Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuirfear ar fáil iad i dteannta na sonraíochta seo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:

  • atá thar barr ar fad
  • atá os cionn na n-ionchas
  • atá ag teacht leis na hionchais.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna.

Torthaí foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an matamaitic sa tsraith shóisearach. Cuirtear matamaitic na sraithe sóisearaí ar fáil ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal. Baineann tromlach na dtorthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Maidir le torthaí foghlama breise do na scoláirí sin a thugann faoin scrúdú matamaitice Ardleibhéil, cuirtear i láthair i gcló trom iad. Faoi mar a leagtar amach anseo iad, léiríonn na torthaí foghlama torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus dá bhrí sin, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa mhatamaitic go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.

Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le caighdeáin dhifriúla oibre i measc scoláirí.

Aguisín A:  Gluais de bhriathra gnímh
Aguisín B:  Céimseata do Mhatamaitic Iar-bhunscoil

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Bloic thógála
  1. A.1

    na nósanna imeachta agus na coincheapa bunúsacha atá mar bhonn agus taca ag gach snáithe a thabhairt chun cuimhne agus a thuiscint

  2. A.2

    na gnásanna a bhaineann le gach snáithe a chur i bhfeidhm go cruinn, go héifeachtach, agus go cuí

  3. A.3

    a aithint gurb ionann cothroime agus coibhneas ina bhfuil an luach céanna ag dhá shlonn mhatamaiticiúla.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Léiriú
  1. A.4

    cás matamaiticiúil a léiriú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear: go huimhriúil, go hailgéabrach, go grafach, go fisiciúil, i bhfocail; agus na léirithe sin a léirmhíniú, a anailísiú agus a chur i gcomparáid lena chéile

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Naisc
  1. A.5

    naisc a dhéanamh laistigh de shnáitheanna agus idir snáitheanna.

  2. A.6

    naisc a dhéanamh idir an mhatamaitic agus an fíorshaol.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Réiteach fadhbanna
  1. A.7

    ciall a bhaint as fadhb áirithe agus, más gá, plé le cás go matamaiticiúiln

  2. A.8

    a eolas agus a scileanna a úsáid chun fadhb a réiteach, lena n-áirítear í a bhriseadh síos ina codanna soláimhsithe agus/nó í a shimpliú trí úsáid a bhaint as foshuíomhanna cuí

  3. A.9

    a réiteach ar fhadhb a léirmhíniú i gcomhthéacs na ceiste bunaidh

  4. A.10

    measúnú a dhéanamh ar réitigh fhéideartha éagsúla ar fhadhb, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar réasúntacht na réiteach, agus fiosrú a dhéanamh maidir le feabhsúcháin agus/nó srianta féideartha ar na réitigh (más ann)

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Ginearálú agus cruthúnas
  1. A.11

    tuairimí nó ráitis mhatamaiticiúla ghinearálta a chruthú bunaithe ar chásanna sonracha

  2. A.12

    argóintí agus cruthúnais mhatamaiticiúla a chruthú agus a mheas

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Cumarsáid
  1. A.13

    an mhatamaitic a chur in iúl go héifeachtach: údar a thabhairt lena réasúnaíocht, a torthaí a léirmhíniú, a conclúidí a mhíniú, agus teanga agus nodaireacht na matamaitice a úsáid chun smaointe matamaiticiúla a chur in iúl go beacht.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 ag léiriú uimhreacha agus oibríochtaí uimhríochtúla
  1. a)

    léiriú a dhéanamh ar na hoibríochtaí a bhaineann le suimiú, dealú, iolrú agus roinnt in ℕ, ℤ, agus ℚ

    trí úsáid a bhaint as samhlacha lena n-áirítear an uimhirlíne, briseadh síos, agus carnadh grúpaí atá ar cóimhéid

