Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Roinnt cláir foghlama shamplacha

Nuair a bhí roinnt cláir foghlama shamplacha á bhforbairt a léireodh na treoirlínte i ngníomh, shainaithin scoileanna scoláirí ón spriocghrúpa ábhartha agus chothaigh siad clár foghlama dóibh. Déantar cur síos sna cláir foghlama ar réimse gníomhaíochtaí atá á n-úsáid ag na scoileanna faoi láthair lena scoláirí. Baineann na gníomhaíochtaí a ndéantar cur síos orthu sna cláir foghlama samplacha le heispéiris na scoileanna féin ag oibriú i dtreo teastasú CFL1 atá ailínithe go leathan le Leibhéal 1 ar an NFQ.

Déantar cur síos sna cláir foghlama shamplacha, scríofa ag múinteoir, ar na ATFanna do gach scoláire. Roghnaítear ATFanna le próifíl agus riachtanais ar leith an scoláire ar intinn. Go ginearálta, táthar ag súil go mairfeadh clár foghlama scoláire ar feadh na sraithe sóisearaí, agus nuair a chríochnófar é go mbeadh PGSS aige. Mar a luadh níos luaithe, aithnítear go bhféadfadh roinnt scoláirí leanúint lena CFL1anna sa tsraith shóisearach.

Ba cheart béim a leagan ar an gcaoi nach ndéantar cur síos sna cláir ar fhoghlaim iomlán an scoláire. Tá gníomhaíochtaí agus eispéiris foghlama eile a bhféadfadh an scoláire tabhairt fúthu i rith na sraithe sóisearaí nach bhfuil cur síos déanta orthu sa chlár foghlama.

Is féidir foghlaim churaclaim agus sheach-churaclaim a áireamh i gcláir foghlama.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.