Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú

Dul chun cinn agus gnóthachtáil a aithint

Déantar é seo go comhsheasmhach ar bhonn laethúil (atreisiú ó bhéal/fisiciúil, .i. ‘maith thú’, bosa in airde), ar bhonn seachtainiúil le ‘Scoláire na seachtaine’, duaiseanna ag an tionól, srl. Cuirfidh múinteoirí a chéile ar an eolas faoi ghnóthachtáil áirithe a dhéanamh scoláire agus déanfaidh siad trácht air nuair a bhaintear amach í.

Príomhthasc measúnaithe/gníomhaíochtaí i gcomhair fianaise ar fhoghlaim

Tá go leor dár bhfianaise ar fhoghlaim i bhfoirm físeáin agus grianghraf. Tá fillteán ag gach scoláire do gach bliain den chlár agus stóráiltear fianaise scríofa anseo freisin. Ansin, cuirtear punann foghlama i dtoll a chéile do gach scoláire, le seicliostaí de na torthaí foghlama agus gnéithe a chlúdaítear i rith na bliana – le fianaise chomhfhreagrach lena n-áirítear conair dhul chun cinn gné áirithe ag tús agus deireadh gach bliana. Reáchtálaimid freisin dhá chruinniú faoin bPlean Oideachais don Dalta Aonair gach bliain, agus déantar measúnú agus leasú ar gach Plean Oideachais don Dalta Aonair más gá ar bhonn míosúil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.