Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifead agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i gCeol na Sraithe Sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus tugtar an deis dá réir do na múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), áireofar san fhoireann uirlisí ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh
  • gluais measúnaithe.

Áireofar san fhoireann uirlisí an réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar an gCeol le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) dhá Mheasúnú Rangbhunaithe: Punann Chumadóireachta agus Nóta Cláir; scrúdú praiticiúil agus scrúdú scríofa. Cuirfear na measúnuithe ar fad ar fáil ag leibhéal comónta. Déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú ar an scrúdú praiticiúil (a bhíonn ar siúl ag druidim le deireadh na tríú bliana) agus an scrúdú scríofa i Meitheamh sa tríú bliain. 

Dhá mharcóir shoiléire atá sna Measúnuithe Rangbhunaithe do Cheol na Sraithe Sóisearaí i dturas foghlama an scoláire, agus iad ina gcuid lárnach freisin de mheasúnú leanúnach agus de ghnáthchleachtas seomra ranga. Sa dóigh seo tá siad cosúil leis an measúnú foirmitheach a tharlaíonn i dtrá agus tuile idirghníomhaíocht an tseomra ranga a tharlaíonn gach lá sa rang. Mar sin féin, i gcás na Measúnuithe Rangbhunaithe, breactar síos breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire.

 

Beidh dhá Mheasúnú Rangbhunaithe i gCeol na sraithe sóisearaí. Bainfidh na Measúnuithe Rangbhunaithe le hobair an scoláire le linn na dara agus na tríú bliana d’oideachas na sraithe sóisearaí.

Thar thrí bliana na sraithe sóisearaí, tabharfar deiseanna don scoláire chun a chruthaitheacht a spreagadh, iniúchadh a dhéanamh ar an léiriú agus a smaointe a chur in iúl, agus tuiscint a fhorbairt ar conas is féidir leis an gceol a lán rudaí a fhoghlaim dúinn faoi chultúir agus faoi shochaithe. Tá nasc idir na Measúnuithe Rangbhunaithe agus na tosaíochtaí don fhoghlaim agus don teagasc sa cheol. Tabharfaidh na Measúnuithe Rangbhunaithe na deiseanna agus an meán seo a leanas don scoláire:

  • comhoibriú le daoine eile ar iarrachtaí cruthaitheacha
  • taighde a dhéanamh ar fhaisnéis ag baint úsáid as réimse cuí modhanna
  • é féin a chur in iúl i gcomhthéacs neamh-bhriathartha
  • cumarsáid éifeachtach a dhéanamh go muiníneach
  • tuiscint a fhorbairt ar an ngaol idir an ceol agus sochaithe
  • machnamh a dhéanamh ar a dhul chun cinn agus a roghanna ceoil.

I gcás an Mheasúnaithe Rangbhunaithe seo, tugtar deis don scoláire ceiliúradh a dhéanamh ar a éachtaí mar chruthaitheoir déantán ceoil, ach bailiúchán dá smaointe ceoil agus léirithe cruthaitheacha a chur le chéile i réimse seánraí agus stíleanna éagsúla le himeacht ama.

Tríd an bpróiseas seo beidh sé ar chumas an scoláire a ghuth ceoil agus a fhéiniúlacht a fhorbairt. Agus ceol á chumadh aige dá lucht éisteachta roghnaithe foghlaimeoidh an scoláire conas smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú.

Tá forbairt léirithe chruthaithigh sa cheol ina ghné lárnach sa chúrsa seo, faoi mar atá léirithe sa bhunús. Tá sé tábhachtach go gcuirfí meon cruthaitheach ina luí ar an scoláire lena mbeidh sé éasca dó turgnaimh a dhéanamh, lenar féidir leis dul sa seans, lena spreagfar é le deiseanna nua agus dúshlánacha a iniúchadh agus lenar féidir leis machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas cruthaitheach.

 

I bhformhór cásanna, tiocfaidh saothar i mbailiúchán an scoláire as trá agus tuile an chleachtais sa seomra ranga. Le bailiúcháin shaothair chumtha an scoláire cuirtear rannpháirtíocht an scoláire chun cinn nuair a dhéanann an scoláire an méid seo a leanas:

  • an spreagthach don saothar cruthaitheach a shainaithint agus a roghnú
  • an fhormáid (na formáidí) ina gcruthófar an píosa ceoil a roghnú
  • a smaointe a fhorbairt trí bheith i mbun gnéithe eile den chúrsa ceoil.

