Corpoideachas
Sa Chorpoideachas sa tSraith Shóisearach féachtar le hinspreagadh na ndaltaí a mhéadú agus dea-nósanna a chothú iontu maidir le gníomhaíocht fhisiceach, laistigh agus lasmuigh den scoil. Foghlaimíonn na scoláirí raon gníomhaíochtaí fisiceacha agus cothaítear na scileanna agus an fhéinmhuinín riachtanach chun a bheith rannpháirteach iontu. Lena chois sin, foghlaimíonn siad a thábhachtaí atá gníomhaíocht fhisiciúil ó thaobh na sláinte agus na rannpháirtíochta de.