith téamach agus traschuraclaim. Ba cheart go ndíreofaí iontu i gcónaí ar thopaicí atá oiriúnach d’aois an scoláire sa tsraith shóisearach agus ar réimsí spéise na scoláirí lena mbaineann.

Ba cheart an scoláire a éascú chun a chuid foghlama ó chás amháin a chur i bhfeidhm ar chás eile gach uair a bhíonn deis aige. Cinntíonn sé sin go gcomhdhlúthaíonn sé a chuid scileanna. Cé go bhfuil athrá agus athdhéanamh riachtanach do na scoláirí seo, ba cheart go mbeadh foghlaim ag tarlú i dtimpeallachtaí foghlama éagsúla d'fhonn go gcoinneodh an scoláire a spreagadh agus chun breith a dhéanamh ar cibé an bhfuil an scoláire in ann a fhoghlaim a ghinearálú.

Agus pleanáil á déanamh don teagasc, foghlaim agus measúnú don scoláire atá ag tabhairt faoi CFL1, moltar próiseas atá cosúil leis an bpleanáil do CFL2anna. Seo a leanas na príomhghnéithe sa phróiseas pleanála sin:

  • Tá riachtanais an scoláire i gcroílár an phróisis, agus a réimsí spéiseanna agus an Plean Oideachais don Dalta Aonair de chuid an scoláire mar aon le tuairiscí ó thuismitheoirí/chaomhnóirí agus gairmithe eile a oibríonn leis an dalta mar bhonn agus taca aige.
  • Treoirlínte CFL1 a chur i bhfeidhm ar riachtanais an scoláire.
  • ATFanna agus a dtorthaí foghlama ábhartha a úsáid atá oiriúnach don scoláire sin.
  • Gearrchúrsaí agus ábhar curaclaim eile a úsáid chun foghlaim a éascú agus curaclam leathan a chur ar fáil.
  • Cuir chuige teagaisc a shainaithint i leith réimsí ar nós forbairt cumarsáide, teanga agus forbartha don scoláire.
  • An plean chun fianaise a bhailiú den obair ar thug an scoláire fúithi agus an fhoghlaim a bhain sé amach.

Féach Fíor 1 thíos i gcomhair léiriú amhairc ar an bpróiseas seo.

 


[1] Féach an Creat don tSraith Shóisearach (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2015) i gcomhair tuilleadh sonraí ar ghearrchúrsaí.

Tá an chumarsáid mar thaca agus mar bhonn faoi gach foghlaim agus tá sí ríthábhachtach le bheith in ann an fhoghlaim a aistriú. Tá cumarsáid agus teanga mar bhunús le gach ATF eile. San aonad seo, cuimsítear bealaí briathartha agus neamhbhriathartha araon san fhoghlaim chun eolas a fháil agus a thabhairt. Teastaíonn idirghníomhú sóisialta idir an scoláire agus páirtí cumarsáide i gcomhair forbairt teanga. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt scoláirí sa chohórt seo a chur ar an airdeall go gcónaíonn siad i ndomhan taobh amuigh dá gcolainn féin. Is féidir cumarsáid do na scoláirí seo a chumasú agus a chur chun cinn le cabhair ar nó cumarsáid bhreisitheach agus mhalartach, m.sh. leideanna amhairc agus míre, leideanna ó bhéal, gotha gnúise, geáitsíocht, teanga chomharthaíochta (ar nós Theanga Chomharthaíochta na hÉireann), gairis leictreonacha, Braille (nó Moon [1]) agus i bhfoirm scríofa. Trí scileanna cumarsáide a fhorbairt, breisíonn an scoláire a idirghníomhaíochtaí sóisialta agus feabhsaíonn sé a fhéinmheas.

Ba cheart an scoláire atá ag tabhairt faoi CFL1 a nochtadh d’eispéireas leathan litearthachta. Áirítear sa sainmhíniú seo ar litearthacht litearthachtaí ilmhódacha a chuimsíonn litearthachtaí labhartha, priontáilte, amhairc agus digiteacha.


[1]Córas léitheoireachta is ea Moon de shiombailí cabhartha do dhaoine dalla. Deirtear go bhfuil sé níos éasca le tuiscint ná Braille.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1. Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt
  1. 1.1

    Feasacht a léiriú ar spreagthaigh chéadfacha sa timpeallacht foghlama

  2. 1.2

    Pátrúin d’aird a thabhairt go seasta ar spreagthaigh/daoine/gníomhaíochtaí sa gharthimpeallacht a bhunú

  3. 1.3

    Dul i ngleic le gníomhaíocht a dteastaíonn comhaird le duine amháin nó níos mó lena haghaidh

  4. 1.4

    Sealaíocht a thaispeáint le comhpháirtí cumarsáideach

  5. 1.5

    Feasacht a léiriú ar thuin, comharthaíocht choirp, gothaí, luas, guthaíochtaí agus airde, agus/nó iad a úsáid, chun dul i bhfeidhm ar an gcumarsáid

  6. 1.6

    Tús a chur le cumarsáid le duine fásta agus piaraí a bhfuil aithne aige orthu

  7. 1.7

    Dul i ngleic le malartú suntasach le comhpháirtí cumarsáideach, agus taitneamh a bhaint as 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2. Tuiscint
  1. 1.8

    Rudaí tagartha pearsanta agus/nó caighdeánaithe a aithint

  2. 1.9

    Freagairt do leideanna briathartha agus neamhbhriathartha a bhaineann le gnáthaimh chumarsáideacha a bhfuil taithí aige orthu

  3. 1.10

    Aird a thabhairt ar stór focal méadaithe i dtéacs agus freagairt dó


    Síos trí na treoirlínte CFL1, cuimsíonn 'téacs' gach toradh ar úsáid teanga: caint, geáitsíocht, comharthaí, scríobh, amharc, leictreonach agus digiteach.

