Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag staidéar ar Ghrafaic na sraithe sóisearaí:

  • cruthaitheacht, inniúlacht spásúil agus cumas réasúnaíochta agus cumarsáide smaointe an scoláire a fhorbairt, trí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí réitigh fadhbanna geoiméadracha teibí agus feidhmeacha
  • forbairt na scileanna cognaíocha agus deaslámhachta praiticiúla a bhaineann le cumarsáid ghrafach a spreagadh
  • léirthuiscint do ról na grafaice sa domhan mórthimpeall air a chothú
  • a chur ar chumas an scoláire breithiúnas a dhéanamh faoin modh is fearr chun a chuid smaointe agus réiteach a léiriú 
  • táirgeadh líníochtaí a chuireann scileanna cumarsáide chun cinn trí ghrafaic a spreagadh 
  • scileanna cognaíocha agus praiticiúla an scoláire a bhaineann le samhaltú agus cumarsáid ghrafaic a fhorbairt.