Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Cuireann gach ábhar teicneolaíochta eispéiris dhifriúla ar fáil don scoláire a chuireann leis an oideachas a fhaigheann sé i réimse na teicneolaíochta. Mar thoradh air sin, ní bhaineann scoláire a ullmhú don fhoghlaim sna hábhair theicneolaíochta le teagasc i dtreo na teicneolaíochta amháin ach i dtreo na scileanna atá bunúsach do na hábhair theicneolaíochta agus is féidir a aistriú chuig réimsí eile foghlama. Scileanna lena spreagtar an scoláire chun fadhbanna a réiteach tríd an gcruthaitheacht, an nuálaíocht, an chumarsáid, an comhoibriú agus an fiosrú, scileanna a fhorbraítear i dtimpeallacht ghníomhach foghlama mar a bhfuil an scoláire in ann smaointe a fhorbairt go dtugtar chun críche iad.

Aithnítear an ghrafaic mar theanga bhunúsach na ndisciplíní teicneolaíochta agus is féidir í a úsáid thar réimse leathan ábhar, ar nós matamaitice, eolaíochta agus ealaíne. Úsáidfidh an scoláire meáin éagsúla chun a smaointe agus a dhearaí a chur in iúl sa teanga ar leith seo. Ó thús deireadh an chúrsa, fiosróidh an scoláire an domhan geoiméadrach chun léirthuiscint a fháil do thábhacht na grafaice sa domhan mórthimpeall air. Forbróidh sé scileanna cognaíocha agus praiticiúla ar nós cumarsáid ghrafach, amharcléiriú spásúil, réiteach fadhbanna cruthaitheach, inniúlachtaí dearaidh agus samhaltú, go fisiciúil agus trí dhearadh ríomhchuidithe a úsáid.

Forbróidh an scoláire a chruthaitheacht agus é ag fiosrú agus ag réiteach dúshláin dearaidh. I rith an phróisis réitigh fadhbanna, oibreoidh sé lena chomhscoláirí chun a smaointe a bheachtú ó choincheap teibí go dearadh deiridh, mionsonraithe, dréachtaithe. Tá teibiú agus réasúnú spásúil ríthábhachtach don phróiseas seo; cuireann grafaic go leor deiseanna ilghnéitheacha ar fáil don scoláire chun na scileanna ardleibhéil cognaíocha agus cruthaitheacha sin a fhorbairt i gcomhthéacsanna spéisiúla. 

Tá líníochtaí teicniúla cruinne riachtanach chun comhpháirteanna agus déantáin a dhearadh agus a dhéanamh. Caithfear faisnéis a chur in iúl go beacht nuair atá cáipéis fheidhmeach á hullmhú, agus sin é an t-idirdhealú idir líníocht theicniúil agus líníocht léiritheach na n-amharc-ealaíon. Teastaíonn pointeáilteacht mhór chun líníochtaí cruinne a tharraingt agus meon foighneach agus athléimneach. Déanfaidh an scoláire athbhreithniú agus machnamh ar a líníochtaí oibre go leanúnach, ag forbairt straitéisí feabhsaithe de réir mar a théann sé ar aghaidh. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.