Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Tugann gach ábhar sa réimse teicneolaíochta taithí dhifriúil don scoláire a chuireann lena oideachas in oideachas teicneolaíochta. Mar thoradh air sin, ní bhaineann scoláire a ullmhú don fhoghlaim sna hábhair theicneolaíochta le teagasc i dtreo na teicneolaíochta amháin ach i dtreo na scileanna atá bunúsach do na hábhair theicneolaíochta agus is féidir a aistriú chuig réimsí eile foghlama. Scileanna a spreagann an scoláire le fadhb a réiteach trí chruthaitheacht, nuálaíocht, cumarsáid, comhoibriú agus iniúchadh agus déantar gach ceann díobh sin a fhorbairt i dtimpeallacht ghníomhach foghlama ina bhféadfaidh an scoláire a chuid smaointe a chur chun cinn ón mbunsmaoineamh go baint amach. 

Is ábhar é Teicneolaíocht Adhmaid a thugann deis don scoláire acmhainn nádúrtha thábhachtach a thagann ón nádúr a iniúchadh agus foghlaim fúithi. Tá caidreamh uathúil ag crainn agus ábhar adhmaid leis an dúlra agus an duine. Tá úsáid inbhuanaithe agus bainistíocht na hacmhainne nádúrtha seo tábhachtach mar go bhfuil dúshláin an 21ú haois le sárú againn. Ó ghnáthóga go foirgníocht nó ó chaithimh aimsire go cruthú ocsaigine, tá ról suntasach ag an acmhainn seo maidir le folláine ár bpláinéid. Chun na críche sin, tá sé tábhachtach go dtabharfaí deis do shaoránaigh a bheith ar an eolas faoin acmhainn seo, agus iniúchadh a dhéanamh ar a hoidhreacht agus ar a hinniúlacht mar ábhar don todhchaí.

I dteicneolaíocht adhmaid, déanfaidh an scoláire iniúchadh ar an domhan nádúrtha agus tógtha trí mheán an dearaidh, ag lorg deiseanna chun an t-ábhar/acmhainn a chur i bhfeidhm go cruthaitheach agus go nuálach chun a thimpeallacht a chruthú agus a mhúnlú. Tá an-chuid nuálaíochta agus athruithe tagtha ar adhmad mar acmhainn ábhartha. Cruthaíonn dul chun cinn teicneolaíochta deiseanna suntasacha maidir le húsáid adhmaid a leathnú mar acmhainn do raon leathan feidhmeanna. Mar sin féin, ciallaíonn uathúlacht an ábhair agus na ceirde seo go bhfuil go leor de na feidhmeanna agus na próisis thraidisiúnta fós luachmhar, agus maireann a gcáil go fóill. 

Beidh foghlaim san ábhar seo gníomhach agus dírithe ar an scoláire, le foghlaimeoirí ag comhoibriú i dtreo an eolais agus i dtimpeallacht shábháilte an tseomra ranga teicneolaíochta. Trí na ndúshlán a bhaineann leis an bhfealsúnacht atá bunaithe ar dhearadh, forbróidh an scoláire an t-eolas, na scileanna agus na luachanna ábhartha chun smaointe a thabhairt ón mbunsmaoineamh go dtí cur i bhfeidhm ar bhealach a chuirfidh ar a chumas a bheith bríomhar, cruthaitheach agus nuálach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.