Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Pleanáil fhadtéarmach, théamach

Chun foghlaim agus rannpháirtíocht traschuraclaim a chinntiú, glacann scoil Chris le cur chuige téamach sa phleanáil. Tá na Téamaí
I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Is féidir leis an múinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. D’fhéadfaí na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.
idirdhealaithe do ranganna bunscoile agus iar-bhunscoile ar fud na scoile, agus Téamaí
I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Is féidir leis an múinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. D’fhéadfaí na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.
iar-bhunscoile roghnaithe le cuimsiú i dtopaicí na sraithe sóisearaí. Is féidir tabhairt faoi fhoghlaim chomhroinnte idir ranganna i rith gníomhaíochtaí measctha dá bharr sin. Ag leibhéal ranga, is féidir le gach scoláire taitneamh a bhaint agus eispéireas a fháil ar go leor de na ceachtanna céanna mar ghrúpa fad a oibríonn siad ar chonair dhul chun cinn aonair le spriocanna pearsantaithe.

Maireann gach téama ar feadh leath-théarma, rud a thugann dóthain ama d’fhoghlaimeoirí chun eolas a chur ar an téama agus dul chun cinn féideartha a léiriú ina bhfoghlaim. Nuair a roghnaítear torthaí foghlama ábhartha do Chris, leithdháileann an múinteoir ranga iad sin ar an leath-théarma is ábhartha de réir an dul chun cinn, riachtanais agus ábharthachta don téama. Mar shampla, oireann TF 3.18 ‘Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh’ go maith don téama scoile ‘Maireachtáil shláintiúil’ i mí Eanáir. Taispeántar sampla beag sa tábla seo a leanas den phleanáil théamach do Chris ó Eanáir-Meitheamh.

ATF 3: Cúram pearsanta agus folláine

 

Eanáir-Feabhra

Feabhra-Márta

Aibreán-Bealtaine

Bealtaine-Meitheamh

Téama:

Maireachtáil shláintiúil

Ceiliúradh

Seo mise

Laethanta saoire an tsamhraidh

Féinfheasacht

TF

  1. Feasacht a léiriú ar a chumais agus scileanna féin ar nós scileanna féinchúnaimh nó cineáltas do dhaoine eile

3.1 Feasacht a léiriú ar a cholainn féin

  1. Aithint go bhfuil a ghnéithe féin uathúil dó féin
  1. Feasacht a léiriú air féin sa timpeallacht láithreach agus/nó níos leithne

CD

Freagairt dó

Freagairt dó

Aird a thabhairt air

Freagairt dó/Tús a chur leis

CS

Scileanna féinchabhrach a spreagadh: tráidirí céadfacha sláinteachais

Ceol agus damhsa a fhiosrú ó cheiliúradh cultúrtha difriúil

Imirt scátháin duine le duine le páirtí

Fiosrú céadfach ar thimpeallachtaí le cuairteanna ar pháirceanna, an trá agus an ceantar áitiúil

Cúram pearsanta agus sláinteachas

TF

  1. Páirt a ghlacadh i ngnáthaimh chúraim phearsanta

3.9 Roghanna a dhéanamh maidir le cúram pearsanta

3.9 Roghanna a dhéanamh maidir le cúram pearsanta

  1. Comhoibriú le daoine fásta a chuireann tacaíocht laethúil ar fáil

CD

Freagairt dó

Freagairt dó

Freagairt dó/Tús a chur leis

Ginearálú

CS

Rannpháirtíocht le tacaíocht i scuabadh fiacla, scuabadh gruaige agus níochán aghaidhe i rith gníomhaíocht le tráidire céadfach sláinteachais

Sainrogha comhsheasmhach a léiriú ar bhlas éigin taos fiacla – go leor nochtadh amhairc do gach feadán

Tosú ag léiriú sainrogha ar bhlas taos fiacla le roghnú súl

Comhoibriú le daoine fásta i rith tascanna cúraim phearsanta i dtimpeallachta éagsúla i rith cuairteanna ranga

Bia agus cothú

TF

  1. Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh

 

  1. Na céadfaí a úsáid chun cineálacha difriúla bia a fhiosrú
  1.  Sainroghanna bia a léiriú

 

  1. Páirt a ghlacadh in ullmhú bia

CD

Aird a thabhairt air

Freagairt dó

Freagairt dó

Aird a thabhairt air/Freagairt dó

CS

Ceachtanna cócaireachta seachtainiúla: caoineoga, anraith, suaithfhriochadh, barraí leite, srl.

Bianna a bhaineann le ceiliúradh téamach cultúrtha a bhrath, a bholadh, a bhlaiseadh agus a dhéanamh

Na bianna is fearr leis a fhiosrú agus a thaifeadadh mar chuid den leabhar ‘Seo mise’ a chruthú

Páirt a ghlacadh i mbianna picnice a ullmhú le tabhairt ar chuairteanna ranga

Eochair: TF—*Toradh foghlama CD —Conair dhul chun cinn CS—Conair shamplach

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.