  4. 1.11

    Freagra a thabhairt go seasta ar cheisteanna fíriciúla a bhfuil taithí aige orthu

  5. 1.12

    A léiriú go bhféadfadh sé a bheith ag súil leis na chéad chéimeanna eile i ngníomhaíocht a bhfuil taithí aige uirthi nuair a chuirtear spreagthach ina láthair

  6. 1.13

    An deireadh a bheidh ar scéal nó imeacht a bhfuil nó nach bhfuil taithí aige air a thuar, agus é ag roghnú as deirí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3. Fiosrú agus úsáid
  1. 1.14

    A chur in iúl go soiléir céard iad na rudaí agus/nó gníomhaíochtaí is fearr leis agus diúltú do nithe nach fearr leis

  2. 1.15

    Maidir le rudaí nó imeachtaí, athdhéanamh agus/nó níos mó agus/nó athrú a iarraidh

  3. 1.16

    Iarratas a dhéanamh agus/nó riachtanas a chur in iúl, go briathartha nó go neamhbhriathartha

  4. 1.17

    Páirt a ghlacadh i scéal, gníomhaíocht nó imeacht a bhfuil taithí aige air, nó atá pearsanta, a roinnt

  5. 1.18

    Cumarsáid a dhéanamh chun mothúcháin a chur in iúl go briathartha nó go neamhbhriathartha

  6. 1.19

    Ábhar spéise agus tuairimí a chur in iúl le réimse modhanna cumarsáide briathartha nó neamhbhriathartha

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4. Léitheoireacht
  1. 1.20

    Comharthaí a léiriú go bhfuil sé ag dul i ngleic le scéalta, téacsanna, filíocht, ábhar léitheoireachta greannmhar nó is ansa leis agus ag baint taitneamh astu

  2. 1.21

    Leabhair a roghnú agus a láimhseáil agus é ag taispeáint go bhfuil taithí aige ar bheith ag láimhseáil leabhar

  3. 1.22

    A léiriú go n-aithníonn agus go dtuigeann sé siombailí, comharthaí, lógónna, focail a bhfuil taithí aige orthu, litreacha nó amharcléiriú ar rudaí

  4. 1.23

    Brí a lorg ó mheascáin de chomharthaí, de shiombailí nó de théacs chun taitneamh a bhaint astu nó chun críocha praiticiúla

  5. 1.24

    Leabhar, irisleabhar nó téacs eile a léamh le tuiscint

  6. 1.25

    Cuimhneamh siar ar scéal a léigh sé nó ar eispéireas pearsanta agus é ag úsáid rudaí, marcanna, gothaí nó guthaíochtaí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5. Cur in iúl scríofa
  1. 1.26

    Taitneamh a léiriú as bheith ag cruthú marcanna agus/nó téacsanna, agus gothaí, fuaimeanna nó focail a úsáid chun aird a tharraingt orthu sin agus é le feiceáil go dtuigeann sé go bhfuil brí le téacsanna

  2. 1.27

    Dul i ngleic leis an gcaoi a ndéantar cleachtaí marc-chruthaithe chun foirm téacs a chruthú de réir cumais agus é ag úsáid mótarscileanna nó scileanna súilfhéachana de réir mar is cuí

  3. 1.28

    Uirlisí agus dromchlaí éagsúla a fhiosrú chun téacsanna a chruthú

     


    Áirítear ar na huirlisí (ach d’fhéadfadh uirlisí eile a bheith ann freisin) rud ar bith atá in ann marcanna a chruthú, m.sh., lámha/cosa, gléas leictreonach, cathaoir rothaí, crián/peann luaidhe/péint, cúr, srl.

    Áirítear ar na dromchlaí (ach d’fhéadfadh dromchlaí eile a bheith ann freisin) aon dromchla is féidir a úsáid chun marcanna a chruthú, m.sh., páipéar, gléas digiteach, urlár, balla, deasc, srl.

  4. 1.29

    Marcanna, comharthaí, siombailí nó téacsanna a chur san ord ceart agus/nó leis an treoshuíomh ceart chun brí a chur in iúl

  5. 1.30

    Comharthaí, siombailí nó téacs a úsáid chun a chuid eispéireas, smaointe, tuairimí, roghanna a roinnt lena phiaraí le muinín atá ag fás

Tugtar deiseanna i ngníomhaíochtaí laethúla don fhionnachtain mhatamaiticiúil – ó sceanra a mheaitseáil go deochanna a dhoirteadh agus ó éadaí a chomhordú go comhábhair a ullmhú don chócaireacht. Mar aon le gach cineál foghlama, caithfidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an ATF seo a bheith éagsúil chun go leor bealaí a cheadú chun coincheapa a léiriú, tuiscint a chur in iúl agus dul i ngleic le rudaí. Dá phraiticiúil agus dá mhéad a bhaineann an comhthéacs le gníomhartha nó tascanna laethúla, is ea is mó a chumasaíonn siad an scoláire. Is féidir foghlaim an scoláire a fhorbairt a thuilleadh le deiseanna chun teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa seomra ranga.