 

Roghnóidh an scoláire dhá phíosa ón bpunann chumadóireachta chun críocha measúnaithe.

Cuirfear béim sa ghníomhaíocht mheasúnaithe seo ar chruthú sraith saothar cumtha ceoil ina bhféadfadh na roghanna seo a leanas a bheith:

  • freagairt do spreagthach éisteachta nó amhairc
  • píosa ceoil atá ann cheana a eagrú
  • freagra a thabhairt ar mhír (míreanna) atá ann cheana
  • ceol a chur le téacs
  • freagairt ar scéal nó ar théacs
  • gligín fógraíochta a chruthú
  • píosa ceoil leictreafhuaime a chumadh
  • ceol le haghaidh imeacht scoile
  • ceol mar fhreagairt ar eispéireas pearsanta.

 

Níl an liosta seo beartaithe le bheith ina liosta uileghabhálach, ach úsáidtear é lena thabhairt le fios gur cheart don bhailiúchán a bheith ina bhailiúchán éagsúil. Is féidir leis na roghanna atá cuimsithe ann forluí ar a chéile, níl teorainn ar bith ar na roghanna is féidir leis an scoláire a dhéanamh.

 

Is féidir leis na saothair chumtha a bheith i stíl/seánra ceoil ar bith agus is féidir iad a scríobh d’uirlis nó do ghuth agus mar thaibhiú aonréadach nó grúpa. Is féidir é seo a chur i láthair i bhfoirm scríofa, dhigiteach, físe nó fuaime, nó in aon fhormáid eile a mheasann an scoláire a bheith oiriúnach chun bunbhrí a smaointe a thabhairt le fios.

Tá bonn agus bonn eolais á chur faoin Measúnú Rangbhunaithe seo, ina fhócas ar an gcineál forbartha agus céimnithe a bhaineann le hiniúchadh a dhéanamh ar smaointe cruthaitheacha, agus ar an scoláire tuiscint ar an bpróiseas cruthaitheach a fhorbairt. An dóigh is fearr le tacú leis seo ná trí chleachtas leanúnach an scoláire san iarracht ealaíonta seo. Chun na críocha sin, spreagtar an scoláire le dréachtaí, athdhréachtaí, agus saothair eile i dtaca leis na saothair chumtha a chuimsiú, cé nach sannfar tuairisceoir leis an saothar seo.

Ní mór machnamh scoláire a chuimsiú le gach ceann den dá shaothar cumtha a roghnófar chun críocha measúnaithe. Is é is aidhm leis sin an deis a thabhairt don scoláire ráiteas gairid a leagan amach ar chuspóir nó ar rún an smaoinimh chruthaithigh, agus iarrann sé ar an scoláire an méid a d’fhoghlaim sé ón bpróiseas agus cad a dhéanfadh sé ar bhealach difriúil ar ócáid ina dhiaidh sin a léiriú.

Don Mheasúnú Rangbhunaithe seo, ullmhóidh an scoláire nóta cláir chun eolas a thabhairt do lucht éisteacht faoin ábhar ar a thaibhiú atá ag teacht ina mbeidh scrúdú praiticiúil san áireamh ann féin.

Déanfaidh an scoil an measúnú foirmitheach a bhaineann leis an nóta seo a dhéanamh a thuairisciú don scoláire agus don tuismitheoir/chaomhnóir faoi mar a dhéantar le gach dara Measúnú Rangbhunaithe.  Mar sin féin, faoi mar atá sé mionsonraithe thíos, déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) an taibhiú a chomhdhéanann an scrúdú praiticiúil a ghrádú.

Tá an nóta cláir seo beartaithe chun léargas a thabhairt ar ábhar an taibhithe atá ag teacht ar bhealach suimiúil agus ábhartha. Cé go bhfuil an léargas seo tábhachtach don lucht éisteachta, saibhríonn sé taibhiú a dhéanfaidh an scoláire chomh maith, toisc nuair a bhíonn eolas ar fáil faoi scéalta na saothar cumtha bíonn tionchar aige sin ar thaibhiú na bpíosaí sin.