  2. b)

    na hoibríochtaí a bhaineann le suimiú, dealú, iolrú agus roinnt seo a leanus a dhéanamh agus tuiscint a fháil ar an gcaidreamh atá idir na hoibríochtaí sin agus na hairíonna: (cómhalartach, comhthiomsaitheach agus dáileach) in ℕ, ℤ, agus agus in ℝ\ℚ, lena n-áirítear oibriú ar shurdaí

  3. c)

    fiosrú a dhéanamh ar uimhreacha a scríobhtar mar  ab (i bhfoirm séan) ionas gur féidir leis:

     i. aistriú go solúbtha idir slánuimhreacha agus uimhreacha a léirítear i bhfoirm séan
     ii. ginearáluithe a úsáid agus a chur i bhfeidhm amhail ap aq = ap+q ;  (ap)/(aq) = ap–q ;  (ap)q = apq ; 
    agus n1/2 = √n, do a ,  agus p, q, p–q, n  agus do a, b, √n ∈ ℝ, agus p, q ∈ ℚ
     iii. na ginearáluithe a leanas a úsáid agus a chur i bhfeidhm:  a0 = 1 ;  ap/q = q√ap = (q√a)p ; a–r= 1/(ar); 
    (ab)r = ar br ;  agus (a/b)r = (ar)/(br), for a, b ∈ ℝ; p, q ∈ ℤ; and r ∈ ℚ
     iv. ginearálú a dhéanamh ar choibhneasa uimhriúla lena mbaineann oibríochtaí a bhfuil baint ag uimhreacha a scríobhtar i bhfoirm séan leo
     v. úsáid cheart a bhaint as ord na n-oibríochtaí uimhríochtúla agus séan lena n-áirítear úsáid na lúibíní
  4. d)

    ríomh agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhachtóirí (lena n-áirítear an fachtóir coiteann is airde), iolraithe (lena n-áirítear an t-iolraí coiteann is lú), agus uimhreacha príomha

  5. e)

    freagraí uimhriúla a chur i láthair de réir na céime cruinnis a shonraítear, mar shampla, ceart go dtí an céad is gaire, go dtí dhá ionad dheachúlacha, nó go dtí trí fhigiúr bhunúsacha

  6. f)

    an uimhir p a thiontú, ina foirm dheachúlach, de réir na foirme a ×10n, áit a bhfuil 1 ≤ a < 10, n ∈ ℤ, p ∈ ℚ, agus ≥ 1 (agus 0 < p < 1)

  7. U.1

    imscrúdú a dhéanamh ar léiriú uimhreacha agus oibríochtaí uimhríochtúla ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Léirithe coibhéiseacha ar uimhreacha cóimheasta
  1. a)

    tiontú go solúbtha idir codáin, deachúlacha, agus céatadáin

  2. b)

    cóimheas agus comhréireacht a úsáid agus a thuiscint

  3. c)

    fadhbanna a bhaineann le hairgead a réiteach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le billí, CBL, brabús nó caillteanas, % brabúis nó caillteanais (ar an mbunpraghas), bunpraghas, praghas díola, ús iolraithe ar feadh tréimhse nach mó ná 3 bliana, cáin ioncaim (ráta caighdeánach amháin), glanphá (lena n-áirítear asbhaintí eile de mhéideanna sonraithe), ríomhanna agus breithiúnais luach ar airgead, marcáil suas (brabús mar % den bhunpraghas), corrlach (brabús mar % den phraghas díola), ús iolraithe, cáin ioncaim agus glanphá (lena n-áirítear asbhaintí eile)​

  4. N.2

    imscrúdú a dhéanamh ar léirithe coibhéiseacha ar uimhreacha cóimheasta ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cásanna lena mbaineann comhréireacht
  1. a)

    dearbhchomparáid agus comparáid choibhneasta a úsáid nuair is cuí

  2. b)

    fadhbanna a bhaineann le comhréireacht a réiteach lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le comhshó airgeadra agus iad siúd a bhfuil meánluas, fad, agus am ag baint leo