Tá uimhearthacht bunúsach don saol laethúil. Is féidir na scileanna a shealbhaítear trí ATF Uimhearthachta aistriú ar fud na scoile, a bhaile agus shaol an phobail. Ba cheart an scoláire atá ag tabhairt faoi CFL1 a nochtadh d’eispéireas leathan uimhearthachta. Roinntear an t-aonad ina shé ghné: feasacht ar an timpeallacht; pátrún agus seicheamh; tuiscint ar uimhreas a fhorbairt; cruth agus spás; tomhais agus sonraí; agus am.

Úsáideann an scoláire a chéadfaí chun iniúchadh, fionnachtain agus fiosrú a dhéanamh ar mhíreanna agus daoine trí choincheapa an chrutha, an tomhais, an ama, an phátrúin agus an tseichimh. Caithfidh an scoláire eispéireas a fháil ar thimpeallacht ina bhfuil go leor matamaitice. Gné lárnach den fhoghlaim sa réimse seo is ea tacú leis an scoláire a bheith rannpháirteach i gcásanna fíorshaoil ina bhfuil úsáid na matamaitice ábhartha.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Feasacht ar an timpeallacht
  1. 2.1

    Raon rudaí/spreagthach a fhionnachtain agus a fhiosrú

  2. 2.2

    Míreanna/spreagthacha ag gluaiseacht a fhiosrú

  3. 2.3

    Míreanna/spreagthacha a shainaithint agus/nó sainroghanna a léiriú dóibh

  4. 2.4

    Míreanna cosúla a mheaitseáil a bhfuil cur amach ag an scoláire orthu

  5. 2.5

    Míreanna/spreagthacha atá mar a chéile agus/nó difriúil ar bhealach amháin nó níos mó a aithint

  6. 2.6

    A bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cúise agus éifeachta


    Tagraíonn cúis agus éifeacht don tuiscint atá ann go bhfuil caidreamh idir imeachtaí nó rudaí, i gcás go bhfuil ceann ann mar thoradh ar an gceann eile (m.sh. solas a chasadh air nuair a shiúlann tú isteach i seomra dorcha).

  7. 2.7

    Coincheap buaine ruda a fhiosrú


    Buaine ruda is ea an tuiscint go mbíonn rudaí fós ann fiú murar féidir iad a bhreathnú (a fheiceáil, a chloisteáil, lámh a leagan orthu, a bholadh nó a bhrath ar aon bhealach).

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Patrún agus seicheamh
  1. 2.8

    Pátrún a fhiosrú trí réimse eispéiris chéadfacha

  2. 2.9

    Pátrúin i dtimpeallacht an scoláire a bhreathnú

  3. 2.10

    Dul i ngleic le teanga, rudaí, siombailí, comharthaí agus spreagthacha a bhaineann le hord agus seicheamh atá mar chuid de ghnáthamh laethúil an scoláire

  4. 2.11

    Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí inarb é an aidhm pátrúin a athdhéanamh

  5. 2.12

    Gníomhaíochtaí nó gnáthaimh a bhfuil cur amach aige orthu ina bhfuil pátrúin agus seichimh intuartha a aithint agus/nó a thuar

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Tuiscint ar uimhreas a fhorbairt
  1. 2.13

    Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairimh

  2. 2.14

    Uimhreacha a bhfuil cur amach aige orthu a fhiosrú agus a úsáid

  3. 2.15

       An caidreamh idir tacair agus uimhreacha a fhiosrú

  4. 2.16

    Turgnamh a dhéanamh le difríochtaí i gcainníocht agus an teanga a bhaineann leis


    Tá na gníomhaíochtaí seo mar bhuntaca le suimiú, dealú, iolrú agus roinnt.

  5. 2.17

    Coincheapa suimithe agus dealaithe a fhiosrú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Cruth agus spás
  1. 2.18

    Turgnamh a dhéanamh le baill an choirp a bhogadh sa timpeallacht láithreach

  2. 2.19

    Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ina n-úsáidtear teanga na gluaiseachta agus an tsuímh

  3. 2.20

    Gnéithe agus airíonna cruthanna rialta agus neamhrialta 2T agus 3T a fhiosrú trí eispéiris chéadfacha éagsúla

  4. 2.21

    Cruthanna sa timpeallacht láithreach agus áitiúil a aithint agus/nó a shainaithint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Tomhais agus sonraí
  1. 2.22

    Rudaí agus teanga i ndáil le tomhas a iniúchadh

  2. 2.23

    Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí laethúla a bhaineann le tomhas i dtimpeallacht an scoláire

  3. 2.24

    Páirt a ghlacadh in eispéireas i ngníomhaíocht siopadóireachta ina n-úsáidtear airgead ceart go feidhmiúil

  4. 2.25

    Páirt a ghlacadh in uimhir agus/nó sonraí ag bhfuil cur amach aige acu ar a thaifeadadh agus a thaispeáint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Am
  1. 2.26

    Dul i ngleic le teanga agus/nó míreanna, siombailí, comharthaí, spreagthacha nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hamanna an lae agus/nó laethanta na seachtaine

  2. 2.27

    Teanga, rudaí agus spreagthacha a bhaineann le himeachtaí suntasacha pearsanta agus cultúrtha i saol an scoláire a fhiosrú

