Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ráitis Foghlama

Déantar cur síos ar an bhfoghlaim a bhíonn ag croílár na Sraithe Sóisearaí sna 24 ráiteas foghlama. Tá na ráitis foghlama sin lárnach do thaithí an scoláire ar chlár na sraithe sóisearaí. Tugtar breac-chuntas thíos ar na ráitis foghlama is suntasaí a dtacaíonn an tsonraíocht seo leo. 

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha
RF 2 Éisteann, labhraíonn, léann agus scríobhann an scoláire sa T2 agus i dteanga amháin eile ag leibhéal inniúlachta atá ag teacht lena c(h)umas féin.  Forbróidh an scoláire a chumas cumarsáide teanga ach páirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna teanga sna scileanna comhtháite teanga: éisteacht, léitheoireacht, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríbhneoireacht. 
RF 6 Tuigeann an Tuigeann an scoláire mar a chuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu. Déanfaidh an scoláire machnamh ar na luachanna, ar na creidimh agus ar na traidisiúin a bhaineann le cultúr eile. Trína dhéanamh seo, gnóthóidh sé léargas níos cuimsithí ar a chultúr féin agus forbróidh sé dearcadh dearfach i leith na héagsúlachta chomh maith le meas agus fiosracht faoin éagsúlacht. Chomh maith leis sin, forbróidh sé feasacht ar an tsochaí ilteangach ilchultúrtha ina maireann sé agus léirthuiscint di. 
RF 16 Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú. Foghlaimeoidh an scoláire an dóigh a n-oibríonn an sprioctheanga; déanfaidh sé iniúchadh, cur síos agus míniú ar phatrúin amhail ord na bhfocal, deirí focal, tógáil abairtí agus an córas briathra. Ach comparáid a dhéanamh idir an sprioctheanga agus teangacha eile atá aige, scrúdóidh an scoláire an caidreamh idir teangacha agus gnóthóidh sé léargas níos cuimsithí ar an dóigh a n-oibríonn a theanga féin. 
RF 24 Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteach chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. Úsáidfidh an scoláire teicneolaíochtaí digiteacha chun teacht ar fhaisnéis a bhaineann leis an sprioctheanga agus leis an sprioc-chultúr, chun oibriú le raon formáidí (formáidí scríofa, fuaime, físe) agus chun cumarsáid a dhéanamh le cainteoirí na sprioctheanga ach uirlisí cuí a úsáid ar bhealach freagrach eiticiúil. 
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.