Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht d’eolaíocht na sraithe sóisearaí ar eolas an scoláire ar an eolaíocht agus fúithi a fhorbairt tríd an snáithe aontach, Nádúr na heolaíochta, agus na ceithre shnáithe chomhthéacsúla: An domhan fisiceach, An domhan ceimiceach, An domhan bitheolaíoch, agus An Domhan agus spás. Dearadh í d’íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.  

Fíor 2: Snáitheanna den tsonraíocht le haghaidh eolaíocht na sraithe sóisearaí

overview of course diagram

Is é seo an snáithe aontach; leathann sé ar fud shnáitheanna uile na sonraíochta. Díríonn gnéithe an tsnáithe seo ar conas a oibríonn an eolaíocht; tabhairt faoi iniúchtaí; cumarsáid a dhéanamh san eolaíocht; agus léirthuiscint a chothú do ról na heolaíochta agus na n‑eolaithe agus dá n‑ionchur sa tsochaí. Tá béim láidir ar fhiosrúchán eolaíochta. Ní aon sain‑inneachar nasctha le snáithe Nádúr na heolaíochta é féin, agus tá a thorthaí foghlama mar bhonn taca leis na gníomhaíochtaí agus leis an inneachar atá sna snáitheanna comhthéacsúla. Tugtar faoi na torthaí foghlama trí na snáitheanna comhthéacsúla de réir mar a fhorbraíonn an scoláire a eolas inneachair ar an eolaíocht trí fhiosrúchán eolaíoch. Agus é sin a dhéanamh acu, cuireann an scoláire le chéile corpas comhtháite fíricí, foghlaimíonn sé an bealach agus an áit le teacht ar eolas, agus forbraíonn sé nósanna intinne eolaíochta agus scileanna réasúnaíochta chun bunús maith tuisceana a bheith aige ar na himeachtaí agus ar na feiniméin a dtiocfaidh sé orthu sa ghnáthshaol. Déanann sé sin spás dinimiciúil agus idirghníomhach den seomra ranga eolaíochta, ina mbíonn an scoláire rannpháirteach go gníomhach ina fhorbairt féin. Ní amháin gur féidir leis páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus i bplé bunaithe ar thurgnaimh sa seomra ranga, ach freisin féadann sé taighde agus measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis chun breathnú lastall den mhaíomh agus de thuairimí chun anailís a dhéanamh ar an bhfianaise atá taobh thiar díobh.

Baineann an snáithe seo le staidéar ar an damhna agus ar na hathruithe a thagann air. Agus an scoláire ag déanamh staidéir ar an snáithe seo forbróidh sé tuiscintí ar chomhdhéanamh agus ar airíonna an damhna, na hathruithe a dhéantar air, agus an fuinneamh a bhaineann leis sin. Foghlaimíonn sé chun a chuid breathnuithe a léirmhíniú trí airíonna agus iompraíocht adamh, móilíní, agus ian a mheas. Foghlaimíonn sé chun a thuiscintí a chur in iúl trí léiriúcháin a úsáid, agus siombailí agus coinbhinsiúin na ceimice. Tá ár stíl mhaireachtála ag brath ar réimse fairsing ábhar a tháirgtear ó acmhainní nádúrtha. Sa snáithe seo foghlaimeoidh an scoláire faoi na hacmhainní a úsáidtear chun ábhar a tháirgeadh ar feadh a shaolré (eastóscadh, úsáid, diúscairt agus athchúrsáil) a mheas. Tríd sin a dhéanamh, is fearr a thuigfidh sé dúshláin a bhaineann leis an eolaíocht, amhail inbhuanaitheacht chomhshaoil agus forbairt ábhar nua, agus foinsí fuinnimh.

Cruthaíonn an snáithe seo suíomh foirfe chun prionsabail ghinearálaithe agus coincheapa trasghearrtha a fhorbairt. Ionas go dtuigfidh sé struchtúr na Cruinne agus roinnt prionsabail eagrúcháin réalteolaíochta, fiosraíonn an scoláire coibhneasa idir a lán cineálacha réada réalteolaíochta agus fianaise ar stair na cruinne. Úsáideann an scoláire sonraí chun patrúin a aithint i ngluaiseacht na Gréine, na Gealaí, agus réaltaí agus forbraíonn sé mionsamhlacha chun feiniméin amhail lá agus oíche, ráithí, agus réanna na gealaí a mhíniú agus a thuar. Cruthaíonn athchúrsáil damhna, ar samplaí clúiteacha di timthriallta an charbóin agus an uisce, cúlra saibhir don scoláire chun tuiscint a fhorbairt ar a lán próisis fhisiceacha agus cheimiceacha lena n‑áirítear imchoimeád fuinnimh agus acmhainní fuinnimh, aimsir agus aeráid, agus coincheap na hathchúrsála í féin. Beidh léirthuiscint aige de réir a chéile do thionchar na gníomhaíochta daonna ar an Domhan agus fiosróidh sé ról agus impleachtaí thaiscéalaíocht an duine sa spás.