  3. 2.28

    Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí/ngníomhartha a úsáidtear chun aistriú ó imeacht amháin go ceann eile chun imeacht ama, fanacht nó glacadh sealanna a thaispeáint

  4. 2.29

    Gairis ar nós uaineadóirí, amchláir amhairc, míreanna tagartha nó clog a úsáid go feidhmeach

Ag tabhairt faoin ATF seo, bíonn an scoláire ar an eolas faoina cholainn, forbraíonn sé tuiscint ar ghnáthfheidhmeanna colainne agus glacann sé a oiread ceannais agus is féidir ar a chúram agus a fholláine phearsanta féin. Rud is ea cúram a dhéantar leis an scoláire, nó orthu, dá bhrí sin is deis foghlama, rannpháirtíochta, agus ar deireadh, nuair is féidir, deis neamhspleáchais don scoláire atá i ngach gnáthamh cúraim. Foghlaimíonn sé go bhfuil luach air mar gheall ar cé hé féin. Tugtar deis chumhachtaithe dó (roghanna a dhéanamh), féinmheas méadaithe agus a oiread neamhspleáchais agus is féidir. Breisítear folláine mhothúchánach agus fhisiciúil freisin trí fhoghlaim faoi bhia agus cothú mar aon leis an gcaoi le mothúcháin a chur in iúl agus fanacht sábháilte i raon comhthéacsanna. Ba cheart don scoláire a scileanna agus a bhuanna féin a shainaithint agus luach a bheith orthu agus foghlaim chun iad a cheiliúradh.

Oibreoidh scoláire ar thorthaí foghlama bunaithe ar a láidreachtaí agus a riachtanais de réir mar a thugtar le fios ina Phlean Oideachais don Dalta Aonair. Féadfaidh scoláire toradh foghlama a bhaint amach ag ceann ar bith de na seacht gconair dhul chun cinn. Is féidir ábhar curaclaim ó aon réimse curaclaim a úsáid chun na torthaí foghlama a bhaint amach.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Féinfheasacht
  1. 3.1

    Feasacht a léiriú ar a gcolainn féin

  2. 3.2

    Feasacht a léiriú air féin sa timpeallacht láithreach agus/nó níos leithne

  3. 3.3

    Aithint go bhfuil a ghnéithe féin uathúil dó féin   

  4. 3.4

    Feasacht a léiriú ar a chumais agus scileanna féin ar nós scileanna féinchúnaimh nó cineáltas do dhaoine eile

  5. 3.5

    Buanseasmhacht agus an spreagadh chun cumais agus scileanna pearsanta a fhorbairt agus a fheabhsú a thaispeáint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Cúram pearsanta agus sláinteachas
  1. 3.6

    Comhoibriú le daoine fásta a chuireann tacaíocht laethúil ar fáil

  2. 3.7

    Páirt a ghlacadh i ngnáthaimh chúraim phearsanta

  3. 3.8

    Indicate personal care needs or ask for help verbally or non-verbally

  4. 3.9

    Roghanna a dhéanamh maidir le cúram pearsanta

  5. 3.10

     Tascanna cúraim phearsanta a dhéanamh go neamhspleách 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Bia agus cothú
  1. 3.11

    Na céadfaí a úsáid chun cineálacha difriúla bia a fhiosrú

  2. 3.12

    Sainroghanna bia a léiriú

  3. 3.13

    Ocras, tart agus teachtaireachtaí cosúil le ‘tuilleadh le do thoil’ nó ‘ní bheidh tuilleadh agam’ a chur in iúl agus tacaíocht á fáil acu ithe agus ól

  4. 3.14

    Uirlisí itheacháin agus óil a úsáid 

  5. 3.15

    Páirt a ghlacadh in ullmhú bia

  6. 3.16

    Nósanna imeachta sláinteachais bunúsacha i gcás bia a léiriú

  7. 3.17

    Rialacha sábháilteachta a leanúint nuair atá trealamh cistine á úsáid

  8. 3.18

    Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh 

  9. 3.19

    Bia sláintiúil pearsantaithe a phleanáil, a cheannach agus a ullmhú (le tacaíocht más gá)

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Folláine mhothúchánach
  1. 3.20

    Roinnt mothúchán a chur in iúl go comhsheasmhach (le rún nó dá uireasa) ionas gur féidir le duine fásta a bhfuil aithne aige orthu freagairt go cuí

  2. 3.21

    Spéis a léiriú sna mothúcháin a chuireann daoine eile in iúl agus freagairt go cuí

  3. 3.22

    Use coping strategies to self-regulate  

  4. 3.23

    Show interest and enjoyment in being with particular peers or familiar adults especially while engaging in hobbies and extra-curricular activities

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Folláine fhisiciúil
  1. 3.24

    An cholainn a úsáid chun tionchar a imirt ar rudaí sa timpeallacht 

  2. 3.25

    Bogadh chun rialú oll-luaileach na colainne a fheabhsú

  3. 3.26

    Rialú mínluaile a chleachtadh don fhéinchuidiú 

  4. 3.27

    Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí chun nós maireachtála sláintiúil a fhorbairt

  5. 3.28

    Gníomhaíochtaí coirp sainroghnacha a shainaithint 

  6. 3.29

    Léiriú go bhfuil taitneamh á bhaint as comhoibriú le piaraí i gcluichí foirne agus i ngníomhaíochtaí grúpa

