Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht do Theicneolaíocht Adhmaid na sraithe sóisearaí ar thuiscint an scoláire ar fheidhmeanna agus ar thionchar adhmad a úsáid mar acmhainn sa domhan mórthimpeall air a fhorbairt agus ar scileanna an scoláire i ndáil leis sin a fhorbairt. Bainfear é sin amach trí thrí shnáithe chomhthéacsúla idirnasctha: Prionsabail agus cleachtais, Smaointeoireacht dearaidh agus Eolaíocht agus ábhair adhmaid. 

Sa snáithe seo, foghlaimíonn an scoláire faoi na prionsabail agus na cleachtais bhunúsacha a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar an Teicneolaíocht Adhmaid agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad. Foghlaimíonn sé le hoibriú go sábháilte agus go héifeachtúil le trealamh agus ábhair, agus prionsabail na sármhaitheasa ceardaíochta a chur i bhfeidhm trí dhearadh agus trí dhéantúsaíocht. Déanfaidh sé iniúchadh ar na buntáistí agus na tionchair chomhshaoil a bhaineann le húsáid adhmaid mar acmhainn nádúrtha agus in-athnuaite agus foghlaimeoidh sé faoi chleachtas inbhuanaithe.

Sa snáithe seo, fiosraíonn an scoláire coimrí dearaidh agus a réiteach. Baineann sé úsáid as príomhphrionsabail dearaidh agus táirgeann sé sceitsí, líníochtaí, samhlacha/fréamhshamhlacha agus déantáin a léiríonn a smaointeoireacht dearaidh. Measann an scoláire cúinsí ar nós ábhar, costais, acmhainní ama agus scileanna chun déantáin fhiúntacha, phraiticiúla, tharraingteacha a tháirgeadh. Déanann sé tionchair chomhshaoil agus shóisialta na gcinntí dearaidh a mheas freisin agus déanann sé iniúchadh ar an gcaoi le húsáid ábhair a íoslaghdú agus dramhaíl a bhainistiú.

Sa snáithe seo, fiosraíonn an scoláire airíonna nádúrtha agus fisiceacha agus saintréithe adhmaid. Foghlaimíonn sé le haeistéitic agus airíonna nádúrtha adhmaid a úsáid chun cuma agus feidhm na ndéantán a fheabhsú. Fiosraíonn sé ról an fhoraoisithe agus an adhmaid i dtéarmaí na héiceolaíochta agus inbhuanaitheachta áitiúla/domhanda agus aithníonn sé an tábhacht a bhaineann leis an tionchar a bhíonn ar an gcomhshaol nádúrtha nuair a bhíonn ábhair á bhfoinsiú a mheas.

I ngach ceann de na snáitheanna, baintear úsáid as ceithre ghné: Pleanáil agus bainistiú, Cumarsáid, Cruthú, agus Comhshaol agus inbhuanaitheacht lena gcruthaítear creat le haghaidh foghlama a chinntíonn taithí foghlama chomhleanúnach don scoláire.

Spreagann na torthaí foghlama sa ghné seo an scoláire le réimse scileanna bainistíochta tionscadal a fhorbairt agus a dhearaí á dtabhairt go dtí céim a ndéanta. Forbraíonn an scoláire an t-eolas agus na scileanna a theastaíonn a chuirfidh ar a chumas fadhbanna comhthéacsúla a réiteach go héifeachtach.

Spreagann na torthaí foghlama sa ghné seo an scoláire le meáin oiriúnacha a roghnú agus a úsáid chun smaointe dearaidh agus faisnéis theicniúil a chur in iúl. Bainfidh an scoláire úsáid as teanga theicniúil a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht adhmaid. Foghlaimíonn sé faoin ról tábhachtach atá ag an gcumarsáid maidir le dul i ngleic le saincheisteanna comhshaoil domhanda agus áitiúla. 
Déanfaidh an scoláire a éabhlóid dearaidh a phleanáil agus a thuairisciú agus béim aige ar ghnéithe criticiúla a réiteach ar fhadhbanna dearaidh.

Spreagann na torthaí foghlama sa ghné seo an scoláire le bheith cruthaitheach agus bealaí inar féidir leis a chuid eolais agus scileanna a chur i bhfeidhm a fhiosrú, agus léirthuiscint a fháil do na cleachtais a theastaíonn chun déantáin fhiúntacha, phraiticiúla, tharraingteacha a tháirgeadh. Forbraíonn an scoláire a chuid cruthaitheachta thar na trí shnáithe agus úsáideann sé aeistéitic agus airíonna nádúrtha adhmaid chun cuma agus feidhm a dhéantán a fheabhsú.

Spreagann na torthaí foghlama sa ghné seo an scoláire le léirthuiscint a fháil do na buntáistí agus na tionchair chomhshaoil a bhaineann le húsáid adhmaid mar acmhainn nádúrtha agus in-athnuaite, agus chun cleachtas inbhuanaithe a úsáid ar fud a chuid foghlama. Fiosraíonn an scoláire ról an fhoraoisithe agus an adhmaid i dtéarmaí na héiceolaíochta agus inbhuanaitheachta áitiúla agus domhanda.

Baineann Teicneolaíocht Adhmaid úsáid as cur chuige trasdisciplíneach a chuireann nascadh na gceithre snáithe chun cinn i dteagasc agus i bhfoghlaim an ábhair. Dearadh í d’íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

Tá sé d’aidhm ag an tsonraíocht seo cothromaíocht a bhaint amach idir an fhairsinge féidearthachtaí a chuireann staidéar ar an ábhar i láthair a fhiosrú agus deiseanna a chur ar fáil d'eispéiris dhoimhne de réimsí áirithe de réir mar is cuí. Chuige sin, sa tsonraíocht seo, bíonn méid áirithe solúbthachta agus saoirse ag an múinteoir an fhoghlaim a éascú ar bhealach a léiríonn roghanna, fiosracht agus meon cruthaitheach an scoláire féin. Ba chóir gnóthachtáil na dtorthaí foghlama a phleanáil ar bhealach atá gníomhach agus spreagúil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.