Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth‑théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair atá

  • ag teacht leis na hionchais
  • os cionn na n-ionchas
  • thar barr ar fhad.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i gcásanna iarbhír.

Torthaí Foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir do scoláirí a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh tréimhse foghlama. Cuirtear eolaíocht na sraithe sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le difreáil. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus mar sin de, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire san eolaíocht go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.

Chun cabhrú le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le scoláirí na torthaí foghlama a fhiosrú, tá gluais de na briathra gnímh a úsáidtear sa tsonraíocht le fáil in Aguisín 1. Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t‑uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin; níltear ag moladh iontu ach oiread ord inar chóir na torthaí foghlama a fhorbairt sa seomra ranga.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Tuiscint ar an eolaíocht
  1. 1.

    léirthuiscint a bheith aige don chaoi a mbíonn eolaithe ag obair agus don chaoi a gcoigeartaítear tuairimí le himeacht aimsire.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Iniúchadh san eolaíocht
  1. 4.

    sonraí a tháirgeadh agus a roghnú (go cáilíochtúil/go cainníochtúil), sonraí a anailísiú go criticiúil chun patrúin agus coibhneasa a aithint, breathnuithe aimhrialta a aithint, conclúidí a bhaint astu agus na conclúidí a chosaint

  2. 5.

    athbhreithniú agus machnamh a dhéanamh ar na scileanna agus ar an smaointeoireacht a bhíonn i gceist le linn iniúchtaí a dhéanamh, agus a chuid foghlama agus scileanna a chur i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach i gcomhthéacsanna nach bhfuil cur amach aige orthu

  3. 2.

    ceisteanna a aithint atá oiriúnach le haghaidh iniúchadh eolaíochta, hipitéisí intástáilte a chumadh, agus straitéisí chun hipitéisí a iniúchadh a mheasúnú agus a chur i gcomparáid

  4. 3.

    iniúchtaí a dhearadh, a phleanáil agus a dhéanamh; míniú a thabhairt ar an gcaoi a ndearnadh iontaofacht, cruinneas, beaichte, cothroime, sábháilteacht, eitic agus roghnú trealamh cuí a mheas

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cumarsáid san eolaíocht
  1. 6.

    taighde a dhéanamh a bhaineann le saincheist eolaíochta, foinsí difriúla faisnéise a mheasúnú lena n‑áirítear sonraí tánaisteacha, agus tuiscint a bheith aige go mb’fhéidir nach mbeidh mionsonraí ar fáil i bhfoinse nó go mbeidh sí laofa

  2. 7.

    a chuid torthaí taighde agus iniúchta a eagrú agus a chur in iúl ar bhealaí éagsúla a oireann don fheidhm agus don lucht éisteachta, ag úsáid téarmaíocht agus léiriúcháin eolaíochta ábhartha

  3. 8.

    argóintí sna meáin maidir le heolaíocht agus teicneolaíocht a mheasúnú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 An Eolaíocht sa tSochaí
  1. 9.

    thaighde a dhéanamh ar fhaisnéis agus í a chur i láthair faoin méid a dhéanann eolaithe i leith fionnadh agus airgeadh eolaíochta agus faoin tionchar a bhíonn aige sin ar an tsochaí

  2. 10.

    léirthuiscint a bheith aige do ról na heolaíochta sa tsochaí; agus ar a tábhacht ar bhonn pearsanta, sóisialta agus domhanda; agus don chaoi a n‑imríonn an tsochaí tionchar ar thaighde eolaíochta 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Bloic Thógála
  1. 1.

    cur síos a dhéanamh ar na coibhneasa idir réada neamhaí áirithe lena n‑áirítear gealacha, astaróidigh, cóiméid, pláinéid, réaltaí, grianchórais, réaltraí agus spás 

  2. 2.

    samhail eolaíoch a fhiosrú chun bunús na cruinne a léiriú 

  3. 3.

