Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Leanúnachas agus Forchéimniú

Dul chun cinn ón mBunscoil go dtí an tSraith Shinsearach

Curaclam na BunscoileCé nach ábhar neamhspleách é Grafaic laistigh de churaclam na bunscoile, trína cuid snáitheanna, gnéithe agus torthaí, is féidir le Grafaic na Sraithe Sóisearaí forbairt a dhéanamh ar fhoghlaim ábhartha a tharla cheana ar leibhéal na bunscoile. 


Tagraíonn ábhair agus réimsí éagsúla sa churaclam bunscoile, ar nós na hEolaíochta, na Matamaitice agus na nAmharc-ealaíon, do scileanna réitigh fadhbanna, scil ar príomhscil í sa Ghrafaic. Agus é ar an mbunscoil, téann an scoláire i mbun gníomhaíochtaí éagsúla foghlama lena bhforbraítear a chuid cruthaitheachta, a oireann go maith do staidéar na Grafaice.


An tSraith Shinsearach
Forbraíonn an staidéar ar Ghrafaic sa tsraith shóisearach teanga bhunúsach na n-ábhar teicneolaíochta agus cuireann sé leis an bhfoghlaim don scoláire ar mian leis leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir i réimse na n-ábhar teicneolaíochta i gclár na hArdteistiméireachta agus i gclár na hArdteistiméireachta Feidhmí araon. 
Go sonrach, tá nasc láidir idir Grafaic agus an t-ábhar Ardteistiméireachta, Grafaic Dhearaidh agus Chumarsáide. Cuireann na torthaí foghlama atá le baint amach sa tsonraíocht Grafaice seo bonn láidir ar fáil don eolas a theastaíonn chun tabhairt faoi Ghrafaic Dhearaidh agus Chumarsáide. 
Faoin gclár Ardteistiméireachta Feidhmí, níl disciplín cosúil le Grafaic na Sraithe Sóisearaí ar fáil mar ábhar as féin. Ach mar chuid den staidéar ar Staidéar Grafaice agus Tógála, tá an rogha ag an scoláire staidéar a dhéanamh ar chumarsáid ghrafach agus dearadh ríomhchuidithe a chuirfeadh dul chun cinn maith ar fáil ó thorthaí foghlama Ghrafaic na Sraithe Sóisearaí. 
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.