Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifead agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán. Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i Stair na Sraithe Sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus tugtar an deis dá réir do na múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama. Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe. Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.  Chun tacú leis sin, tá teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), áireofar san fhoireann uirlisí ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:  measúnú foirmitheach  pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh  measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga <  breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta

  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh
  • gluais measúnaithe.

Áireofar san fhoireann uirlisí an réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar an Stair le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) dhá Mheasúnú Rangbhunaithe: An tAm atá thart i M’áit agus Saol i dTréimhse Ama. Lena chois sin, beidh Tasc Measúnaithe scríofa i gceist leis an dara Measúnú Rangbhunaithe a mharcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit i dteannta an Mheasúnaithe Deiridh.  Cuirfear na measúnuithe ar fad ar fáil ag leibhéal comónta.

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sna measúnuithe sonracha a leagtar amach sa tsonraíocht. Tá na Measúnuithe Rangbhunaithe cosúil leis an measúnú foirmitheach a tharlaíonn gach lá i ngach ceacht. Mar sin féin, i gcás na Measúnuithe Rangbhunaithe, breactar síos breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire.

Thar thrí bliana na sraithe sóisearaí, tabharfar deiseanna don scoláire chun a spéis fáil amach faoi thaithí daoine san am atá thart a spreagadh. Tá sé i gceist go nglacfaidh an scoláire páirt i dtaithí foghlama phraiticiúil agus bharántúil tríd na Measúnuithe Rangbhunaithe a chuirfidh ar a gcumas gabháil go stuama do thorthaí foghlama. Tabharfaidh na Measúnuithe Rangbhunaithe na deiseanna seo a leanas don scoláire: 

  •  
  •  
  •  
  •  
  •  
  •  
  •  
  •  

Trí na Measúnuithe Rangbhunaithe sin, forbróidh an scoláire a chuid eolais, tuisceana, scileanna agus luachanna, agus ar an mbealach sin bainfidh sé amach na torthaí foghlama ar fud na snáitheanna.

MEASÚNÚ RANGBHUNAITHE ‘An t-am atá thart i m’áit’ Leagan amach Ullmhúchán an scoláire An measúnú a chur i gcrích Cruinniú AFMÁ
Fiosrúchán struchtúrach, fianaise-bhunaithe ar ghné stairiúil nó ar théama a bhaineann le ceantar nó stair phearsanta/mhuintire an scoláire Tuairisc ar féidir í a chur i láthair i réimse leathan formáidí  Déanfaidh an scoláire tuairisc, de réir a chéile, ar thionscadal a bhaineann le gné de stair cheantar an scoláire, lena n-airítear stair phearsanta/mhuintire, nuair is gá I dtreo dheireadh an dara bliain Cruinniú athbhreithnithe amháin

MEASÚNÚ RANGBHUNAITHE Saol i dTréimhse Ama’ Leagan amach Ullmhúchán an scoláire An measúnú a chur i gcrích Cruinniú AFMÁ
Fiosrúchán struchtúrach, fianaise-bhunaithe ar shaol stairiúil agus ar thaithí duine a bhfuil suim ag an scoláire ann Tuairisc ar féidir í a chur i láthair i réimse leathan formáidí Déanfaidh an scoláire tuairisc, de réir a chéile, ar thionscadal ina ndéantar taighde ar shaol stairiúil agus ar thaithí duine a bhfuil tábhacht stairiúil ag baint leis  Téarma a dó sa tríú bliain Cruinniú athbhreithnithe amháin

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dTreoirlínte Measúnaithe don Stair, ar treoirlínte ar leith iad, maidir leis an measúnú ar an tuairisciú i Stair na Sraithe Sóisearaí, ina leagtar amach mionsonraí ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an t-ábhar agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh obair an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí don Mheasúnú CNCM freisin le húsáid i measúnú leanúnach ranga ar Stair na Sraithe Sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Tacaíonn na gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun obair an scoláire a mheas. Beidh na gnéithe cáilíochta ar fáil sna Treoirlínte Measúnuithe don Stair. Cuirfidh gach scoláire an dá Mheasúnú Rangbhunaithe i gcrích.

Ar chur i gcrích na Measúnuithe Rangbhunaithe, tabharfaidh an scoláire faoi Thasc Measúnaithe. Déanfar é sin tar éis na dara coda den Mheasúnú Rangbhunaithe agus marcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an obair seo. Déanfar measúnú sa Tasc Measúnaithe ar ghnéithe éagsúla d’fhoghlaim an scoláire, lena n-áirítear:

  • a chumas chun an tuiscint atá aige ar choincheapa stairiúla trína chuid smaointeoireacht stairiúil a chur i bhfeidhm ar thaighde ar dhuine a bhfuil tábhacht stairiúil ag baint leis
  • a chumas chun measúnú a dhéanamh ar eolas nó ar thuiscint nua a tháinig chun cinn trína thaithí ar an Measúnú Rangbhunaithe
  • < a chumas machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas taighde agus breithiúnais stairiúla bunaithe ar fhianaise a dhéanamh
  • na smaointe atá aige faoin tionchar a bhí ag a thaithí ar thaighde a dhéanamh ar a mheon agus ar a chuid luachanna.

Beidh scrúdpháipéar amháin ann ag leibhéal comónta. Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an páipéar seo a leagan amach agus a mharcáil. Mairfidh an scrúdú dhá uair an chloig agus beidh sé ar siúl ag deireadh na tríú bliana. I mbliain amháin ar bith, is éard a bheidh sna torthaí foghlama atá le measúnú sampla de na torthaí ábhartha ó tháblaí na dtorthaí foghlama.

Tá lamháil sa tsonraíocht seo le haghaidh cleachtais mheasúnaithe chuimsithigh, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.