Baineann sé seo le fiosrúchán ar na hinbhraitigh fhisiceacha, a dhéantar go minic i gcoibhneas le gluaiseacht, le fuinneamh, agus le leictreachas. Trí thurgnaimh chuí faigheann an scoláire tuiscint ar choincheapa bunúsacha amhail fad, am, mais agus teocht. Cabhraíonn sé sin leis ag an am céanna tuiscint a fhorbairt ar an scálú agus ar an réasúnaíocht chionmhar; a aithint go bhfuil gá le haonaid chomónta, agus le trealamh tomhais cuí a roghnú agus a úsáid. Nuair a fhiosraíonn an scoláire coincheapa amhail achar, dlús, sruth, agus fuinneamh, cabhraíonn sé sin leis an cumas a fhorbairt chun réimse d’inbhraitigh fhisiceacha a aithint agus a thomhas, agus trí thurgnaimh a dhéanamh, chun patrúin agus coibhneasa eatarthu a iniúchadh. Dearann agus tógann an scoláire ciorcaid shimplí leictreonacha freisin. Forbraíonn an scoláire tuiscint ar choincheap an fhuinnimh agus conas a aistrítear é ó fhoirm amháin go ceann eile gan aon chailleadh. Déanann sé taighde freisin ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta a eascraíonn as an bhfisic agus as teicneolaíochtaí nua‑aimseartha, agus as an méid leictreachais a ghinimid agus a chaithimid.

Tugann an snáithe seo an scoláire chuig tuiscint ar nithe beo agus conas a idirghníomhaíonn siad lena chéile agus leis an timpeallacht. Sa snáithe seo cuirtear an chill i láthair an scoláire mar bhunaonad na beatha, agus conas a thugann nithe tréithe leo ó ghlúin go glúin. Foghlaimíonn an scoláire faoi éagsúlacht na beatha, faoi phróisis na beatha agus faoin gcaoi ar éabhlóidigh an bheatha. Fiosróidh an scoláire córais an choirp agus conas a idirghníomhaíonn siad, agus foghlaimeoidh sé faoi shláinte an duine. Iniúchfaidh sé nithe beo agus an t‑idirspleáchas agus na hidirghníomhaíochtaí a bhíonn idir iad agus éiceachórais. Foghlaimeoidh sé faoi shaincheisteanna a bhfuil tábhacht shóisialta leo, amhail tionchar an duine ar an domhan nádúrtha.

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama a bhaineann le gach snáithe astu féin anseo, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n‑aonar. Chun tuilleadh béime a chur ar nádúr comhtháite fhoghlaim na heolaíochta, cuirtear torthaí do gach ceann de na snáitheanna comhthéacsúla i ngrúpaí de réir ceithre ghné: Bloic thógála, Córais agus idirghníomhaíochtaí, Fuinneamh, agus Inbhuanaitheacht (Fíor 2).

Cé go bhfuil na torthaí foghlama a bhaineann le gach snáithe leagtha amach ar bhonn scartha anseo, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. Chun tuilleadh béime a chur ar nádúr comhtháite fhoghlaim na heolaíochta (Fíor 2), grúpáiltear torthaí do gach ceann de na snáitheanna comhthéacsúla de réir tagairtí do cheithre heilimint: Bloic tógála, Córais agus idirghníomhaíochtaí, Fuinneamh, agus Inbhuanaitheacht (Fíor 3).

 

Fíor 3: Eilimintí na snáitheanna comhthéacsúla agus an tsnáithe aontaigh, a léiríonn nádúr comhtháite na sonraíochta

 

Tábla 4: Eilimintí na snáitheanna comhthéacsúla

Eilimint

 

Bloic thógála

Díríonn ar na smaointe eolaíochta riachtanacha atá mar bhonn agus mar thaca ag gach snáithe. 

Córais agus idirghníomhaíochtaí

Scrúdaíonn conas a idirghníomhaíonn cnuasach de rudaí beo agus/nó neamhbheo agus de phróisis chun feidhm/eanna éigin a dhéanamh: bíonn fócas ar na hionchuir, ar na haschuir, agus ar choibhneasa idir comhpháirteanna córais. 

Fuinneamh

Coincheap aontach is féidir leis an scoláire a fhorbairt ar fud na snáitheanna: is léir gur gné chomhtháite é mar go mbaineann gach feiniméan a fheicimid ar an domhan agus sa spás le trasfhoirmiú agus le comhathrú fuinnimh.   

Inbhuanaitheacht

Díríonn ar an gcoincheap freastal a dhéanamh ar riachtanais an ama i láthair gan cumas na nglún atá le teacht chun a gcuid riachtanas féin a shásamh a chur i mbaol. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.