OSSP (Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil)
Is é aidhmeanna OSSP sa tSraith Shóisearach na scoláirí a fhorbairt mar shaoránaigh ghníomhacha a bhfuil na tréithe seo a leanas i bpáirt acu:
- braistint muintearais
- an cumas eolas a fháil agus oibriú laistigh de struchtúr na sochaí ina maireann siad
- an cumas agus an fhéinmhuinín is gá chun bheith páirteach sa tsochaí dhaonlathach.
Measúnófar an cúrsa reatha OSSP den uair dheiridh in 2019. Ciallaíonn sin gur i bhfoirm ghearrchúrsa a chuirfear foghlaim i dtaca le hoideachas saoránach ar fáil do dhaltaí a thosaíonn ar a gcuid iar-bhunoideachais i Meán Fómhair 2016 agus dá éis.