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Sábháilteacht phearsanta
  1. 3.30

    Glacadh le haird chuí ó dhaoine eile

  2. 3.31

    Idirdhealú a dhéanamh idir daoine a bhfuil agus nach bhfuil aithne aige orthu

  3. 3.32

    Cur i gcoinne aird mhíchuí agus/nó feasacht a léiriú ar dhuine/dhaoine eile ar féidir leo cabhrú leis má bhíonn sé i gcás míchompordach

  4. 3.33

     Rialacha sóisialta comhaontaithe a leanúint

  5. 3.34

    Feasacht a léiriú ar rioscaí i dtimpeallachtaí ar a bhfuil cur amach aige

  6. 3.35

    Áiteanna poiblí agus príobháideacha agus an  chaoi a bhfuil siad difriúil a shainaithint

  7. 3.36

    Baill an choirp a shainaithint nó a ainmniú leis an teanga anatamaíoch cheart

  8. 3.37

    Gnásanna sóisialta príobháideachais a leanúint

  9. 3.38

    Feasacht a léiriú ar theagmháil fhisiciúil chuí agus neamhchuí le daoine eile 

Cuirtear ar chumas an scoláire san aonad seo caidrimh dhearfacha a chothú le daoine eile ina phobal, bíodh a theaghlach, a scoil nó an pobal níos leithne ina gcónaíonn sé i gceist. Éilítear bealach teagaisc bunaithe ar phróiseas do chroí-ghnéithe an tsóisialaithe. Sa chomhthéacs sin, tugann an ATF seo deiseanna don scoláire chun am curaclaim a chaitheamh ag foghlaim taobh amuigh den scoil agus chun dul chun cinn a dhéanamh ar an obair ar phróisis na cumarsáide a fhorbraíonn sé san ATF ‘Cumarsáid, teanga agus litearthacht’. Bíonn deiseanna aige cur lena phobal agus a bheith páirteach ann, na háiseanna ann a úsáid go sábháilte agus go cuí, agus aire a thabhairt dó.

Tógann príomhghné den fhoghlaim sa réimse seo an scoláire isteach ina phobal. Tá sé ríthábhachtach anseo tacú leis an scoláire a fhaigheann athrú agus aistriú deacair. Má fhorbraítear scripteanna sóisialta [1] don scoláire roimh ré, mar aon le grianghraif agus/nó taifeadtaí fuaime nó físeáin laghdaítear imní agus cuireann sé ar a shuaimhneas é trí aithne níos fearr a chur ar an ní anaithnid. Bíonn an t-idirghníomhú sóisialta an-dúshlánach do roinnt scoláirí mar sin má bhíonn deacrachtaí le hobair chomhoibritheach nó sóisialú le daoine eile, ba cheart ligean dóibh obair a dhéanamh as lámha a bpiaraí nó lena dtaobh agus gan brú a chur orthu a bheith páirteach.


[1] Déantar cur síos sna scripteanna sóisialta ar an timpeallacht fhisiciúil a dtabharfaidh an scoláire cuairt uirthi, agus áireofar ann sonraí den mhéid a tharlóidh ar an turas. Scríobhtar sa chéad phearsa go minic iad, m.sh. Nuair a théimid in airde na gcéimeanna chuig an doras beidh mé in ann mo mhála a fhágáil i seomra, áit a mbeidh sé sábháilte go dtí go dtagaim ar ais.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Caidreamh le daoine eile
  1. 4.1

    Sástacht a chur in iúl i gcuideachta daoine eile 

  2. 4.2

    Beannú do dhaoine nach bhfuil aithne aige orthu

  3. 4.3

    Taitneamh a thaispeáint ó idirghníomhú le duine nó daoine eile, agus mian a léiriú go leanfadh sé ar aghaidh 

  4. 4.4

    Freagairt go comhsheasmhach do dhaoine nach bhfuil    aithne aige orthu 

  5. 4.5

    An compánach/na compánaigh is fearr leis a thabhairt le fios/a roghnú do ghníomhaíochtaí difriúla

  6. 4.6

    An cumas daoine a nascadh lena róil a chur in iúl

  7. 4.7

    Dul i ngleic le gníomhaíochtaí tacaithe ar scileanna laethúla

  8. 4.8

    A bheith mar bhall de ghrúpa amháin nó níos mó ar scoil nó taobh amuigh di, a bheith páirteach go gníomhach nuair is féidir

  9. 4.9

    Communicate ideas of what it means to be ‘a friend’

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Áiseanna áitiúla a úsáid
  1. 4.10

    Páirt a ghlacadh in úsáid limistéir/seomraí difriúla ina thimpeallacht láithreach go cuí

  2. 4.11

    Cuairt a thabhairt ar áiseanna agus páirt a ghlacadh in áiseanna a úsáid ina thimpeallacht

  3. 4.12

    Eolas a léiriú ar áiteanna a stóráiltear/ina bhfuil rudaí a bhfuil cur amach aige orthu ina thimpeallacht

  4. 4.13

    Roghanna a dhéanamh agus áiseanna á n-úsáid

  5. 4.14

    Meas a léiriú ar rudaí ar le daoine eile iad agus iad a úsáid go cuí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Aistriú idir timpeallachtaí
  1. 4.15

