Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ráitis Foghlama

Léiríonn na táblaí ar na leathanaigh seo a leanas an chaoi a bhfuil eolaíocht na sraithe sóisearaí nasctha le gnéithe lárnacha foghlama agus teagaisc mar a dtugtar breac‑chuntas orthu i gCreat na Sraithe Sóisearaí. 

Ráitis Foghlama

An Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ábhartha

RF 9. Tuigeann an scoláire bunús agus tionchair ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain mórthimpeall air/uirthi

Baileoidh agus scrúdóidh scoláirí sonraí chun measúnú a dhéanamh faoi smaointe, faoi réitigh nó faoi mhodhanna trínar féidir le daoine an bhithéagsúlacht éiceolaíoch a chaomhnú.

RF 10: Tá an fheasacht, an t‑eolas, na scileanna, na luachanna agus an t‑inspreagadh ag an scoláire le maireachtáil go hinbhuanaithe

Beidh an scoláire rannpháirteach go criticiúil in athbhreithniú cothrom ar théacsanna eolaíochta a bhaineann le saincheisteanna inbhuanaitheachta a eascraíonn as an méid leictreachais a ghinimid agus a chaithimid.  

RF 13: Tuigeann an scoláire tábhacht an bhia agus an chothaithe i leith cinntí sláintiúla a dhéanamh

Baileoidh agus scrúdóidh an scoláire fianaise chun breithiúnais a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le tosca ó bhroinn agus le tosca comhshaoil dul i gcion ar shláinte an duine, lena n‑áirítear roghanna cothúcháin agus stíl mhaireachtála. 

RF 15: Aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama

Glacfaidh an scoláire páirt i réimse leathan gníomhaíochtaí matamaiticiúla agus é ag déanamh anailíse ar shonraí a chuirtear ina láthair i bhfoirm mhatamaiticiúil, agus úsáidfidh siad samhlacha, foirmlí nó teicnící cuí matamaiticiúla chun conclúidí ábhartha a bhaint astu.

RF 16: Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú

Trí iniúchadh, foghlaimeoidh an scoláire le cur síos a dhéanamh ar phatrúin agus ar choibhneasa idir inbhraitigh fhisiceacha, agus leo sin a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú. 

RF 17: Déanann an scoláire straitéisí a cheapadh agus a mheas chun fadhbanna a fhiosrú agus a réiteach ag baint úsáide as eolas, réasúnaíocht agus scileanna matamaiticiúla

Trí iniúchtaí eolaíochta a phleanáil agus a dhéanamh, foghlaimeoidh an scoláire lena chuid smaointeoireacht chriticiúil agus scileanna réasúnaíochta a fhorbairt agus é ag cur a chuid eolais agus tuisceana i bhfeidhm chun ceisteanna agus freagraí a chumadh seachas bheith ag tabhairt freagraí chun cuimhne.

RF 18: Déanann an scoláire breathnú agus measúnú ar eachtraí agus phróisis eimpíreacha agus baineann tátail agus cinntí bailí astu

Rachaidh an scoláire i mbun anailíse ar phróisis nádúrtha: trí bhreathnú ar na próisis agus iad a mheasúnú cumfaidh sé ceisteanna agus é ag iarraidh teacht ar thátail agus ar chonclúidí bailí. 

RF 19: Tá luach ag an scoláire ar ról agus cion na heolaíochta agus na teicneolaíochta i leith na sochaí, agus an tábhacht phearsanta, shóisialta agus dhomhanda atá leo Déanfaidh an scoláire taighde agus cur i láthair ar eolas faoi na hionchuir a bhíonn ag eolaithe maidir le fionnadh agus le hairgeadh eolaíochta, agus a dtionchar sin ar an tsochaí.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.