  3. U.3

    imscrúdú a dhéanamh ar chásanna lena mbaineann comhréireacht ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Patrúin uimhriúla a anailísiú
  1. U.4

    patrúin uimhriúla a anailísiú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear táblaí agus graif a dhéanamh amach, agus leanúint ar aghaidh leis na patrúin sin

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Tacair
  1. a)

    tuiscint a fháil ar choincheap an tacair mar bhailiúchán dea-shainithe ball, agus a thuiscint gurb ionann cothroime tacar agus coibhneas ina bhfuil na baill chéanna ag dhá thacar

  2. b)

    tacair a shainmhíniú trí na baill atá iontu a liostú, i gcás tacair chríochta (lena n-áirítear i léaráid Venn dhá thacar nó 3 thacar, nó trí rialacha a chruthú lena sainmhínítear iad

  3. c)

    téarmaíocht agus nodaireacht oiriúnach tacar a úsáid agus a thuiscint, lena n-áirítear tacar neamhnitheach, Ø, fo-thacar, comhlánú, uilethacar, ball, ∈, bunuimhir, #,  idirmhír, ^, aontas, U, difríocht dhá thacar, \ , ℕ, ℤ, ℚ, ℝ, agus ℝ\ℚ

  4. d)

    tabhairt faoi na hoibríochtaí a bhaineann le hidirmhír agus aontas ar dhá thacar agus ar thrí thacar, difríocht dhá thacar, agus comhlánú, lena n-áirítear úsáid na lúibíní chun ord na n-oibríochtaí a shainmhíniú

  5. e)

    a fháil amach an bhfuil oibríochtaí tacair na hidirmhíre, an aontais, agus na difríochta cómhalartach agus/nó comhthiomsaitheach

  6. N.5

    fiosrú a dhéanamh ar choincheap an tacair ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Aonaid tomhais agus ama 
  1. CT.1

    aonaid tomhais agus ama a ríomh, a léirmhíniú, agus a chur i bhfeidhm

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2  Cruthanna déthoiseacha agus solaid tríthoiseacha
  1. a)

    léaráidí scálaithe a tharraingt agus a léirmhíniú

  2. b)

    eangacha solad dronuilleogach, priosmaí (bunanna polagánacha), sorcóirí a tharraingt agus a léirmhíniú

  3. c)

    ríomh a dhéanamh ar imlíne agus ar achar na bhfíoracha plánacha ina bhfuil meascán de dhioscaí, de thriantáin agus de dhronuilleoga, lena n-áirítear oibríochtaí ábhartha lena mbaineann pí

  4. d)

    ríomh a dhéanamh ar thoirt solad dronuilleogach, sorcóirí, priosmaí triantánacha, sféar, agus meascán díobh sin, lena n-áirítear oibríochtaí ábhartha lena mbaineann pí

  5. e)

    ríomh a dhéanamh ar achar dromchla agus ar achar dromchla chuair (de réir mar is cuí) solad dronuilleogach, sorcóirí, priosmaí triantánacha, sféar, agus meascán díobh sin

  6. CT.2

    imscrúdú a dhéanamh ar chruthanna déthoiseacha agus ar sholaid tríthoiseacha ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cruthúnais céimseata

Access Geometry for Post-Primary Schools here.

  1. a)

    tabhairt faoi na tógálacha 1 go 15 in Céimseata do Mhatamaitic Iar-bhunscoile (na tógálacha 3 agus 7 ag an ardleibhéal amháin)

  2. b)

    na coincheapa, na haicsiomaí, na teoirimí, na hatorthaí agus na coinbhéartaí a shonraítear in Céimseata do Mhatamaitic Iar-bhunscoile (rannán 9 le haghaidh an ghnáthleibhéil agus rannán 10 le haghaidh an ardleibhéil) a thabhairt chun cuimhne agus a úsáid
      i. na haicsiomaí 1, 2, 3, 4 agus 5
      ii. na teoirimí 1, 2, 3, 4, 5, 6, 9, 10, 13, 14, 15 agus 11, 12, 19, agus coinbhéartaí cuí,lena n-áirítear              oibríochtaí ábhartha lena mbaineann fréamhacha cearnacha
      iii. na hatorthaí 3, 4 agus 1, 2, 5 agus coinbhéartaí cuí

