Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifead agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán. 

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh nó na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i nGrafaic na sraithe sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith in rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Is féidir an méid sin a bhaint amach ach deiseanna a sholáthar don scoláire chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus aiseolas dírithe ar ardchaighdeán a chur ar fáil mar thacaíocht dá fhoghlaim. 

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Beidh ról tábhachtach ag an measúnú deiridh go fóill ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe. 

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar ábhar tacaíochta measúnaithe atá ar fáil ar líne. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), dírítear ar ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear: 

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh 
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga 
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta 
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire 
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh 
  • gluais. 

Áireofar san ábhar tacaíochta ar líne an réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuireann ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar an nGrafaic le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí na gnéithe seo a leanas:

  • dhá Mheasúnú Rangbhunaithe; Cumarsáid trí sceitseáil agus Scileanna cur i láthair grafacha
  • tionscadal
  • scrúdú deiridh.
     
Measúnú Rangbhunaithe 1: Cumarsáid trí sceitseáil

Taifeadtar breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus don scoláire.

Measúnú Rangbhunaithe 2: Scileanna cur i láthair grafacha

Taifeadtar breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus don scoláire.

Tionscadal
(30%)
Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh é a leagan amach agus a mharcáil.
Cuirfear an tionscadal seo i gcrích laistigh de thréimhse ceithre seachtaine sa chéad téarma den tríú bliain.
An Scrúdú Deiridh
(70%)
Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an scrúdú dhá uair an chloig a leagan amach agus a mharcáil.

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sna measúnuithe sonracha a leagtar amach sa tsonraíocht. Tá na Measúnuithe Rangbhunaithe cosúil leis an measúnú foirmitheach a tharlaíonn gach lá i ngach rang. Mar sin féin, i gcás na Measúnuithe Rangbhunaithe, breactar síos breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire. 
Thar thrí bliana na sraithe sóisearaí, tabharfar deiseanna don scoláire chun a fhiosracht agus a spéis sa Ghrafaic a spreagadh. Tá nasc idir na Measúnuithe Rangbhunaithe agus na príomhthosaíochtaí don fhoghlaim agus don teagasc i nGrafaic. Tá sé i gceist go nglacfaidh an scoláire páirt i dtaithí foghlama phraiticiúil agus bharántúil tríd na Measúnuithe Rangbhunaithe.
Tabharfaidh na Measúnuithe Rangbhunaithe na deiseanna seo a leanas don scoláire: 

  • taighde a dhéanamh ar fhaisnéis ag baint úsáid as réimse modhanna
  • anailís a dhéanamh ar shonraí agus ar fhianaise chun breithiúnais luachála agus cinntí eolacha a dhéanamh
  • faisnéis a eagrú agus pleanáil go loighciúil
  • cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus go héifeachtach
  • comhoibriú le daoine eile ar thascanna
  • machnamh a dhéanamh ar an méid a chuireann sé leis an obair agus ar a chuid foghlama féin.

Tríd na Measúnuithe Rangbhunaithe sin, forbróidh sé a chuid eolais, tuisceana, scileanna agus luachanna, agus ar an mbealach sin bainfidh sé amach na torthaí foghlama ar fud na snáitheanna. 

More detailed information related to assessment of the Classroom-Based Assessments will be available in separate Assessment Guidelines. This will include, for example, the suggested length and formats for student pieces of work, the features of quality to be applied to the assessment , and support in using ‘on balance’ judgement in relation to the features of quality. 
The assessment section of www.ncca.ie will also include substantial resource material for use and reference in ongoing classroom assessment of Graphics at junior cycle, as well as examples of student work and guidance for the Subject Learning and Assessment Review process.

Tabharfaidh an Measúnú Rangbhunaithe seo deis don scoláire a chuid scileanna a fhorbairt le bheith inniúil ar chumarsáid trí sceitseáil. Iarrfar ar an scoláire a smaointe a chur in iúl go grafach le teicnící sceitseála 2T agus 3T mar fhreagra ar théama spreagthaigh roghnaithe.

Tríd an Measúnú Rangbhunaithe seo, forbróidh an scoláire a scileanna i modhanna agus meáin éifeachtacha sceitseála a úsáid chun a fhís, a dhearadh agus a réiteach a chur in iúl go cruinn. Is deis é an Measúnú Rangbhunaithe seo chun meon fiosrach a cothú sa scoláire, ach ligean dó turgnaimh a dhéanamh, dul sa seans, é a spreagadh le deiseanna nua agus dúshlánacha a fhiosrú agus machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas. 

Is féidir leis an scoláire a chuid oibre a chur in iúl trí mheáin chuí ar bith. 

Díreoidh an Measúnú Rangbhunaithe seo ar chomh héifeachtach agus a chuireann an scoláire a thaighde i láthair go grafach. Beidh sé mar bhonn eolais do ghné mheasúnaithe an tionscadail (féach thíos). Sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo, déanfaidh an scoláire taighde agus iniúchadh ar an réimse ina bhfuil an tionscadal agus cuirfidh sé a chuid torthaí i láthair go grafach trí aon mheáin ghrafacha chuí. Cuireann sé sin ar a chumas na coincheapa dá thionscadal deiridh a fhorbairt i gcomhthéacs ón bhfíorshaol sula dtosaíonn sé ag obair ar an tionscadal. Is deis é an Measúnú Rangbhunaithe seo chun meon fiosrach a cothú sa scoláire, ach ligean dó turgnaimh a dhéanamh, é a spreagadh le deiseanna nua agus dúshlánacha a fhiosrú agus machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas.
Is féidir leis an scoláire a chuid oibre a chur in iúl trí mheáin chuí ar bith. 

Tacaíonn na gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun píosaí oibre an scoláire a mheas. Cuirfear na gnéithe cáilíochta do na Measúnuithe Rangbhunaithe ar fáil sna Treoirlínte Measúnaithe.

Ach na Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích, tugann an scoláire faoi thionscadal mar chuid dá mheasúnú deireadh. Déantar an tionscadal tar éis an dara Measúnú Rangbhunaithe sa tríú bliain. Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanann an treoir don tionscadal a shonrú agus an tionscadal a mharcáil. Beidh trí thoradh le cur i gcrích ag an scoláire:
Toradh 1: Freagairt do théama a bhfuil obair Mheasúnú Rangbhunaithe 2 mar bhonn eolais faoi
Toradh 2: Líníochtaí ar a bhfuil toisí
Toradh 3: Samhaltú dearaidh ríomhchuidithe 3T 

  • Tabharfaidh an scoláire faoi scrúdú dhá uair an chloig ag deireadh an tríú bliain agus is scrúdú ar leibhéal comónta a bheidh ann. 
  • Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an scrúdú a ullmhú agus a mharcáil.

Ceadaítear cleachtais mheasúnaithe chuimsitheacha sa tsonraíocht, bíodh sin mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, d’fhéadfaí socrú réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.