    sonraí a léirmhíniú chun an Domhan a chur i gcomparáid le pláinéid agus le gealacha eile sa ghrianchóras, agus tagairt a dhéanamh dá n‑airíonna ina measc mais, domhantarraingt, méid agus comhdhéanamh 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Córais agus idirghníomhaíochtaí
  1. 4.

    mionsamhail de chóras an Domhain‑na Gréine‑na Gealaí a fhorbairt agus a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar fheiniméin intuartha atá inbhraite ón Domhan, lena n‑áirítear séasúir, réanna na gealaí, agus urú na gréine agus na gealaí 

  2. 5.

    cur síos a dhéanamh ar thimthriall an damhna, lena n‑áirítear timthriall carbóin agus uisce, á cheangal le feiniméin bhitheolaíocha agus atmaisféaracha 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Fuinneamh
  1. 6.

    taighde a dhéanamh ar fhoinsí difriúla fuinnimh; tuairim eolasach a cheapadh agus a chur in iúl ar bhealaí is féidir freastal ar riachtanais fuinnimh an domhain san am i láthair agus sa todhchaí 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Inbhuanaitheacht
  1. 7.

    léiriú a thabhairt ar an gcaoi a dtéann próisis an domhain agus tosca daonna i gcion ar aeráid an Domhain, iarmhairtí an athraithe aeráide agus tionscnaimh a dhéanann iarracht dul i ngleic leis na hiarmhairtí sin a mheasúnú

  2. 8.

    scrúdú a dhéanamh ar roinnt de na guaiseacha agus de na tairbhí reatha a bhaineann le taiscéalaíocht sa spás agus ról agus impleachtaí taiscéalaíocht spáis sa tsochaí amach anseo a phlé

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Bloic Thógála
  1. 1.

    iniúchadh cé acu a athraítear nó nach n‑athraítear mais nuair a tharlaíonn athruithe ceimiceacha agus fisiceacha 

  2. 3.

    cur síos agus samhaltú a dhéanamh ar struchtúr an adaimh i dtéarmaí an núicléas, na bprótón agus na leictreon; ag cur i gcomparáid maise agus lucht prótón, neodrón agus leictreon

  3. 4.

    substaintí a rangú mar dhúile, comhdhúile, meascáin, miotail, neamh‑mhiotail, solaid, leachtanna, gáis agus tuaslagáin 

  4. 2.

    mionsamhlacha a fhorbairt agus a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar nádúr adamhach an damhna; an chaoi a dtugann siad cuntas simplí ar imchoimeád na maise, athruithe staide, athrú fisiceach, athrú ceimiceach, meascáin, agus a ndeighilt a thaispeáint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Córais agus idirghníomhaíochtaí
  1. 7.

    éifeacht roinnt athróg ar ráta na n‑imoibrithe ceimiceacha a iniúchadh, ina measc táirgeadh gás comónta agus imoibrithe bithcheimiceacha

  2. 8.

    imoibrithe idir aigéid agus bunanna a iniúchadh; táscairí agus scála pH a úsáid

  3. 5.

    an Tábla Peiriadach a úsáid chun tuar a dhéanamh ar chóimheas na n‑adamh i gcomhdhúile ina bhfuil dhá dhúil

  4. 6.

    airíonna ábhar difriúil a iniúchadh lena n‑áirítear intuaslagthachtaí, seoltacht, leáphointí agus fiuchphointí 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Fuinneamh
  1. 9.

    léaráidí simplí de phróifíl fuinnimh a úsáid chun athruithe fuinnimh a léiriú agus imoibrithe ceimiceacha a mheas i dtéarmaí fuinnimh, ag úsáid na dtéarmaí eisiteirmeach, inteirmeach agus fuinneamh gníomhachtúcháin

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Inbhuanaitheacht
  1. 10.

    measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n‑imríonn an duine tionchar ar an inbhuanaitheacht trí ábhair a bhaint, a úsáid, a dhiúscairt, agus a athchúrsáil