  3. c)

    na téarmaí a leanas a úsáid agus a mhíniú: teoirim, cruthúnas, aicsiom, atoradh, coinbhéarta, agus is intuigtheas

  4. d)

    cruthúnais na dtairiscintí céimseatúla a chruthú agus léirmheas a dhéanamh orthu

  5. e)

    tuiscint a léiriú ar chruthúnais theoirimí 1, 2, 3, 4, 5, 6, 9, 10, 14, 15, agus 13, 19; agus atorthaí 3, 4, agus 1, 2, 5 (ní scrúdaítear cruthúnais fhoirmiúla iomlána)

  6. CT.3

    imscrúdú a dhéanamh ar choincheap an chruthúnais trína phlé le céimseata ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4  Cóimheasa triantánacha
  1. CT.4

    cóimheasa triantánacha (sín, cos, agus tan, a shainmhínítear i dtéarmaí triantáin dhronuilleacha) agus a n-inbhéartaithe a mheas agus a úsáid, ina bhfuil uillinneacha idir 0° agus 90° ag luachanna slánuimhreach agus i bhfoirm dheachúlach

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 An plána comhordanáideach
  1. a)

    an méid seo a leanas a fháil agus a léirmhíniú: fad, lárphointe, fána, pointe trasnaithe, agus fánaí línte comhthreomhara agus línte ingearacha

  2. b)

    graif a tharraingt de mhírlínte agus na graif sin a léirmhíniú i gcomhthéacs, lena n-áirítear plé a dhéanamh ar an ráta athraithe (fána) agus an y-idirlíne

  3. c)

    cothromóid líne a fháil agus a léirmhíniú agus an fhoirm y = mx + c; y – y1 = m(x – x1);
    agus ax + by + c = 0 (le haghaidh a, b, c, m, x1, y1 ∈ ℚ); i gceist; lena n-áirítear an fhána, an y-idirlíne agus pointí eile ar an líne a fháil

  4. CT.5

    imscrúdú a dhéanamh ar airíonna pointí, línte agus mírlínte sa phlána comhordanáideach ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Claocluithe
  1. a)

    íomhá pointí agus nithe faoi aistriú, siméadracht lárnach, siméadracht aiseach agus rothlú a aithint agus a tharraingt

  2. b)

    aiseanna na siméadrachta i gcruthanna a tharraingt

  3. CT.6

    imscrúdú a dhéanamh ar an claocluithe ar nithe simplí ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Patrúin agus ar choibhneasa
  1. a)

    na patrúin agus na coibhneasa sin a léiriú i dtáblaí agus i ngraif

  2. b)

    slonn ginearálaithe a chruthú le haghaidh patrúin líneacha agus chearnacha i bhfocail agus i sloinn ailgéabracha agus tiontú go héasca idir gach léiriú

  3. c)

    catagóiriú a dhéanamh ar phatrúin mar líneach, neamhlíneach, cearnach, agus easpónantúil (dúbailt agus méadú faoi thrí) trí úsáid a bhaint as a saintréithe mar atá siad sna léirithe éagsúla

  4. AF.1

    imscrúdú a dhéanamh ar phatrúin agus ar choibhneasa (líneacha, cearnacha, dúbailt agus méadú faoi thrí) in uimhreas, i bpatrúin spásúla agus i bhfeiniméin an fhíorshaoil lena mbaineann athrú ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2  Sloinn ailgéabracha
  1. a)

    sloinn ina seasann litreacha d’uimhreacha a chruthú agus a léirmhíniú

  2. b)

    luach na slonn a fháil nuair a thugtar luach na n-athróg

  3. c)

    úsáid a bhaint as coincheap na cothroime chun cothromóidí a chruthú agus a léirmhíniú

