Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Cuireann an tOideachas Reiligiúin forbairt iomlánaíoch an scoláire chun cinn. Éascaítear forbairt intleachtúil, shóisialta, mhothúchánach, spioradálta agus mhorálta an scoláire. Tugann an tOideachas Reiligiúin spás ar leith don scoláire le dul i ngleic leis na ceisteanna is doimhne agus is bunúsaí faoin saol, faoi bhrí agus faoi chaidrimh, agus tugtar spás dó chun na ceisteanna sin a phlé. Spreagann sé an scoláire le machnamh a dhéanamh, le ceisteanna a chur, le léirmheas agus léirmhíniú a dhéanamh agus le léargas ar an saol a lorg dó féin. Spreagtar agus tacaítear le taithí an scoláire féin agus é ag iarraidh brí a bhaint as go leanúnach.  

Tacaíonn an tOideachas Reiligiúin leis an scoláire trí chabhair a thabhairt dó leis an gcaoi ina léirítear creidimh reiligiúnacha agus creidimh eile a fhiosrú; le dul i ngleic le ceisteanna móra an tsaoil; le machnamh a dhéanamh ar luachanna morálta don saol.  

De réir mar a fhoghlaimíonn an scoláire conas maireachtáil i ndomhan atá ag éirí níos mó agus níos mó iolraíche an t-am ar fad, tá ról ríthábhachtach ag an Oideachas Reiligiúin sa churaclam chun deiseanna a chur ar fáil don scoláire le machnamh a dhéanamh ar an éagsúlacht creideamh reiligiúnach atá in Éirinn agus in áiteanna eile, chun feasacht a fháil ar na tuiscintí difriúla ar Dhia atá ann, agus chun iniúchadh a dhéanamh ar léirmhínithe eile ar an saol. Spreagtar meas agus tuiscint maidir le creidimh, tuairimí agus modhanna saoil éagsúla, lena n-áirítear an fhreagairt reiligiúnach agus neamhreiligiúnach ar an saol araon.  

D’imir eachtraí stairiúla tionchar ar reiligiún agus a mhalairt, rud atá fós ag tarlú sa lá atá inniu ann. Faigheann an scoláire creat tábhachtach ón Oideachas Reiligiúin chun tuiscint a fháil ar eachtraí, ar ghníomhaíochtaí agus ar chreidimh ón am atá thart agus ón lá inniu, agus ar a dtionchar i gcomhthéacs shaol na ndaoine. Cuireann sé tuiscint faoin reiligiúin chun cinn gur rud dinimiciúil, atá éagsúil go hinmheánach agus atá ag síorathrú thar am atá ann. Sa chomhthéacs Éireannach, tugann Oideachas Reiligiúin deis don scoláire tuiscint a fhorbairt maidir leis an gcaoi inar chuir reiligiúin éagsúla, agus an Chríostaíocht go háirithe, leis an tsochaí ina mairimid.  

Bíonn go leor imní ar dhaoine sa lá atá inniu ann, agus go minic bíonn gá le freagairt eiticiúil. Tá ról tábhachtach ag an Oideachas Reiligiúin chun an scoláire a spreagadh le dul i ngleic go tomhaiste le córais chreidimh agus prionsabail a bhaineann le hiompar morálta a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn faoi chinntí.  

Cabhraíonn an tOideachas Reiligiúin le heolas, tuiscint, scileanna, dearcadh agus luachanna a thabhairt don scoláire a thacóidh leis ina aistear saoil agus lena gcuirfear ar a chumas páirt a ghlacadh ina phobal agus sa domhan mór mar bhall eolach, urramach, freagrach agus tuisceanach den tsochaí. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.