Nuair a chuirtear roinnt eolais chúlra faoi na cumadóirí nó na cumadóirí amhrán ar fáil is féidir léargas tábhachtach faoina rúin, agus tuiscint ar comhthéacs níos leithe an cheoil a thaibheofar a chur ar fáil. Trí chomharthaí a chur ar fáil don éisteoir faoin méid a bheidh súil aige a chloisteáil agus roinnt scéilíní suimiúla a thabhairt faoin gcumadóir nó faoin bpíosa, saibhrítear a eispéireas agus tugtar eolas dó faoi.

D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith sa chlár:

  • tús eolais gairid ar na cumadóirí/cumadóirí amhrán
  • cur síos ar chomhthéacs stairiúil na bpíosaí agus ar na cúinsí a bhaineann leis an saothar cumtha
  • pointe suimiúil ceoil amháin i ngach píosa a bheidh súil ag an lucht éisteachta a chloisteáil
  • eiseamláirí cáiliúla de phort nó uirlis
  • ról an scoláire i dtaibhiú grúpa.

Beidh tionchar ag a lán tosca ar struchtúr an nóta cláir, agus tabharfar an tsolúbthacht don scoláire méideanna áirithe béime a chur ar ghnéithe agus ar thréithe ceoil éagsúla.

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dtreoirlínte measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú i gCeol na Sraithe Sóisearaí, ina leagtar amach treoracha ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an t-ábhar agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh obair an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí don Mheasúnú CNCM freisin le húsáid i measúnú leanúnach ranga ar Cheol na Sraithe Sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Beidh scrúdú praiticiúil agus scrúdú scríofa i gceist sa scrúdú deiridh. Tabharfar 30% de na marcanna a bheidh ar fáil i leith an scrúdaithe phraiticiúil. Tabharfar 70% de na marcanna a bheidh ar fáil i leith an scrúdaithe scríofa.

Scrúdú praiticiúil

Déanfar an scrúdú praiticiúil sa tríú bliain. Taibheoidh an scoláire trí amhrán/phíosa ceoil. Is féidir taibhiú aonréadach agus grúpa a mheascadh gan srian. Is féidir na hamhráin/píosaí a chur i láthair ar uirlisí éagsúla chomh maith nó tríd an nguth agus uirlisí le chéile. Déanfar measúnú ar rialú teicniúil, líofacht agus ceolmhaireacht. Tiocfaidh an caighdeán a theastaíonn leis an méid is féidir a bhaint amach i dteagasc rangbhunaithe trí bliana.

Déanfaidh an scoláire scrúdú neamhullmhaithe chomh maith. Roghnódh sé as cluaschuimhne nó (rithimeach nó séis), nó amharcléamh (uirlis/guth/rithimeach) nó tobchumadóireacht. Beidh ceithre bharra sna scrúduithe cluaschuimhne agus amharcléimh. I gcás tobsmaointeoireachta, beidh ar an scoláire tobsmaointeoireacht le haghaidh ceithre bharra ar a laghdú a dhéanamh.

 

Tabharfar 30% de na marcanna a bheidh ar fáil i leith an scrúdaithe scríofa agus déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) é a mharcáil. 

Scrúdú scríofa

Beidh scrúdpháipéar amháin ann ag leibhéal comónta. Déanfaidh CSS an páipéar seo a shocrú agus a mharcáil agus tabharfar 70% de na marcanna don mheasúnú deiridh ina leith. Mairfidh an scrúdú uair a chloig go leith agus beidh sé ar siúl ag deireadh na tríú bliana. Le linn an mheasúnaithe sin, iarrfar ar an scoláire dul i ngleic le hábhar spreagtha, a thaispeáint go dtuigeann sé é, agus freagraí scríofa a thabhairt ina thaobh.

 

I mbliain amháin ar bith, is éard a bheidh sna torthaí foghlama atá le measúnú sampla de na torthaí ábhartha ó tháblaí na dtorthaí foghlama.

Tá lamháil sa tsonraíocht seo le haghaidh cleachtais mheasúnaithe chuimsitheacha, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann cúntóir riachtanas speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.