    Aitheantas a léiriú ar bheith in áiteanna a bhfuil eolas aige orthu

  2. 4.16

    Freagairt go fiosrach d’áiteanna nach bhfuil aithne aige   orthu 

  3. 4.17

    Comhoibriú sa réiteach don aistriú agus san aistriú chuig áit nua

  4. 4.18

    Dul i ngleic go gníomhach leis an aistriú chuig áit nua

  5. 4.19

    Freagairt do leideanna (amhairc, ó bhéal, gotha, fuaim) chun áiteanna a bhfuil cur amach aige orthu a aimsiú

  6. 4.20

    Mian a léiriú/a iarraidh go bhfágfaí grúpa nó go rachfaí chuig áit eile

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4  A bheith slán sa phobal
  1. 4.21

    Aird a fháil ó dhuine fásta má mhothaíonn sé i ndainséar nó míchompordach

  2. 4.22

    ‘Níl’ a chur in iúl

  3. 4.23

    Bogadh chuig/fanacht in aice le cúramóir/caomhnóir agus é in áiteanna nach bhfuil cur amach aige orthu

  4. 4.24

    Rialacha sábháilteachta i dtimpeallachtaí difriúla a leanúint 

  5. 4.25

    Áiteanna agus daoine sa phobal ar féidir leo cabhrú linn a aithint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Cur leis an bpobal
  1. 4.26

    Freagairt don atreisiú dearfach ó dhaoine eile

  2. 4.27

    É féin a iompar go cuí i ngnáthamh a bhfuil cur amach aige orthu nó ag imeachtaí speisialta agus nuair is féidir an ról a bhfuiltear ag súil leis a imirt ann

  3. 4.28

    Feasacht a léiriú go bhfuil iarmhairtí le gníomhaíochtaí

  4. 4.29

    Páirt a ghlacadh i gcúram na timpeallachta láithrí agus    áitiúla

  5. 4.30

    Dul i ngleic le tasc nó post sa phobal

Clúdaítear trí réimse san aonad seo: an amharc-ealaín, ceol agus drámaíocht. Nochtar an scoláire do raon saibhir agus éagsúil eispéireas ag baint leas as a gcéadfaí ar fad. Bíonn sé páirteach go cruthaitheach san fhoghlaim agus bíonn deiseanna aige a mhothúcháin, a fhreagairtí agus a shamhlaíocht a chur in iúl mar dhuine aonair agus mar bhall de ghrúpa. Mar gheall ar ghnéithe láidre amhairc, éisteachta agus tadhaill na dtrí ghné, áirítear na scoláirí a bhfuil laguithe amhairc agus éisteachta aige go hiomlán agus go rathúil san fhoghlaim. Is féidir leis na healaíona tacú le gach scoláire chun ciall a bhaint as an domhan timpeall air.

Foghlaimíonn sé faoina oidhreacht chultúrtha agus traidisiún féin agus faoi oidhreacht agus traidisiúin daoine eile. Nochtar an scoláire do shaothar ealaíontóirí, ceoltóirí agus do dhomhan na hamharclannaíochta agus an taibhithe. Trí imeachtaí comhaimseartha agus stairiúla a athinsint a mbíonn cur amach aige orthu, éiríonn an scoláire níos sláine agus níos suaimhní ina thimpeallacht.

Sna trí ghné, leagfar béim ar eispéiris, fiosrú agus cruthú. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an próiseas agus an turas cruthaithe chomh tábhachtach leis an táirge/taibhiú.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Amharc-ealaín
  1. 5.1

    Réimse uirlisí marc-chruthaithe, meán agus ábhar, dromchlaí agus teicnící a fhiosrú agus taithí a fháil orthu, lena n-áirítear baill den chorp a úsáid

  2. 5.2

    Spéis a léiriú i solas daite, dath sa timpeallacht agus in ábhair ealaíne

  3. 5.3

    Féachaint ar rudaí nádúrtha agus táirgthe le huigeachtaí, cruthanna agus pátrúin difriúla agus iad a láimhseáil

  4. 5.4

    Ábhair 3T (nua agus athchúrsáilte) a bhailiú, a fhiosrú agus a úsáid

  5. 5.5

    Páirt a ghlacadh i saothar ealaíne a chruthú bunaithe ar fhíor-spreagthacha nó spreagthacha samhalta

  6. 5.6

    Amharc-ealaín a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh, lena n-áirítear mothúcháin a chur in iúl ar bhealach cruthaitheach

  7. 5.7

    Oibriú go neamhspleách agus/nó go comhoibritheach chun píosa ealaíne a tháirgeadh

  8. 5.8

    Breathnú ar a shaothar féin agus ar shaothar daoine eile, léirthuiscint a fháil dó agus/nó freagairt dó, lena     n-áirítear saothar ealaíontóirí cáiliúla áitiúla nó domhanda

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Ceol
  1. 5.9

    Foinse agus treo fuaime a shainaithint

  2. 5.10

    Éisteacht agus freagairt do raon leathan fuaimeanna agus ceoil (timpeallacht, cnagcheol colainne, guth, uirlisí, digiteach, teicneolaíocht, ó réimse traidisiún agus cultúr)

  3. 5.11

    Freagairt do ghnéithe an cheoil (tuinairde, buille, fad, dinimic, struchtúr, tondath, uigeacht, stíl, tempo)

  4. 5.12

    Turgnamh a dhéanamh le fuaimeanna ó bhéal a dhéanamh

  5. 5.13

    Baill den chorp a úsáid chun fuaimeanna a dhéanamh trí bhogadh ar/trí thimpeallacht fhrithghníomhach


    Téann ceol frithghníomhach in oiriúint don éisteoir agus dá thimpeallacht trí bhraiteoirí ionsuite a úsáid, m.sh. ceamara, micreafón, scáileán tadhaill. Ar an gcaoi sin, bíonn éisteoirí mar chuid den phróiseas cruthaitheach.

