Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Leanúnachas agus dul chun cinn

Dul chun cinn ón mbunscoil go dtí an tsraith shinsearach

Curaclam na bunscoileCé nach ábhar ná réimse neamhspleách í an Teicneolaíocht Adhmaid i gCuraclam na Bunscoile, trína cuid snáitheanna, gnéithe agus torthaí, is féidir le Teicneolaíocht Adhmaid na sraithe sóisearaí foghlaim ábhartha a tharla cheana ar leibhéal na bunscoile a chur chun cinn. 
Déanann roinnt réimsí sa churaclam bunscoile tagairt d’fhorbairt scileanna réitigh fadhbanna atá tábhachtach do gach gné de Theicneolaíocht Adhmaid. Agus é ar an mbunscoil, téann an foghlaimeoir i mbun gníomhaíochtaí éagsúla ‘dear agus déan’ lena bhforbraítear a chuid cruthaitheachta agus scileanna mínluaile. Déantar an dá réimse a fhorbairt tuilleadh i scoláirí na Teicneolaíochta Adhmaid sa tsraith shóisearach. In Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta, foghlaimíonn an scoláire faoin tábhacht a bhaineann le foraoisí inbhuanaithe a chothabháil agus an tábhacht a bhaineann le hadhmad mar fhoinse fuinnimh in-athnuaite. Forbraítear an tuiscint sin de réir mar a théann an foghlaimeoir chun cinn tríd an Teicneolaíocht Adhmaid sa tsraith shóisearach. 


An tsraith shinsearachForbraíonn an staidéar ar Theicneolaíocht Adhmaid na sraithe sóisearaí bonn foghlama don scoláire ionas gur féidir leis leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir i réimse na n-ábhar teicneolaíochta i gclár na hArdteistiméireachta agus i gclár na hArdteistiméireachta Feidhmí araon. 
Go sonrach, tá na hábhair Staidéar Foirgníochta agus Staidéar Grafaice agus Tógála ar fáil i gcláir na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí faoi seach. Bunaíonn na torthaí foghlama i dTeicneolaíocht Adhmad na sraithe sóisearaí bunús láidir don dá ábhar seo.
Tá sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí a mbíonn an scoláire páirteach iontu le linn Theicneolaíocht Adhmaid na sraithe sóisearaí scoláire atá inniúil ó thaobh na teicneolaíochta a fhorbairt agus ba chóir go mbeadh sé in ann tabhairt faoi aon disciplín a bhaineann le hábhair teicneolaíochta sa tsraith shinsearach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.