Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An próiseas pleanála

Tar éis riachtanais tosaíochta foghlama Chris a shainaithint, is féidir torthaí foghlama ábhartha as gach ATF a roghnú mar chuid de phleananna fadtéarmacha dá thuras foghlama. Beidh na torthaí foghlama a roghnaítear oiriúnach le tabhairt faoi riachtanais tosaíochta foghlama Chris fad a thugtar rochtain dó ar churaclam leathan agus éagsúil. Leagtar amach sa léaráid thíos an próiseas pleanála a leanadh chun turas foghlama ábhartha a chruthú do Chris.

Riachtanais tosaíochta foghlama sainaitheanta agus Plean Oideachais don Dalta Aonair cruthaithe
Spriocanna pearsantaithe forbartha i bpleananna gearrthéarma
Gníomhaíochtaí traschuraclaim deartha
ATFanna ábhartha do phleananna téamacha, fadtéarmacha roghnaithe

Mar gheall ar riachtanais athraitheacha agus cineál dothuartha na bhfoghlaimeoirí i scoil Chris, roghnaíonn a mhúinteoir ranga pleanáil ó mhí Mheán Fómhair go deireadh mhí na Nollag, ag déanamh tuilleadh pleanála ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh tar éis na tréimhse sin chun am a thabhairt di measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an scoláire agus na pleananna is ábhartha a fhorbairt do gach foghlaimeoir.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.