Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Clár Foghlama 3: Siobhán (Scoil Speisialta)

Scoláire 13 bliana d’aois is ea Siobhán a fhreastalaíonn ar scoil speisialta.  Cónaíonn sí sa bhaile lena tuismitheoirí agus a deartháir agus deirfiúr.  Tá a tinreamh ar scoil an-mhaith.

Tá measúnú síceolaíoch reatha aici de mhoill forbartha ilréimseach agus míchumas foghlama ginearálta measartha.

Bíonn gníomhaíocht taoma ar Shiobhán go minic agus bíonn Buccal Midazolam ar iompar aici ar scoil.  Coinníonn an t-altra an Buccal Midazolam i rith an lae scoile.  Taistealaíonn sí chuig an scoil agus abhaile ar iompar scoile agus bíonn sí maoirsithe ag tionlacan bus.

Is maith le Siobhán an scoil agus is scoláire dea-chroíoch, cairdiúil, lách agus sóisialta í. Tá cuimhne mhaith éisteachta agus amhairc aici agus tá sí in ann treoracha a leanúint.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.