Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Foghlaim phearsantaithe

Roimh thuras foghlama cuí a phleanáil do Chris le Clár Foghlama Leibhéal 1, tá sé tábhachtach go sainaithnítear agus go dtuigtear a spéiseanna, buanna agus riachtanais. Baintear amach é sin go héifeachtach trí chruinnithe lena theaghlach agus le gairmithe eile a oibríonn le Chris. Tugtar deiseanna iontacha do na pléití seo agus chun spriocanna a chruthú sa Phlean Oideachais don Dalta Aonair. I scoil Chris, reáchtáiltear cruinnithe Plean Oideachais don Dalta Aonair i mí Dheireadh Fómhair agus déantar athbhreithniú orthu i mí na Bealtaine, le hathbhreithnithe, nuashonruithe agus cumarsáid leanúnach idir an baile agus na foirne ildisciplíneacha i rith na bliana.

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar roinnt de spéiseanna, buanna agus riachtanais Chris.

Spéiseanna

Buanna

Riachtanais

  • Liathróid a chaitheamh (in aghaidh balla nó le páirtí)
  • Spá cosa
  • Sesame Street
  • Gníomhaíochtaí gluaiseachta (m.sh. bogadh, fáisceadh, luascadh, preabadh, srl.)
  • Gníomhaíochtaí ceoil
  • Marcaíocht capaill
  • Snámh
  • Gníomhaíochtaí le brú domhain (m.sh. scuabadh coirp)
  • Téann sé i ngleic go maith le hidirghníomhaíochtaí duine le duine le daoine fásta a bhfuil aithne aige orthu
  • Aird mhaith amhairc aige ar ghrianghraif
  • Freagraíonn sé go maith do mholadh
  • Roinnt úsáid ghinchumais as lasc ag amanna ciorcail agus amanna béile
  • Scileanna oll-luaileacha agus cothromaíocht mhaith
  • Ithe le spúnóg go neamhspleách (nuair a thacaítear leis le gearradh suas agus srianadh sciar)
  • Modhanna cumarsáide ginchumais foirmiúla a mhéadú
  • Go leor ionchur féinghabhálach ag teastáil roimh an bhfoghlaim
  • Réimse níos leithne spéiseanna/gníomhaíochtaí nó míreanna spreagthacha
  • Tacaíocht le bia a ghearradh agus ráta itheacháin a mhoilliú i gcomhair ithe sábháilte
  • Ag brath ar thacaíocht daoine fásta do gach riachtanas cúraim pearsanta
  • Imní/neamhchinnteacht laghdaithe maidir le haistrithe

Trí phlé le tuismitheoirí Chris, gairmithe eile agus a mhúinteoir ranga, sainaithníodh trí riachtanas tosaíochta foghlama:

Aonaid Tosaíochta Foghlama:

  1. Cumarsáid ghabhchumais: Aird a thabhairt ar fhoclóir grianghrafadóireachta níos mó agus freagairt dó.
  2. Cumarsáid ghinchumais: Rogha a chur in iúl idir dhá rud/ghníomhaíocht (an ceann is fearr leis agus an ceann nach bhfuil uaidh) trí leas a bhaint as féachaint ar ghrianghraif/rudaí nó malartuithe.
  3. Raon méadaithe eispéireas: An raon gníomhaíochtaí roghnaithe, agus rochtain orthu, a leathnú le tacaíocht agus go neamhspleách.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.