Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm

Is é aidhm na sonraíochta le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí scileanna cumarsáideacha teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, Úsáideoir Bunúsach) den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha  agus lena thuairisceoirí. Aidhm eile atá leis ná cur ar chumas an scoláire an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint atá aige dá ábhartha atá teangacha dá shaol chun críocha pearsanta, sóisialta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.
Le bheith níos sonraíche spreagann sí an scoláire:

  • páirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna teanga lena bhforbraítear an cumas chun an teanga scríofa agus an teanga labhartha a thuiscint
  • cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach agus go muiníneach sa sprioctheanga i gcomhthéacsanna coitianta trí mheáin éagsúla
  • forbairt a dhéanamh ar a chumas chun struchtúir chuí agus stór focal cuí a úsáid chun críche cumarsáide, idir chumarsáid i scríbhinn agus chumarsáid ó bhéal
  • taitneamh a bhaint as taithí foghlama teanga a thabharfaidh cabhair agus spreagadh dó leanúint ar aghaidh ag foghlaim teangacha sa todhchaí
  • bheith athmhachnamhach agus neamhspleách ina fhoghlaim teanga agus páirt ghníomhach a ghlacadh i monatóireacht agus i measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta aige   
  • léirthuiscint a ghnóthú dá chultúr féin agus do chultúir eile
  • forbairt a dhéanamh ar scileanna is féidir a chur i bhfeidhm maidir le réimsí eile staidéir agus saoil.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.