Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Nuatheangacha Iasachta agus Príomhscileanna

I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. 

An phríomhscil Gné na príomhscile Gníomhaíocht foghlama an scoláire
A bheith liteartha Mo theanga labhartha a fhorbairt Glacfaidh an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna cumarsáideacha atá fiúntach thar gach snáithe. Foghlaimeoidh sé le cumarsáid éifeachtach mhuiníneach a dhéanamh sa sprioctheanga i gcomhthéacsanna coitianta.
Mé féin a bhainistiú Bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin I ngach snáithe déanfaidh an scoláire monatóireacht, machnamh agus measúnú ar an dul chun cinn atá déanta aige trí aiseolas ó dhaoine eile a mheas agus trí fhéinmheasúnú. 
Fanacht folláin A bheith dearfach faoin bhfoghlaim I ngach snáithe forbróidh an scoláire dearcadh dearfach i leith na foghlama teanga de réir mar a phléann sé leis an éagsúlacht agus a dhéanann sé machnamh ar a chuid éachtaí.
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun ábhar a rochtain, a bhainistiú agus a chomhroinnt I ngach snáithe úsáidfidh an scoláire raon teicneolaíochtaí digiteacha chun taighde agus bainistiú a dhéanamh ar inneachar agus chun cumarsáid a dhéanamh.
A bheith uimheartha Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil I ngach snáithe tabharfar lear deiseanna don scoláire coincheapa a threisiú le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí teanga, mar shampla, aithint uimhreacha, seicheamhú, dáta, am, luach, tomhas, céatadán. Chomh maith leis sin, tabharfaidh sé patrúin teanga agus chultúrtha agus treochtaí teanga agus cultúrtha faoi deara de réir mar a fhorbraíonn sé a fheasacht teanga agus idirchultúrtha. 
A bheith cruthaitheach Roghanna a fhiosrú I ngach snáithe beidh deiseanna ag an scoláire roghanna malartacha a fhiosrú agus roghanna a dhéanamh de réir mar a ghlacann sé páirt i ngníomhaíochtaí cumarsáideacha agus a éiríonn sé ina fhoghlaimeoir níos neamhspleáiche.
Obair le daoine eile Foghlaim le daoine eile I ngach snáithe glacfaidh an scoláire páirt in obair i mbeirteanna, in obair ghrúpa agus i bpiarmheasúnú
Cumarsáid Teanga a úsáid I ngach snáithe éireoidh an scoláire cleachta ar an teanga a bhaineann le gnáth-idirghníomhaíocht sa seomra ranga. Úsáidfear an sprioctheanga mar an príomh-mheán teagaisc agus foghlama.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.