Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha difriúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla. Ba cheart go mbeadh an tacaíocht d’fhoghlaim an scoláire mar phríomhchuspóir ag gach measúnú sa tsraith shóisearach, bíodh sé foirmitheach nó suimitheach, ag an am nó leanúnach, ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit, CNCM nó ceaptha ag an múinteoir. Léirítear i dtaighde go dtarlaíonn na buntáistí is mó d’fhoghlaim an scoláire nuair a thugann an múinteoir aiseolas éifeachtach dó a chabhraíonn leis a thuiscint conas a d’fhéadfaí a chuid foghlama a fheabhsú.

Sin an chúis nach féidir breithniú ar na cuir chuige i leith foghlaim cháilíochta a scaradh ó bhreithniú ar mheasúnú. Tá cleachtais mheasúnaithe leanúnacha sa seomra ranga ríthábhachtach le tacú le foghlaim an scoláire agus gnóthachtáil an scoláire a chur chun cinn. Baineann cleachtas le measúnú leanúnach atá foirmitheach agus suimitheach. Úsáideann scoileanna raon modhanna measúnaithe chun críoch foirmitheach nó suimitheach a leagann béim ar chineál idirnasctha agus forlíontach an phróisis measúnaithe sa tsraith shóisearach. Tógann na cleachtais mheasúnaithe seo ar dhea-chleachtas reatha sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.

Tá formhór na ngníomhaíochtaí measúnaithe i dtrí bliana na sraithe sóisearaí foirmitheach. Úsáideann an múinteoir na torthaí foghlama ó ATFanna nó ó shonraíochtaí gearrchúrsa mar phointe tosaigh chun aonad foghlama a phleanáil agus chun rúin foghlama agus critéir ratha a fhorbairt le roinnt agus le plé leis an scoláire de réir mar is cuí. Glacfar an cur chuige céanna don scoláire atá ag dul i ngleic leis na CFL1anna mar chlár na sraithe sinsearaí iomlán nó mar chuid de.

Leagtar amach go soiléir sna torthaí foghlama seo an méid ba cheart a bheith ar eolas ag an scoláire, a thuigfidh an scoláire agus a bheidh an scoláire in ann a dhéanamh mar gheall ar na gníomhaíochtaí sonracha foghlama agus teagaisc atá déanta aige i rith chúrsa na sraithe sóisearaí. Leanann an múinteoir ag déanamh measúnú mar chuid dá chleachtas laethúil trí bheith ag breathnú agus ag éisteacht de réir mar a chuireann an scoláire tascanna i gcrích agus trí mhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfreagraíonn sé do cheisteanna.

Úsáideann an múinteoir rúin foghlama agus critéir ratha mar bhunús le haiseolas a thabhairt don scoláire chun na chéad chéimeanna eile ina fhoghlaim a phleanáil. Spreagtar an scoláire freisin chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh aige ina fhoghlaim féin agus aiseolas a thabhairt dá mhúinteoirí. Chun an acmhainn don fhéinbhainistíocht agus féinfheasacht a fhorbairt, bíonn an scoláire níos muiníní agus é ag tabhairt faoina fhoghlaim agus bíonn sé níos ullmhaithe chun na dúshláin a bhaineann leis an saol taobh amuigh den scoil a shárú. Chun dul i ngleic le measúnú i gcomhthéacs na CFL1anna agus níos faide anonn agus chun tuilleadh eolais a fháil ar thorthaí foghlama, rúin foghlama, critéir ratha agus gnéithe cáilíochta, féach ar an Tacar Uirlisí don Mheasúnú ó CNCM.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.