Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ráitis Foghlama

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha
RF 15 Aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama Beidh an scoláire in ann tacú lena réitigh ar fhadhbanna geoiméadracha trí thagairt do choincheapa agus prionsabail chuí gheoiméadracha.
RF 19 Tá meas ag an scoláire ar ról agus thionchar na heolaíochta agus na teicneolaíochta i leith na sochaí, agus ar an tábhacht phearsanta, shóisialta agus dhomhanda atá leo Déanfaidh an scoláire an tionchar a bhíonn ag an teicneolaíocht ar a shaol féin, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol a mheasúnú.
RF 20 Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha Cinnfidh an scoláire céard iad na teicneolaíochtaí is feiliúnaí atá ar fáil dó agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad chun na critéir a bhaineann le fadhb dearaidh a shásamh.
RF 21 Cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sé/sí múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla Forbróidh an scoláire léirithe 3T de réitigh ar fhadhbanna trí shamhaltú leis na meáin chuí.
RF 23 Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú Fiosróidh an scoláire as féin smaointe chun fadhb a réiteach agus forbróidh sé a réitigh trí úsáid a bhaint as na scileanna samhaltaithe cuí a d’fhorbair sé.
RF 24 Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteach chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun oibriú agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil Roghnóidh an scoláire uirlisí cuí ó na meáin dhigiteacha chun taighde a dhéanamh ar smaointe dearaidh agus chun iad a fhiosrú agus a léiriú.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.