Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Taifid Foghlama Traschuraclaim

Tar éis spriocanna pearsantaithe a chruthú do gach scoláire, deartar gníomhaíochtaí traschuraclaim ansin ina gcuimseofaí teagasc agus foghlaim do dhá nó trí sprioc ag an am céanna. Deartar gníomhaíochtaí chun spéiseanna an scoláire a chuimsiú agus nasctar iad go minic leis an téama don leath-théarma, má bhíonn sé sin tairbheach chun stíleanna agus riachtanais foghlama an scoláire a chomhlíonadh. Déantar na gníomhaíochtaí a phleanáil, a rianú agsu a mheasúnú ar cháipéis ar a dtugtar ‘Taifead Foghlama Traschuraclaim’. Tá roinnt samplaí den phleanáil leis na taifid foghlama traschuraclaim do Chris sna leathanaigh a leanas.

Samplaí de Thaifid Foghlama Traschuraclaim

Sneaiceanna sláintiúla

Aonad Foghlama Tosaíochta

Cúram pearsanta agus folláine

Gné

Bia agus cothú

Toradh Foghlama

3.18 Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh

Conair dhul chun cinn

Aird a thabhairt air/Freagairt dó

Na Gnéithe Cáilíochta 1

Gheobhaidh Chris eispéireas ar bhlaiseadh, láimhseáil agus boladh réimse torthaí agus glasraí a úsáidtear chun sneaiceanna sláintiúla éagsúla a dhéanamh i rith an leath-théarma. Tacófar leis (lámh os cionn láimhe) chun comhábhair a mheascadh nó a bhrú ar feadh tamall gairid i mbabhla. Spreagfar Chris chun úsáid a bhaint as trealamh leictreach cosúil le cumascóir, ag obair le rialú laisce (an lasc gar don lámh).

Aonad Foghlama Tosaíochta

Cumarsáid, teanga agus litearthacht

Gné

Tuiscint

Toradh Foghlama

  1. Aird a thabhairt ar stór focal méadaithe i dtéacs agus freagairt dó

Conair

Sealbhú

Na Gnéithe Cáilíochta 2

Freagróidh Chris go hamhairc don ghrianghraf a bhfuil cur amach aige orthu (ar feadh trí shoicind ar a laghad) don ‘chócaireacht’ díreach sula dtosaíonn an ghníomhaíocht agus arís díreach tar éis í a thosú. I rith na gníomhaíochta cócaireachta, freagróidh Chris go hamhairc do ghrianghraf de chomhábhair a bheidh in aice leis an rud é féin agus é á láimhseáil, á bhlaiseadh agus á fhiosrú.

Aonad Foghlama Tosaíochta

Cumarsáid, teanga agus litearthacht

Gné

Fiosrú agus úsáid

Toradh Foghlama

1.14 A chur in iúl go soiléir céard iad na rudaí agus/nó gníomhaíochtaí is fearr leis agus diúltú do nithe nach fearr leis

Conair dhul chun cinn

Freagairt dó

Na Gnéithe Cáilíochta 3

Léireoidh Chris comhsheasmhacht ina shainroghanna bia nuair a thairgtear na míreanna céanna dó ceithre huaire nó níos mó trí ghlacadh leis an mír bhia agus í a bhlaiseadh nó í a bhrú uaidh.

Gníomhaíocht

  • Taispeánfar an grianghraf don ‘chócaireacht’ do Chris agus déarfar ‘am cócaireachta’ leis sula dtacaítear leis a naprún plaisteach a chur air.
  • Nuair a leagtar na míreanna cócaireachta ar fad amach ar an mbord agus nuair atá an ghníomhaíocht ag tosú, taispeánfar an grianghraf cócaireachta do Chris arís agus spreagfar dó teacht chun an bhoird. Má dhiúltaíonn sé, tabharfar babhla agus trealamh cuí chuige.
  • Tabharfaidh an múinteoir gach comhábhar do gach grúpa ceann amháin ag an am.
  • Tabharfar píosa beag de gach comhábhar do Chris agus iad á dtabhairt amach.
  • Tacófar leis chun na comhábhair a láimhseáil, a bholadh, féachaint orthu agus iad a ithe (nóta le déanamh de shainroghanna).
  • Tacófar le Chris le gach cuid den phróiseas cócaireachta le tacaíocht lámh os cionn láimhe nó rochtain laisce de réir mar is cuí.
  • Ag deireadh na gníomhaíochta, taispeánfar an comhartha i gcomhair ‘críochnaithe’ do Chris, bainfear de a naprún, agus taispeánfar an grianghraf don chéad ghníomhaíocht eile dó.

Leibhéal tacaíochta

  • Tacaíocht duine le duine lena linn don rannpháirtíocht.
  • Tacaíocht lámh ar láimhe i gcomhair scileanna cócaireachta.
  • Leideanna fisiciúla (spúnóg lán/rud a chrochadh i dtreo Chris) chun bia a fhiosrú.
 