  4. AF.2

    imscrúdú a dhéanamh ar chásanna ina seasann litreacha do chainníochtaí atá athraitheach ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3   Cothromóidí  ailgéabracha a úsáid
  1. a)

    suimiú, dealú agus simpliú a dhéanamh orthu seo:
      i. sloinn líneacha i gcás athróg amháin nó níos mó le comhéifeachtaí in ℚ
      ii. sloinn chearnacha i gcás athróg amháin le comhéifeachtaí in ℤ
      iii. sloinn san fhoirm a / (bx + c), áit a bhfuil a, b, c ∈ ℤ

  2. b)

    iolrú a dhéanamh ar shloinn san fhoirm:
    i.  a (bx + cy + d);  a (bx2 + cx + d);  agus ax (bx2 + cx + d), áit a bhfuil a, b, c, d ∈ ℤ
    ii.  (ax + b) (cx + d) agus (ax + b) (cx2 + dx + e), áit a bhfuil a, b, c, d, e ∈ ℤ

  3. c)

    sloinn chearnacha agus chiúbacha a roinnt ar shloinn líneacha, i gcás ina bhfuil na comhéifeachtaí uile ina slánuimhreacha agus nach bhfuil aon fhuílleach ann

  4. d)

    tiontú go solúbtha idir foirm fhachtóirithe agus foirm leathnaithe na slonn ailgéabrach san fhoirm:

     i.) axy, áit a bhfuil a ∈ ℤ

     ii.)  axy + byz, áit a bhfuil a, b ∈ ℤ

     iii.)  sx – ty + tx – sy, áit a bhfuil s, t ∈ ℤ

     iv.) dx2 + bx;  x2 + bx + c;  (agus  ax2 + bx + c), áit a bhfuil b, c, d ∈ ℤ and a ∈ ℕ

     v.) x2 – a2 (agus a2 x2 – b2 y2), áit a bhfuil a, b ∈ ℕ

  5. AF.3

    na hairíonna a ghabhann le fachtóiriú agus oibríochtaí uimhríochtúla a úsáid chun sloinn choibhéiseacha a chruthú ionas gur féidir leis straitéisí cuí a fhorbairt agus a úsáid ar mhaithe le:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4  Cothromóidí ailgéabar a réitiú
  1. a)

    cothromóidí líneacha i gcás athróg amháin le comhéifeachtaí in agus réitigh in nó in ℚ 

  2. b)

    cothromóidí cearnacha i gcás athróg amháin le comhéifeachtaí agus réitigh in nó comhéifeachtaín in ℚ agus réitigh in ℝ 

  3. c)

    cothromóidí líneacha comhuaineacha i gcás dhá athróg le comhéifeachtaí agus réitigh in ℤ nó in ℚ​

  4. d)

    éagothromóidí líneacha i gcás athróg amháin san fhoirm g(x) < k , agus na tacair réitigh a ghrafadh ar an uimhirlíne do x ∈ ℕ, ℤ, agus ℝ

  5. AF.4

    straitéisí oiriúnacha (graif, uimhreacha, ailgéabar, triail agus feabhsúchán, ag obair droim ar ais) a roghnú agus a úsáid chun réitigh a fháil orthu seo:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5  Cothromóidí cearnacha a chruthú
  1. AF.5

    cothromóidí cearnacha a chruthú nuair a thugtar fréamhacha slánuimhreach

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6  Ábhar foirmle a athrú
  1. AF.6

    an coibhneas idir oibríochtaí agus tuiscint ar ord na n-oibríochtaí, lena n-áirítear lúibíní agus easpónaint, a chur i bhfeidhm chun ábhar foirmle a athrú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7  Feidhmeanna
  1. a)

    a léiriú go dtuigeann sé choincheap na feidhme

  2. b)

     feidhmeanna a léiriú agus a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla – go grafach (do x ∈ ℕ, ℤ,
    agus , [feidhmeanna leanúnacha amháin], de réir mar is cuí), go léaráideach, i bhfocail,
    agus go hailgéabrach – trí leas a bhaint as teanga agus nodaireacht na bhfeidhmeanna (fearann, raon, comhfhearann, f(x) = , f :x ⟼ , agus y =) (tá tarraingt ghraf na feidhme nuair a thugtar an slonn ailgéabrach teoranta d’fheidhmeanna líneacha agus d’fheidhmeanna cearnacha ag an ngnáthleibhéal)

