Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Teagasc agus foghlaim

 Tarlaíonn foghlaim Shiobhán trí chuir chuige idirdhealaithe. Tá teagasc agus seachadadh solúbtha den churaclam i gceist agus áirítear ann gach gné den fhorbairt spioradálta, mhorálta, chognaíoch, mhothúchánach, shamhlaíoch, shóisialta agus fhisiciúil.

Éascaíonn na cuir chuige teagaisc agus foghlama rannpháirtíocht Shiobhán agus spreagann siad í le bheith ina foghlaimeoir freagrúil, idirghníomhach agus gníomhach.  Tá cothromaíocht idir teagasc duine le duine, obair aonair agus obair i ngrúpaí. Tugtar deiseanna feidhmiúla do Shiobhán sa timpeallacht teagaisc agus foghlama chun a foghlaim a chleachtadh agus scileanna nua a fhoghlaim.

Tugadh ardtosaíocht do scileanna cumarsáide, scileanna idirghníomhaithe shóisialta, scileanna réitigh fadhbanna, scileanna gairme agus scileanna saoil a fhorbairt mar chuid d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ullmhú don saol mar dhuine fásta.

Idirdhealú

Cuirtear san áireamh i ngníomhaíochtaí, ábhar, luas, modheolaíochtaí agus acmhainní an raon spéiseanna, riachtanas agus eispéireas atá ag Siobhán. Úsáidtear cur chuige le struchtúr amhairc do Shiobhán chun a foghlaim a bharrfheabhsú. Tá formhór eispéiris foghlama Shiobhán scoilbhunaithe agus oibríonn sí lena rang iomlán, i ngrúpaí beaga agus ar bhonn duine le duine. Mar gheall go ndéantar struchtúrú ar ábhar an churaclaim trí na torthaí foghlama a bhriseadh síos ina gcéimeanna níos lú, níos inbhainte amach agus sainmhínithe níos soiléire, baineann Siobhán leibhéal níos mó gnóthachtála amach.

Agus idirdhealú á dhéanamh, tá sé tábhachtach pearsantacht, spreagadh agus leibhéil dhírithe Shiobhán a mheas. Is gá an timpeallacht foghlama a bhainistiú ar bhealach a thugann gníomhaíochtaí sainmhínithe go soiléir do Shiobhán agus a laghdaíonn aon deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith aici ina freagairtí don fhoghlaim.  Tá sé tábhachtach go dtabharfaí rogha di, agus go spreagfaí cinnteoireacht ionas go mbíonn Siobhán ina rannpháirtí gníomhach ina foghlaim féin.

Úsáid TFC

Úsáidtear TFC agus teicneolaíochtaí digiteacha le tacú agus chun deiseanna foghlama breise a thabhairt do Shiobhán agus tá siad ábhartha go háirithe do Shiobhán mar gur foghlaimeoir amhairc í.

Tá úsáid clár bán idirghníomhach agus iPad comhtháite sa churaclam agus tá siad an-spreagthach do Shiobhán agus éascaíonn siad í ag obair go comhoibritheach lena piaraí.  Tugtar rochtain níos fearr ar chláir foghlama do Shiobhán mar gheall ar úsáid na teicneolaíochta.  Úsáidtear iad ar bhealach pleanáilte agus struchtúrtha le tacú le foghlaim Shiobhán i ngach ábhar agus chun an fhoghlaim sin a atreisiú.  Tugann sé seo deiseanna di chomh maith le bheith neamhspleách agus éascaíonn sé rogha ina gníomhaíochtaí foghlama lena piaraí.

Trí úsáid TFC agus teicneolaíochtaí digiteacha, tá bealach malartach ag Siobhán chun ábhair agus eolas a fhiosrú agus rochtain a fháil orthu.  Cuireann sé foghlaim idirghníomhach agus ilchéadfach chun cinn agus comhlíonann sé riachtanais foghlama aonair Shiobhán. Chuir siad ar chumas Shiobhán a bheith níos rannpháirtí agus níos spreagtha.  Ceapann Siobhán go bhfuil úsáid TFC agus teicneolaíochtaí digiteacha spraíúil agus suimiúil agus tugann siad saibhreas acmhainní oiriúnach don aois di atá ábhartha agus bríoch.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.