Liathróid fisiteiripe a phreabadh

Aonad Foghlama Tosaíochta

Cumarsáid, teanga agus litearthacht

Gné

Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt

Toradh Foghlama

1.6 Tús a chur le cumarsáid le duine fásta agus piaraí a bhfuil aithne aige orthu

Conair dhul chun cinn

Freagairt dó/Tús a chur leis

Na Gnéithe Cáilíochta 1

Brúfaidh Chris lasc BIGmack chun ‘tuilleadh preab’ a iarraidh le roinnt leideanna ó bhéal agus méar a shíniú.

Aonad Foghlama Tosaíochta

Cúram pearsanta agus folláine

Gné

Folláine fhisiciúil

Toradh Foghlama

3.24 An cholainn a úsáid chun tionchar a imirt ar rudaí sa timpeallacht

Conair dhul chun cinn

Tús a chur leis

Na Gnéithe Cáilíochta 2

Siúlfaidh Chris chuig an lasc BIGmack (a chuirfear timpeall dhá mhéadar uaidh) agus brúfaidh sé é chun tacaíocht a iarraidh le preabadh ar an liathróid.

Aonad Foghlama Tosaíochta

Uimhearthacht

Gné

Tuiscint ar uimhreas a fhorbairt

Toradh Foghlama

2.13 Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairimh

Conair dhul chun cinn

Aird a thabhairt air/Freagairt dó

Na Gnéithe Cáilíochta 3

Léireoidh Chris roinnt aitheantais/eolais ar an seicheamh 1–10 a chloisteáil á chomhaireamh os ard trí thosú ag glacadh cuid dá mheáchan féin ar ais faoin naoú nó an deichiú comhaireamh, ag léiriú feasachta go bhfuil na preaba beagnach críochnaithe. Déanfaidh sé é sin sé huaire as deich.

Gníomhaíocht

  • Taispeánfar grianghraf de liathróid fisiteiripe do Chris agus déarfar leis, ‘Am preabtha a Chris’.
  • Baileoidh an múinteoir an liathróid agus cuirfidh sé timpeall 2 nó 3 mhéadar ó Chris é.
  • I dtosach, caithfear tacú le Chris chun deich bpreab ar an liathróid a dhéanamh nuair a théann sé chomh fada léi, gan iarratas foirmiúil a dhéanamh.
  • Nuair a thagann Chris chomh fada leis an liathróid arís i gcomhair tuilleadh preab, ardóidh an múinteoir an lasc BIGmack (le siombail ‘níos mó’ ar a bharr) chun aird Chris a choinneáil nuair a deir an múinteoir, ‘Brúigh i gcomhair tuilleadh preab’.
  • Déanfaidh an múinteoir an leid seo ó bhéal a athrá agus sínfidh sí méar leis an lasc timpeall aon mhéadar uaidh.
  • Nuair a bhrúnn Chris an lasc gheobhaidh sé deich bpreab eile ar an liathróid fisiteiripe láithreach mar luach saothair.
  • Déanfar an próiseas arís agus méadóidh an múinteoir a fad ón lasc gach uair agus laghdóidh na leideanna ó bhéal.

Leibhéal tacaíochta

Leideanna ó bhéal agus fisiciúla i dtosach (breith ar an lasc), laghdaithe chuig leideanna fisiciúla (méar a shíneadh chuig an lasc).

Tacaíocht iomlán ar an liathróid fisiteiripe (breith ar lámha chun deich bpreab a éascú).

 

Ciorcal machnaimh agus gnáthamh dheireadh an lae

Aonad Foghlama Tosaíochta

Uimhearthacht

Gné

Patrún agus seicheamh

Toradh Foghlama

2.10 Dul i ngleic le teanga, rudaí, siombailí, comharthaí agus spreagthacha a bhaineann le hord agus seicheamh atá mar chuid de ghnáthamh laethúil an scoláire

Conair dhul chun cinn

Freagairt dó

Na Gnéithe Cáilíochta 1

Spreagfar Chris chun tuiscint a léiriú ar an ngnáthamh ag deireadh an lae trí bhualadh le Audrey in aice leis an doras chun a chóta a chur air i rith/ag deireadh an amhráin san am ciorcail deiridh. Tiocfaidh Chris chuig an doras tar éis leideanna amhairc agus éisteachta sé huaire as deich.

Aonad Foghlama Tosaíochta

Uimhearthacht

Gné

Am

Toradh Foghlama

2.26 Dul i ngleic le teanga agus/nó míreanna, siombailí, comharthaí, spreagthacha nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hamanna an lae agus/nó laethanta na seachtaine

Conair dhul chun cinn

Freagairt dó

Na Gnéithe Cáilíochta 2

Léireoidh Chris a thuiscint ar bhrí amhrán dheireadh an lae tar éis am ciorcail trí bhogadh go neamhspleách chuig an doras trí huaire as cúig.