     

  3. c)

    modhanna grafacha a úsáid chun gar-réitigh ar chothromóidí ar nós f(x) = g(x) a fháil agus a léirmhíniú
    chomh maith le garthacair réitigh éagothromóidí ar nós f(x) < g(x)

     

  4. d)

    naisc a dhéanamh idir cruth graif agus scéal feiniméin, lena n-áirítear uasphointí agus íosphointí a aithint agus a léirmhíniú

  5. AF.7

    imscrúdú a dhéanamh ar fheidhmeanna ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Turgnaimh seans
  1. a)

    spás samplach a chruthú le haghaidh turgnaimh ar bhealach córasach, lena n-áirítear léaráidí crainn do theagmhais leantacha agus táblaí dhá bhealach do theagmhais neamhspleácha

  2. b)

    bunphrionsabal an chomhairimh a úsáid chun fadhbanna barántúla a réiteach

  3. SD.1

    imscrúdú a dhéanamh ar thorthaí turgnamh ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Teagmhais randamacha
  1. a)

    a léiriú go dtuigeann sé gurb ionann dóchúlacht agus tomhas ar scála 0-1 maidir leis an seans go dtarlóidh teagmhas (lena n-áirítear gnáth-theagmhas)

  2. b)

    an prionsabal a leanas a úsáid – i gcás fothorthaí comhdhealraitheacha, tugtar dóchúlacht teagmhais le líon na dtorthaí is díol spéise arna roinnt ar líon iomlán na dtorthaí

  3. c)

    úsáid a bhaint as minicíocht choibhneasta mar mheastachán ar dhóchúlacht teagmhais, nuair a thugtar sonraí turgnamhacha, agus a aithint go bhfaightear meastacháin níos fearr ar an dóchúlacht theoiriciúil de réir a chéile, go ginearálta, ach líon na n-uaireanta a athdhéantar turgnamh a mhéadú

  4. SD.2

    imscrúdú a dhéanamh ar theagmhais randamacha ionas gur féidir leis:

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3  Imscrúdú staitistiúil
  1. a)

    ceist staitistiúil a chruthú

  2. b)

    modh (chun sonraí neamhlaofa ionadaíocha a chruthú agus/nó a fháil) a phleanáil agus a chur i bhfeidhm, agus na sonraí sin a chur i láthair i dtábla minicíochta

  3. c)

    sonraí a rangú (catagóireach, uimhriúil)

  4. d)

    léirithe grafacha cuí ar shonraí aonathráideacha a roghnú, a tharraingt agus a léirmhíniú, lena n-áirítear píchairteacha, barrachairteacha, léaráidí líne, histeagraim (eatraimh chothroma), léaráidí gais is duillí in ord, agus léaráidí gais is duillí cúl le cúl in ord​

  5. e)

    staitisticí achoimre cuí a roghnú, a ríomh agus a léirmhíniú ar mhaithe le cur síos a dhéanamh ar ghnéithe de shonraí aonathráideacha. Claonadh lárnach: meán (dáileadh minicíochta grúpáilte san áireamh), airmheán, modh. Inathraitheacht: raon

  6. f)

    measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá léirithe grafacha éagsúla agus sonraí á léiriú

  7. g)

    plé a dhéanamh ar mhíthuiscintí agus ar mhí-úsáidí i dtaca le staitisticí

  8. h)

    plé a dhéanamh ar na toimhdí agus na srianta a bhaineann leis na conclúidí a dtagtar orthu ó shonraí samplacha nó ó achoimrí grafacha/uimhriúla ar shonraí

  9. SD.3

    tabhairt faoi imscrúdú staitistiúil lena n-áirítear an cumas chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.