Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifead agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.  

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú in Oideachas Reiligiúin na sraithe sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama.  

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus nuair a dhíríonn an tuairisciú ní hamháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe. 

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

Cuimseoidh an measúnú ar an Oideachas Reiligiúin le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí dhá Mheasúnú Rangbhunaithe, Duine tiomanta agus Sa tóir ar bhrí na beatha, agus scrúdú deiridh. Chomh maith leis sin, cuireann an scoláire Tasc Measúnaithe scríofa i gcrích a bhaineann leis an dara Measúnú Rangbhunaithe, agus cuirtear faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit é lena mharcáil i dteannta an scrúdaithe deiridh.

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sna measúnuithe sonracha a leagtar amach sa tsonraíocht. Tá na Measúnuithe Rangbhunaithe cosúil leis an measúnú foirmitheach a tharlaíonn gach lá i ngach rang. Mar sin féin, i gcás na Measúnuithe Rangbhunaithe, breactar síos breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire. Bainfidh na Measúnuithe Rangbhunaithe le hobair an scoláire le linn an dara agus an tríú bliain d’oideachas na sraithe sóisearaí.  

Tá nasc idir na Measúnuithe Rangbhunaithe agus na tosaíochtaí don fhoghlaim agus don teagasc in Oideachas Reiligiúin na Sraithe Sóisearaí. Dá bhrí sin, deartar na Measúnuithe Rangbhunaithe chun tacú le fiosrúchán, fiosrú agus machnamh agus gníomh an scoláire.  

Agus é ag glacadh páirt i dtaithí foghlama fiúntach agus praiticiúil a bhfuil spéis phearsanta aige ann, agus a bhaineann leis, trí na Measúnuithe Rangbhunaithe gheobhaidh an scoláire na deiseanna seo a leanas: 

  • taighde a dhéanamh ar ábhar a bhfuil spéis aige ann  
  • teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun a chuid foghlama a fhoghlaim agus a chur i láthair 
  • anailísiú a dhéanamh ar fhaisnéis agus conclúidí agus léargas pearsanta a thabhairt chun solais  
  • foghlaim lasmuigh den seomra ranga a dhéanamh 
  • pleananna a shocrú, spriocanna a leagan síos agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh aige chun a spriocanna a bhaint amach  
  • cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus go héifeachtach 
  • comhoibriú le daoine eile ar thascanna 
  • machnamh pearsanta a dhéanamh ar a chuid foghlama

Trí na Measúnuithe Rangbhunaithe forbróidh an scoláire a chuid eolais, tuisceana, scileanna, tuairimí agus luachanna, agus ar an mbealach sin bainfidh sé amach réimse torthaí foghlama thar na snáitheanna.

Teideal  Duine tiomanta
Leagan amach Tuairisc aonair nó ghrúpa ar féidir í a chur i láthair i réimse leathan leaganacha amach
Ullmhúchán an scoláire Thar thréimhse áirithe ama, déanfaidh an scoláire taighde ar dhuine ar imir a chreidimh reiligiúnacha nó a dhearcadh ar an domhan tionchar dearfach ar an saol ina thimpeall, san am atá thart nó sa lá atá inniu ann
An measúnú a chur i gcrích  I dtreo dheireadh an dara bliain

Teideal  An measúnú a chur i gcrích
Leagan amach Tuairisc aonair nó ghrúpa ar féidir í a chur i láthair i réimse leathan leaganacha amach
Ullmhúchán an scoláire Thar thréimhse áirithe ama, déanfaidh an scoláire fianaise ealaíonta nó ailtireachta nó seandálaíochta a fhiosrú a thaispeánann bealaí ina ndeachaigh daoine i ngleic le creideamh reiligiúnach/sa tóir ar bhrí agus cuspóir na beatha. 
An measúnú a chur i gcrích Le linn an chéad téarma den tríú bliain

Tabharfaidh an scoláire faoi Thasc Measúnaithe nuair a bheidh an dara Measúnú Rangbhunaithe curtha i gcrích aige. Déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit é a mharcáil agus tabharfar 10% de na marcanna a bheidh ar fáil ina leith.  

Déanfar measúnú sa Tasc Measúnaithe ar ghnéithe éagsúla d’fhoghlaim an scoláire, lena n-áirítear an cumas atá aige machnamh a dhéanamh ar:  

  • eolas nó ar thuiscint nua a tháinig chun cinn le linn a thaithí dó an Measúnú Rangbhunaithe a dhéanamh agus cad a chiallaíonn sin dó 
  • na scileanna, na tuiscintí agus na luachanna a d’fhorbair sé, agus an cumas atá aige iad a chur i bhfeidhm sa todhchaí  
  • na creidimh agus na tuiscintí a tháinig chun cinn le linn an Mheasúnaithe Rangbhunaithe agus ar an gcaoi ina gcabhróidh siad leis agus é ag dul i ngleic le dúshláin an tsaoil.

Beidh scrúdpháipéar amháin ann ag leibhéal comónta, a shocróidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Mairfidh an scrúdú dhá uair an chloig agus beidh sé ar siúl ag deireadh an tríú bliain. Le linn an mheasúnaithe sin, iarrfar ar an scoláire dul i ngleic le hábhar spreagtha, a thaispeáint go dtuigeann sé é, agus freagraí scríofa a thabhairt ina thaobh.  

I mbliain áirithe ar bith, is éard a bheidh sna torthaí foghlama atá le measúnú sampla de na torthaí ábhartha ó na trí thábla de thorthaí foghlama atá leagtha amach sa tsonraíocht seo.

Ceadaítear cleachtais mheasúnaithe chuimsitheacha sa tsonraíocht, bíodh sin mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, d’fhéadfaí socrú réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh an socrú, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.