  6. 5.14

    Réimse trealamh chun fuaim a dhéanamh a fhiosrú agus a úsáid

  7. 5.15

    Páirt a ghlacadh i bhfuaimeanna oiriúnacha do scéalta, imeachtaí agus ceiliúradh a roghnú agus/nó a dhéanamh

  8. 5.16

    Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí déanta ceoil

  9. 5.17

    Píosaí gearra ceoil a chruthú leis na teicneolaíochtaí digiteacha cuí

  10. 5.18

    Fuaimeanna a nascadh le léirithe pictiúrtha 

  11. 5.19

    Fonn éasca a sheinm ar uirlis a roghnaíonn sé

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Drámaíocht
  1. 5.20

    Feasacht a léiriú ar bheith mar chuid de lucht féachana

  2. 5.21

    Prapaí, feisteas, gníomhartha agus spreagthacha céadfacha a fhiosrú agus freagairt dóibh i gcomhthéacs drámatúil

  3. 5.22

    Páirt a ghlacadh in insint/athinsint imeachtaí nó scéalta comhaimseartha/stairiúla/cultúrtha trí chluichí idirghníomhacha agus/nó gníomhaíochtaí drámatúla

  4. 5.23

    Feasacht a léiriú ar bheith mar chuid de ghrúpa aisteoireachta 

  5. 5.24

    Comhoibriú nó oibriú in aice/i gcomhar le daoine eile chun prapaí, feisteas agus seiteanna a dhéanamh, a roghnú agus a úsáid

  6. 5.25

    Oibriú go neamhspleách nó go comhoibritheach chun píosa drámaíochta cleachta a chur ar siúl do lucht féachana 

  7. 5.26

    Mothúcháin a chur in iúl agus/nó a shainaithint i gcomhthéacs drámatúil

Feabhsaíonn aclaíocht fhisiciúil agus gluaiseacht díriú, giúmar, codladh agus pátrúin itheacháin. Gnéithe tábhachtacha den Chorpoideachas is ea oibriú mar dhuine aonair, scileanna pearsanta a fhorbairt agus oibriú mar bhall d’fhoireann.

Tá na ceisteanna céanna i gceist agus gníomhaíochtaí foghlama Corpoideachais an scoláire á bpleanáil ag múinteoir. Caithfear saincheisteanna ar nós sábháilteachta, mar aon le riachtanais leighis agus fhisiciúla an scoláire a chur san áireamh freisin. B’fhéidir go gcaithfí moltaí a lorg ó fhoireann ildisciplíneach chun trealamh agus gluaiseacht a roghnú atá oiriúnach do riachtanais an scoláire.

Ag tús gach seisiúin Corpoideachais, is féidir le tréimhsí réamhaclaíochta agus fuaraithe, atá tábhachtach do dhuine ar bith atá ag tabhairt faoi aclaíocht fhisiciúil, a bheith an-tairbheach chun na céadfaí a dhúiseacht sula dtosaíonn an ceacht agus chun an scoláire a chur ar a shuaimhneas, go fisiciúil agus go meabhrach, sula bhfilleann sé ar an seomra ranga nó sula mbogann sé ar aghaidh chuig gníomhaíochtaí foghlama eile Mar aon leis na moltaí ón bhfoireann ildisciplíneach a luadh thuas, chabhródh comhairle ón méid a theastaíonn do scoláirí áirithe ar gá dóibh a ngéaga a bhogadh dóibh. Tá sé tábhachtach freisin a thabhairt faoi deara gurb é túsphointe roinnt scoláirí cur suas le fuaimeanna/bolaithe/teocht na dtimpeallachtaí corpoideachais.

Tá sé tábhachtach go gcuirtear chun cinn dearcadh dearfach i leith stíl mhaireachtála shláintiúil. Tá machnamh ar an méid ama a chaitheann scoláire ar ghníomhaíocht choirp, mar aon lena nósanna cothaithe mar bhuntaca le cláir a thugann na tairbhí is mó. Tá gníomhaíocht choirp a bhaineann le sláinte lena n-áirítear aclaíocht chardashoithíoch nuair is féidir ríthábhachtach chun leibhéil aclaíochta a fhorbairt, áit nach gcuireann sé bunriochtaí sláinte i mbaol. Teastaíonn spreagadh ó roinnt scoláirí le páirt a ghlacadh in aclaíocht fhisiciúil. Tá sé tábhachtach go mbeadh an luach saothair a thugtar ionann agus leordhóthanach don mhéid iarrachta a iarrtar ar an scoláire.

Tá sé tábhachtach scileanna oll-luaileacha (an cumas le matáin mhóra an choirp a rialú i gcomhair suí, lámhacán, siúil, reatha agus gníomhaíochtaí eile) agus scileanna mínluaile (gníomhartha níos lú cosúil le breith ar liathróid, breith ar bhata, mála pónairí a phiocadh suas) a fhorbairt mar go bhfuil siad mar bhuntaca le foghlaim ní hamháin in ATF an Chorpoideachais ach in ATFanna eile Leibhéal 1. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon trealamh ar leith ag teastáil chun scileanna oll-luaileacha a fhorbairt.

