Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ó threoirlínte go cláir foghlama

Forbraíodh na treoirlínte seo i gcomhar le scoileanna a bhfuil saineolas agus cleachtas nuálach forbartha acu bunaithe ar a dtaithí ar an méid ata oiriúnach agus na rudaí a oibríonn don scoláire atá i gceist. Tá sé i gceist go n-úsáidfeadh gach múinteoir iad agus ba cheart go mbeidís inrochtana freisin do raon pearsanra eile atá bainteach go díreach le hoideachas an scoláire. Áirítear orthu sin tuismitheoirí/caomhnóirí, cúntóirí riachtanais speisialta, teiripeoirí, foireann bainistíochta, treoirchomhairleoirí agus gairmithe ábhartha eile.

Glacann an scoláire atá i gceist páirt i raon suíomhanna: i gcineálacha éagsúla ranganna agus grúpaí i scoileanna speisialta, agus i ranganna speisialta in iar-bhunscoileanna. Ar cheann de na príomhsmaointe faoi na cláir foghlama tá gur cheart go mbainfidís amach cothromaíocht chomh hindéanta agus is féidir idir eispéiris leathan a chur ar fáil don scoláire agus dul i ngleic lena riachtanais ar leith.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.