Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Tá an tsonraíocht d’Oideachas Reiligiúin na Sraithe Sóisearaí bunaithe ar thrí shnáithe idirnasctha:

  • Creidimh a chur in iúl
  • Ceisteanna a fhiosrú
  • Ár luachanna i mbun gnímh

overview of course diagram

Faoin snáithe seo forbrófar cumas an scoláire chun tuiscint, meas agus léirthuiscint a fháil ar an gcaoi inar cuireadh creidimh daoine in iúl san am atá thart agus sa lá atá inniu ann trí stíl mhaireachtála, cultúr, nósanna agus deasghnátha, forbairt phobail, gníomhú sóisialta agus modhanna maireachtála. Cuirtear ar chumas an scoláire léirthuiscint a fháil faoin gcaoi ina maireann daoine bunaithe ar a gcreidimh éagsúla—creidimh reiligiúnacha nó creidimh de chineálacha eile. Dírítear chomh maith ar thuiscint agus meas a chothú don éagsúlacht i ngach reiligiún.

Faoin snáithe seo cuirtear ar chumas an scoláire fiosrú a dhéanamh ar roinnt de na ceisteanna faoi bhrí, cuspóir agus creidimh a mbíonn daoine ag machnamh orthu. Foghlaimeoidh sé faoin bhfreagairt ar na ceisteanna sin a bhíonn ag daoine ag a bhfuil creidimh reiligiúnacha éagsúla agus tuiscintí éagsúla ar an saol. Dírítear ar eolas, tuiscint, scileanna, tuairimí agus luachanna an scoláire a fhorbairt ionas go mbeidh sé ábalta na ceisteanna móra seo a fhiosrú, a léirmhíniú agus a anailísiú, agus machnamh a dhéanamh orthu trí dhialóg a dhéanamh le chéile.

Faoin snáithe seo dírítear ar an scoláire a chumasú le go mbeidh sé in ann na luachanna taobh thiar de ghníomhartha a thuiscint agus machnamh a dhéanamh ina leith. Dírítear ar é a chumasú chomh maith le haithint a thabhairt ar an gcaoi ina n-oibríonn cinnteoireacht mhorálta ina shaol féin agus i saol daoine eile bunaithe ar luachanna agus/nó creidimh áirithe. Cuirtear ar chumas an scoláire chomh maith a bheith páirteach i ndíospóireacht eolach maidir le ceisteanna morálta agus le tuairimí, luachanna agus creidimh a chur trasna agus a mhíniú le meas.

Tá roinnt gnéithe idirnasctha mar bhonn taca ag na trí shnáithe: 

  • Fiosrúchán 
  • Fiosrú
  • Machnamh agus gníomh

Leis na gnéithe seo déantar cur síos ar thacar scileanna agus ar chur chuige foghlama atá tábhachtach don Oideachas Reiligiúin. 

Baineann an ghné seo le fiosracht an scoláire a spreagadh chun é a chur ag machnamh faoi ábhar nó ceist. Trí phróiseas fiosrúcháin, téann an scoláire i ngleic le réimse ábhar spreagthach chun eolas a nochtadh maidir leis na smaointí, fíricí, íomhánna agus tuairimí a bhaineann le hábhar nó ceist.

Baineann an ghné seo le mionscrúdú a dhéanamh ar ábhar nó ar cheist, ag ceistiú, ag fiosrú, ag plé, ag éisteacht, ag samhlú, ag léirmhíniú agus ag teacht ar chonclúidí, ar mhaithe le rudaí a thabhairt chun solais. Chomh maith leis sin, dírítear ar dhialóg a spreagadh agus ar léirthuiscint a fháil ar an éagsúlacht léirmhínithe agus freagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Faoin ngné seo dírítear ar mhachnamh an scoláire ar a bhfuil foghlamtha aige, agus ar a thaithí féin leis an gceist, agus/nó ar a fhreagairt uirthi. Spreagtar an scoláire chun fiosrú a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha aige d’fhonn tuiscint agus léargas níos doimhne a fháil. Chomh maith leis sin cumasaítear an scoláire chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ina mbaineann a bhfuil foghlamtha aige lena shaol, agus/nó le saol daoine eile, agus spreagtar saoránacht ghníomhach fhreagrach mar thoradh air sin.

Dearadh Oideachas Reiligiúin na Sraithe Sóisearaí le haghaidh íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Socrófar na Measúnuithe Rangbhunaithe ag leibhéal comónta agus beidh an scrúdú deireanach, a mheasfar go seachtrach, ag leibhéal comónta.

Tugann an tsonraíocht saoirse don mhúinteoir chun an fhoghlaim a éascú ar bhealach a léiríonn roghanna, fiosracht agus creidimh an scoláire féin. Ag oibriú leis an tsonraíocht seo, déanfaidh an múinteoir eispéiris fhoghlamtha ábhartha a phleanáil, ar eispéiris iad a bheidh scoláirí ó réimse cúlraí, creidimh agus a bhfuil dearcadh éagsúil ar an domhain acu in ann dul i ngleic leo. Agus na torthaí foghlama á n-úsáid, ba cheart don mhúinteoir foghlaim chuimsitheach tharraingteach a phleanáil a fhreagraíonn do shuimeanna agus ceisteanna an scoláire. Cé go bhféadfadh sé go mbainfidh scoláire leas as a thaithí féin i scrúdú, ní dhéanfar measúnú ar a dhílseacht phearsanta don chreideamh agus/nó ar a pháirt i ngrúpa reiligiúnach áirithe.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.