Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Dul chun cinn

Curaclam na bunscoile

Féachtar chun leanúnachas a chothú idir eispéireas an scoláire ag foghlaim na Gaeilge sa tsraith shóisearach agus a eispéireas sa bhunscoil. Curaclam comhtháite atá i gCuraclam Teanga na Bunscoile (2015). Tá an struchtúr céanna (na snáitheanna agus na gnéithe) in úsáid don Ghaeilge agus don Bhéarla. Freastalaíonn an curaclam ar na riachtanais éagsúla agus ar chomhthéacsanna scoile éagsúla ina measc  scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, scoileanna Gaeltachta, scoileanna Lán Ghaeilge  agus scoileanna speisialta. Tá dhá leagan den churaclam ann, ceann dírithe ar scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge agus ceann dírithe ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

Aithnítear sa Curaclam Teanga Bunscoile go n-aistrítear scileanna agus coincheapa áirithe óna gcéad teanga go dtí an dara teanga agus go dtí an tríú teanga i gcásanna áirithe. Cruthaíonn sé seo deiseanna do neartú scileanna agus d’aistriú scileanna litearthachta agus straitéisí foghlama go teangacha eile.

I gCuraclam Teanga na Bunscoile,  leagtar béim ar fhorbairt agus ar chothú

  • cumas cumarsáide
  • dearcthaí dearfacha i leith foghlaim teangacha
  • feasacht teanga (ag fiosrú agus ag úsáid teanga)
  • féinfheasacht agus ar chumas féinriair.

Tagann na gnéithe seo den Churaclam Teanga Bunscoile go mór le réasúnaíocht agus le haidhmeanna na Sonraíochta seo don Ghaeilge  sa tsraith shóisearach. Tacaíonn sé seo chun eispéireas foghlama leanúnach a chothú don scoláire agus é ag cur lena scileanna teanga agus foghlama sa tsraith shóisearach.

 

An tSraith Shinsearach

Soláthraíonn an tsonraíocht seo eispéireas foghlama don scoláire trí na snáithe agus gnéithe a chruthóidh deiseanna chun an fhoghlaim a leathnú agus a dhoimhniú sa tsraith shinsearach. Beidh na torthaí foghlama sin a leagan béim ar leith ar chumas cumarsáide ó bhéal  an scoláire, ról na litríochta i bhfoghlaim na teanga, taithí an scoláire ar an scríbhneoireacht i réimse de sheánraí agus do spriocghrúpaí éagsúla,  an fheasacht teanga agus an fhéinfheasacht a fhorbróidh an scoláire mar fhoghlaimeoir teanga thar a bheith tábhachtach dó agus é ag tabhairt faoin  tsraith shinsearach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.