Aonad Foghlama Tosaíochta

Na healaíona

Gné

Drámaíocht

Toradh Foghlama

5.20 Feasacht a léiriú de bheith mar chuid de lucht féachana

Conair dhul chun cinn

Freagairt dó/Tús a chur leis

Na Gnéithe Cáilíochta 3

Is iondúil go dtabharfaidh Chris aird amhairc ar fhormhór na bhfíseán machnaimh ar a chuid oibre féin mar chuid den lucht féachana i rith tionóil cheiliúrtha agus amanna ciorcail laethúla. Tacófar leis le bheith feasach ar a phiaraí mórthimpeall air agus an moladh atá á chur ar fáil acu as a éachtaí trí thacaíocht duine le duine.

Gníomhaíocht

Glacfaidh Chris páirt i ngnáthamh dheireadh an lae formhór an ama. Suífidh sé ina shuíochán ainmnithe i gcomhair am ciorcail. I rith a ama machnaimh, tabharfaidh Chris aird amhairc ar fhíseáin dá chuid oibre agus léireoidh sé freagra dearfach (meangadh gáire, sian) le bualadh bos agus moladh. Nuair a chloiseann sé an t-amhrán dul abhaile, tacófar le Chris le leideanna ó bhéal, ceoil agus le roinnt leideanna fisiciúla (Audrey ina seasamh ina háit) le bogadh i dtreo an dorais, tacófar leis lena chóta a chur air agus ansin le fanacht ag an doras/a thuiscint a léiriú go bhfuilimid ag imeacht go luath.

Leibhéal tacaíochta

Leideanna éisteachta – amhráin ghnáthamh dheireadh an lae a sheinntear in ord

Ó bhéal – glaofar Chris chuig am ciorcail/dá chóta

Fisiciúil – mura mbogann Chris go neamhspleách, tabharfaidh duine fásta leid dó trína rá leis céard atá ar siúl, comhaireamh 1–3 a thabhairt dó agus breith ar a dhá lámh le cabhrú leis.

 

 Tráidirí céadfacha téamacha – Téama: Maireachtáil shláintiúil

Aonad Foghlama Tosaíochta

Cumarsáid, teanga agus litearthacht

Gné

Tuiscint

Toradh Foghlama

1.12 A léiriú go bhféadfadh sé a bheith ag súil leis na chéad chéimeanna eile i ngníomhaíocht a bhfuil taithí aige uirthi nuair a chuirtear spreagthach ina láthair

Conair dhul chun cinn

Freagairt dó

Na Gnéithe Cáilíochta 1

Léireoidh Chris a thuiscint ar na chéad chéimeanna eile i rith na gceachtanna ‘sláinteachais’ seachtainiúla trí chumarsáid chomhsheasmhach a dhéanamh maidir leis na rudaí is maith agus nach maith leis (m.sh. rud nach maith leis a bhrú uaidh nuair a thaispeántar é/siúl amach ón bhfoghlaim).

Aonad Foghlama Tosaíochta

Cumarsáid, teanga agus litearthacht

Gné

Fiosrú agus úsáid

Toradh Foghlama

1.19 Ábhar spéise agus tuairimí a chur in iúl le réimse modhanna cumarsáide briathartha nó neamhbhriathartha

Conair dhul chun cinn

Freagairt dó

Na Gnéithe Cáilíochta 2

Cuirfidh Chris na rudaí is maith agus nach maith leis a fhiosraítear i rith ceachtanna sláinteachais seachtainiúla in iúl go comhsheasmhach (m.sh. rud nach maith leis a bhrú uaidh nuair a thaispeántar é/siúl amach ón bhfoghlaim).

Aonad Foghlama Tosaíochta

Cúram pearsanta agus folláine

Gnéithe

Féinfheasacht

Cúram pearsanta agus sláinteachas

Torthaí foghlama

3.4 Feasacht a léiriú ar a chumais agus scileanna féin ar nós scileanna féinchúnaimh nó cineáltas do dhaoine eile

3.7 Páirt a ghlacadh i ngnáthaimh chúraim phearsanta

Conair dhul chun cinn

Freagairt dó

Na Gnéithe Cáilíochta 3

Cuirfidh Chris suas le tacaíocht a fháil agus a fhiacla agus a ghruaig á scuabadh, agus a aghaidh agus a lámha á níocháin. Breathnóidh Chris sa scáthán i rith na gníomhaíochta seo, tabharfaidh sé aird ar feadh deich soicind ar a laghad agus spreagfar é le páirt a ghlacadh le tacaíocht lámh os cionn láimhe ar feadh soicindí gairide i ngach gníomhaíocht.

Gníomhaíocht

I rith na gceachtanna ‘sláinteachais’ seachtainiúla, tacófar le Chris chun a lámha agus a aghaidh a ní; a ghruaig agus a fhiacla a níochán; féachaint air féin sa scáthán agus eispéireas a fháil ar dhíbholaíoch fear. Cuirfear gach gníomhaíocht i láthair ceann ag an am, le grianghraif in aice leis na míreanna. Mairfidh an scuabadh/níochán ar feadh fad amhrán a bhfuil cur amach aige air mura ndeir Chris gur mhaith leis go stopfadh an ghníomhaíocht.

Leibhéal tacaíochta

Tacaíocht duine le duine i rith na gníomhaíochta.

Lámh os cionn láimhe de réir mar a chuirtear suas leis.

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.