Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifeadadh agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i matamaitic na sraithe sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus tugtar an deis dá réir do na múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú suimitheach, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh
  • gluais.

Áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar an matamaitic le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) dhá Mheasúnú Rangbhunaithe: Measúnú Rangbhunaithe 1; agus Measúnú Rangbhunaithe 2. Lena chois sin, beidh Tasc Measúnaithe scríofa i gceist leis an dara Measúnú Rangbhunaithe i dteannta scrúdú deiridh, a mharcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Thar na trí bliana den tsraith shóisearach, beidh a lán deiseanna ag an scoláire chun sult a bhaint as an matamaitic agus í a fhoghlaim. Tá nasc idir na Measúnuithe Rangbhunaithe, a dtugtar breacchuntas orthu thíos, agus na tosaíochtaí don fhoghlaim agus don teagasc sa mhatamaitic, agus leagtar béim ar leith ar réiteach fadhbanna agus ar chumarsáid. Mar gheall ar na Measúnuithe Rangbhunaithe, déanfaidh an scoláire a inniúlacht mhatamaiticiúil a fhorbairt agus a léiriú trí dhul i ngleic le heispéiris foghlama, idir phraiticiúil agus bharántúil, go gníomhach.
Tabharfaidh gach scoláire faoi na Measúnuithe Rangbhunaithe agus marcálfar iad ar leibhéal comónta. Déanfar breithiúnas an mhúinteora ar a ghnóthachtáil mhatamaiticiúil a thaifeadadh ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire.

Measúnú Rangbhunaithe

Leagan amach Ullmhúchán an scoláire An measúnú a chur i gcrích Cruinniú AFMÁ  
Imscrúdú Tuairisc is féidir a chur i láthair i réimse leathan formáidí  Leanfaidh an scoláire, thar thréimhse thrí sheachtaine, an timthriall um Réiteach fadhbanna chun fadhb mhatamaiticiúil a imscrúdú.
Timthriall um réiteach fadhbanna: fadhb a shainmhíniú; í a bhriseadh síos ina codanna soláimhsithe agus/nó í a shimpliú trí úsáid a bhaint as foshuíomhanna cuí; an fhadhb a aistriú chuig an matamaitic más gá; aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb agus í a réiteach más féidir; aon torthaí a léirmhíniú i gcomhthéacs na faidhbe bunaidh.
 

Deireadh an dara bliain

Cruinniú athbhreithnithe amháin

Cruinniú athbhreithnithe amháin

Measúnú
Rangbhunaithe 
Leagan amach Ullmhúchán an scoláire An measúnú a chur i gcrích  Cruinniú AFMÁ

Imscrúdú staitistiúil




 
Tuairisc is féidir a chur i láthair i réimse leathan formáidí

Leanfaidh an scoláire, thar thréimhse thrí seachtaine, an timthriall um Fhiosrú staitistiúil.

Timthriall um fhiosrú staitistiúil: ceist a chumadh; sonraí neamhlaofa ionadaíocha a phleanáil agus a bhailiú; na sonraí a eagrú agus a bhainistiú; na sonraí a iniúchadh agus a anailísiú trí úsáid a bhaint as léirithe cuí agus achoimrí uimhriúla; agus freagra a thabhairt ar an gceist bhunaidh agus cúiseanna atá bunaithe ar rannán na hanailíse á dtabhairt.

Deireadh an chéad téarma den tríú bliain

Cruinniú athbhreithnithe amháin

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dTreoirlínte Measúnaithe don Mhatamaitic, ar treoirlínte ar leith iad, maidir leis an measúnú ar an tuairisciú i matamaitic na sraithe sóisearaí, ina leagtar amach treoracha ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an fad agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh phíosaí oibre an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta.

Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí don Mheasúnú CNCM freisin le húsáid agus le tagairt dó i measúnú leanúnach ranga ar mhatamaitic na sraithe sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Tacaíonn na gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun píosaí oibre an scoláire a mheas. Cuirfidh gach scoláire an dá Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB) i gcrích. Beidh na gnéithe cáilíochta ar fáil sna Treoirlínte Measúnuithe don Mhatamaitic.

Is tasc scríofa é an Tasc Measúnachta a dhéanann an scoláire le linn am ranga, nach marcálann an múinteoir ranga, ach a chuirtear chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit le haghaidh a mharcála. Is fiú 10% é de na marcanna a úsáidfear chun an grád a bhronnann Coimisiún na Scrúduithe Stáit a oibriú amach. Is í CNCM a shonraíonn an Tasc Measúnaithe agus bainfidh sé leis na torthaí foghlama a mbeidh an dara Measúnú Rangbhunaithe bunaithe orthu. D’fhéadfadh ábhar agus leagan amach an Taisc Measúnachta athrú ó bhliain go bliain.

Beidh dhá scrúdpháipéar ann – ceann ag an ngnáthleibhéal agus ceann ag an ardleibhéal – a shocróidh agus a mharcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Mairfidh an scrúdú dhá uair an chloig agus beidh sé ar siúl i mí an Mheithimh sa tríú bliain. D’fhéadfadh líon na gceisteanna ar na scrúdpháipéir athrú ó bhliain go bliain. I mbliain áirithe ar bith, is éard a bheidh sna torthaí foghlama atá le measúnú sampla de na torthaí ábhartha ó tháblaí na dtorthaí foghlama.

Tá lamháil sa tsonraíocht seo le haghaidh cleachtais mheasúnaithe chuimsithigh, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.