Is iad na scileanna bunghluaiseachta na pátrúin ghluaiseachta bhunúsacha lena mbaineann na baill choirp éagsúla. Is féidir iad a scagadh ina dtrí chatagóir – scileanna luaile (rith, preabadh, snámh); scileanna cothromaíochta (an cholainn a choinneáil in áit amháin ach ag cothromaíocht ar bhealaí difriúla); agus scileanna míre (ciceáil, caitheamh, brú). Forbraítear scileanna bunghluaiseachta agus an scoláire ag glacadh páirt in ATF an Chorpoideachais.

Ba cheart deiseanna a thabhairt do scoláire atá ag obair ar CFL1anna eispéireas a fháil ar an spraoi, taitneamh agus gnéithe sóisialta a bhaineann le haclaíocht choirp. Sa réimse seo, is torthaí inmhianaithe iad a bhraistint de bheith mar chuid d’fhoireann agus a rannpháirtíocht ar fhoireann.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Scileanna gluaiseachta (lúthchleasaíocht/gleacaíocht)
  1. 6.1

    Baill iomlána nó roinnt ball den chorp a bhogadh (lámha, ceann, leanúint le súile, srl.) go toilteanach

  2. 6.2

    Baill iomlána nó roinnt ball den chorp a bhogadh chun an timpeallacht láithreach a fhiosrú

  3. 6.3

    Bogadh go cuspóireach/le rún

  4. 6.4

    Gluaiseachtaí comhsheasmhacha a fhorbairt chun tionchar a imirt ar threalamh nó mar fhreagra do spreagthach

  5. 6.5

    Scileanna oll-luaileacha a bheachtú, le tacaíocht ó threalamh nuair is cuí

  6. 6.6

    Scileanna mínluaile a bheachtú, le tacaíocht ó threalamh nuair is cuí

  7. 6.7

    An cholainn ar fad nó géaga aonair a bhogadh i raon treonna agus ag luasanna difriúla


    I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí luas cathaoir rothaí a rialú a áireamh anseo.

  8. 6.8

    A bheith feasach ar chomharthaí céadfacha mar leideanna don ghluaiseacht

  9. 6.9

    Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a chuireann aclaíocht chardashoithíoch agus corpacmhainn chun cinn

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Gníomhaíocht chomhoibritheach (cluichí)
  1. 6.10

    A bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí coirp le daoine eile

  2. 6.11

    Dul i ngleic le gníomhaíocht a dteastaíonn comhaird le duine amháin nó níos mó lena haghaidh

  3. 6.12

    Trealamh agus/nó gnéithe de chluichí traidisiúnta nó spóirt agus cumtha i ngníomhaíochtaí ciorcaid a fhiosrú

  4. 6.13

    Páirt a ghlacadh i gcluichí le duine amháin nó níos mó

  5. 6.14

    Feasacht nó suim a léiriú i bheith mar chuid d’fhoireann

  6. 6.15

    Tacú le spórt agus/nó spórt a imirt don spraoi mar bhall den phobal (na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, ionadaíocht a dhéanamh don rang/scoil srl.)

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Gluaiseacht chruthaitheach (damhsa)
  1. 6.16

    Breathnú ar ghluaiseachtaí duine eile agus iarracht a dhéanamh iad a chóipeáil nó aithris a dhéanamh orthu ag féachaint air féin sa scáthán


    Céim forbartha níos deireanaí is é an cumas chun é sin a bhaint amach gan féachaint air féin sa scáthán.

  2. 6.17

    An corp ar fad nó baill de a bhogadh go cruthaitheach mar fhreagairt ar spreagthach

  3. 6.18

    Feasacht a fhorbairt ar chonairí agus treonna na gluaiseachta


    I líne dhíreach, timpeall ar chóin/mharcóirí i dtreo fiarláin, srl.

  4. 6.19

    Dhá ghluaiseacht nó níos mó a nascadh le chéile chun sraith gluaiseachtaí a chruthú

  5. 6.20

    Idirghníomhú le duine/daoine eile chun gluaiseachtaí comhordaithe a chruthú

  6. 6.21

    Bogadh le smacht/grástúlacht ag léiriú feasacht ar dhaoine eile agus ar an timpeallacht

  7. 6.22

    Freagairt mhothúchánach a chur in iúl do spreagthacha trí ghluaiseacht

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Uiscíocht
  1. 6.23

    Uisce a fhiosrú i gcásanna agus timpeallachtaí difriúla

  2. 6.24

    Dul isteach agus amach as linn snámha go sábháilte

  3. 6.25

    Cur suas le huisce ag bogadh thar an gcolainn agus dul in oiriúint dó

  4. 6.26

    Na tionchair a bhíonn ag snámhacht uisce air féin/ar dhaoine eile agus míreanna/gairis snámhachta eile a fhiosrú

  5. 6.27

    Bogadh trí uisce i dtreonna difriúla – ar aghaidh, ar chúl, ó thaobh go taobh, léim, buille snámha a úsáid, srl.

  6. 6.28

    Rialú anála a chleachtadh – séideadh agus anáil a choinneáil

  7. 6.29

    Bheith ar snámh ar a dhroim agus a bholg san uisce

  8. 6.30

    Bogadh ar a dhroim tríd an uisce 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.