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Bloic Thógála
  1. 1.

    uirlisí cuí tomhais a roghnú agus a úsáid

  2. 2.

    fad, mais, am, teocht, achar, toilleadh, dlús, luas, luasghéarú, fórsa, difríocht poitéinsil, sruth, friotaíocht, cumhacht leictreach a aithint agus a thomhas/ríomh 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Córais agus idirghníomhaíochtaí
  1. 3.

    patrúin agus coibhneasa idir inbhraitigh fhisiceacha a iniúchadh

  2. 4.

    taighde agus plé a dhéanamh ar fheidhmiú teicneolaíoch fisice i dtéarmaí tionchar eolaíoch, sochaíoch agus comhshaoil  

  3. 5.

    ciorcaid shimplí leictreonacha a dhearadh agus a thógáil

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Fuinneamh
  1. 6.

    imchoimeád fuinnimh a mhíniú agus próisis a anailísiú i dtéarmaí athruithe fuinnimh agus ídithe

  2. 7.

    gaireas a dhearadh, a thógáil agus a thástáil a aistríonn fuinneamh ó fhoirm amháin go ceann eile chun feidhm a chomhlíonadh; cur síos a dhéanamh ar na hathruithe fuinnimh agus ar bhealaí chun an éifeachtúlacht a fheabhsú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Inbhuanaitheacht
  1. 8.

    taighde agus plé a dhéanamh ar na saincheisteanna eiticiúla agus inbhuanaitheachta a eascraíonn as an méid leictreachais a ghinimid agus a chaithimid.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Bloic Thógála
  1. 1.

    struchtúir cealla ainmhithe agus plandaí a iniúchadh agus iad a nascadh lena bhfeidhmeanna 

  2. 2.

    cur síos a dhéanamh ar atáirgeadh éighnéasach agus gnéasach; patrúin a fhiosrú in oidhreachtúlacht agus in éagsúlacht saintréithe a rialaítear go géiniteach 

  3. 3.

    breac-chuntas a thabhairt ar an éabhlóid trí roghnú nádúrtha agus ar an gcaoi a míníonn sí éagsúlacht nithe beo 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Córais agus idirghníomhaíochtaí
  1. 4.

    cur síos a dhéanamh ar struchtúr, ar fheidhm, agus ar idirghníomhaíochtaí orgáin chórais díleá, imshruthaithe agus riospráide an duine 

  2. 5.

    staidéar gnáthóige a dhéanamh; taighde agus iniúchadh a dhéanamh ar oiriúnú, ar iomaíocht agus ar idirspleáchas orgánach laistigh de ghnáthóga agus de chomhphobail ar leith

  3. 6.

    measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann na nithe seo i bhfeidhm ar shláinte an duine: tosca oidhreachtúla agus tosca timpeallachta lena n‑áirítear cothúchán; roghanna stíl mhaireachtála; ról micrea‑órgánach ar shláinte an duine a scrúdú 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Fuinneamh
  1. 7.

    cur síos a dhéanamh ar riospráid agus ar fhótaisintéis mar phróisis atá idir cheimiceach agus bhitheolaíoch; tosca a imríonn tionchar ar riospráid agus ar fhótaisintéis a iniúchadh 

  2. 8.

    an chaoi a sileann damhna agus fuinneamh trí éiceachórais a mhíniú 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Inbhuanaitheacht
  1. 9.

    atáirgeadh gnéasach daonna a mhíniú; saincheisteanna míochaine, eiticiúla agus sochaíocha a phlé

  2. 10.

    measúnú a dhéanamh ar na bealaí ar féidir le daoine an bhithéagsúlacht éiceolaíoch a chaomhnú agus cur le táirgeadh domhanda an bhia; léirthuiscint a bheith aige do na tairbhí a bhaineann daoine as éiceachórais 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.