Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifead agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an bhéim ar mheasúnú mar chuid  den phróiseas foghlama. Sa chur chuige  sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/ na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i nGaeilge  na Sraithe Sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid  foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid  oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais  dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid  foghlama.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas  dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid  foghlama agus is toise lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta.

Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo.  Cinnteoidh an cur chuige  sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige  níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh  teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. I dteannta an treoirleabhair faoin  bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire
  • smaoineamh faoin  measúnú: smaointe, taighde agus machnamh
  • gluais.

Cuirfidh an Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua  measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar Ghaeilge  do Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) dhá Mheasúnú Rangbhunaithe: Punann teanga, Tasc teanga; Tasc Measúnaithe agus scrúdú deiridh. Ligfidh na Measúnuithe Rangbhunaithe don scoláire a chumais teanga, chumarsáide, idirghníomhaíochta agus feasachta a léiriú ar bhealach nach bhféadfaí i scrúdú foirmiúil. Bainfidh na measúnuithe go dlúth leis an ngnáthobair ranga.  Beidh Tasc Measúnaithe le déanamh tar éis an dara Measúnú Rangbhunaithe agus bainfidh sé leis na torthaí foghlama a mbeidh an dara Measúnú Rangbhunaithe bunaithe orthu. Cuirfear an Tasc Measúnaithe seo chuig Coimisiún na Scrúdaithe Stáit (CSS) chun é a mharcáil mar aon leis an scrúdú deiridh.

I rith na dtrí bliana,  beidh  deis ag an scoláire taitneamh a bhaint as an teanga agus í a sealbhú de réir na dtorthaí foghlama atá comhshnaidhmthe sna gnéithe, mar atá sna trí shnáithe.

 

S1 Cumas cumarsáide

 

S2:  Feasacht teanga agus chultúrtha

 

S3:  Féinfheasacht an fhoghlaimeora

Éisteacht

Ag díriú ar theanga na Gaeilge mar chóras

Ag cothú féintuisceana mar fhoghlaimeoir teanga

Léamh

Ag cothú feasachta i leith chultúr na teanga

Ag forbairt na foghlama féinriair

Labhairt

Ag cothú feasachta i leith an dátheangachais

Ag cothú tuisceana ar spreagadh pearsanta i leith na teanga

Idirghníomhú cainte

 

 

Scríobh

 

 

Beidh an scoláire páirteach i dtascanna teanga éagsúla

  • i mbun cumarsáide agus ag idirghníomhú leis an bpobal teanga
  • ag éisteacht, ag léamh agus ag scríobh ar mhaithe le spriocanna éagsúla
  • ag cothú feasachta i leith chultúr na teanga
  • ag cothú feasachta i leith an dátheangachais/ilteangachais
  • ag díriú ar theanga na Gaeilge mar chóras
  • ag forbairt féintuisceana mar  fhoghlaimeoir teanga.

Trí na tascanna seo forbróidh an scoláire a chuid  eolais, tuisceana, scileanna teanga agus litearthachta, agus é ag baint amach na dtorthaí foghlama. Tugann na Measúnuithe Rangbhunaithe deiseanna don scoláire na scileanna agus tuiscintí teanga a úsáid i réimse suíomhanna agus ar mhaithe le lucht éisteachta agus spriocanna éagsúla.  Beidh dhá mheasúnú rangbhunaithe i gceist le Gaeilge na Sraithe Sóisearaí. Bainfidh na Measúnuithe Rangbhunaithe le foghlaim an scoláire le linn an dara agus an tríú bliain d’oideachas na sraithe sóisearaí. Tá na Measúnuithe Rangbhunaithe cosúil leis an measúnú foirmitheach a tharlaíonn gach lá i ngach ceacht. Mar sin féin, i gcás na Measúnuithe Rangbhunaithe, breactar síos breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire.

Cruthaíonn an scoláire punann teanga le samplaí dá chuid  saothair. Díríonn an phunann teanga ar an bpróiseas foghlama teanga agus bíonn an scoláire agus a thuras teanga féin ag croílár an teagaisc, an mheasúnaithe agus na foghlama. Tugann an phunann teanga deis don scoláire spriocanna pearsanta foghlama a leagan síos, a chuid  oibre a thaispeáint, machnamh a dhéanamh ar an obair agus dul chun cinn  a fheiceáil.

Cruthaíonn an scoláire féin réimse leathan téacsanna sa phunann, mar shampla tionscnaimh, logaí foghlama, píosaí cruthaitheacha (dánta/amhráin agus araile a chum an scoláire), giotaí machnamhacha, ábhair thaifeadta (closamhairc agus físe), cuir i láthair a rinne sé agus araile*.

Fianaise ar an bhfoghlaim

Mar fhianaise ar an bhfoghlaim roghnaíonn an scoláire trí phíosa ón bpunann. Is gá píosa amháin fuaime nó físe a roghnú.

Ba cheart leas a bhaint as an litríocht mar spreagadh do cheann amháin ar a laghad de na píosaí punainne a roghnófar. Is féidir píosa(í) ón litríocht áitiúil a roghnú nó téacs(anna) ón liosta téacsanna dualgais a úsáid chuige seo.

Déanann an scoláire cur síos ar na cúiseanna le roghnú pearsanta na dtrí phíosa oibre.

* Ní liosta uileghabhálach é seo ach léargas ar fhéidearthachtaí

Measúnú Rangbhunaithe 2: Ag Idirghníomhú trí Ghaeilge

 

Tugann Measúnú Rangbhunaithe 2: Ag Idirghníomhú trí Ghaeilge deis don scoláire páirt a ghlacadh in eispéireas foghlama agus measúnaithe atá taitneamhach agus spreagúil. Feabhsaíonn, saibhríonn agus léiríonn an scoláire a scileanna labhartha agus idirghníomhaithe cainte. Déanann sé é seo:

  • trí phíosa cainte a ullmhú faoi ábhar/thopaic a bhfuil spéis aige féin ann/inti nó trí phíosa cruthaitheach a chumadh agus taibhiú a dhéanamh air  
  • agus trí chomhrá a dhéanamh leis an múinteoir agus lena chomhscoláirí faoin ábhar/topaic atá roghnaithe aige nó faoin bpíosa cruthaitheach atá cumtha aige. 

 

Tá an phríomhbhéim ar labhairt agus ar idirghníomhú cainte tríd an eispéireas foghlama ar fad a bhaineann leis an Measúnú Rangbhunaithe seo. Tá saoirse, solúbthacht agus roghanna ar fáil don scoláire agus é ag gabháil don Mheasúnú Rangbhunaithe seo, m.sh is féidir leis an scoláire a rogha formáide/meáin a úsáid dá phíosa cainte.

 

Tá rogha aige obair ina aonar nó mar bhall de ghrúpa beirte nó triúir don Mheasúnú Rangbhunaithe seo freisin. I gcás ghrúpa, is gá a chinntiú go dtugtar faoin ullmhúchán go comhoibritheach agus go nglacann gach scoláire páirt/ról cinnte ann agus go gcuireann gach scoláire le cur i láthair an phíosa cainte go fiúntach.

 

Tugtar deis don scoláire  

  • idirghníomhú lena chomhscoláirí, leis an múinteoir agus leis an bpobal teanga  
  • a scileanna teanga agus idirghníomhaithe cainte a fheabhsú
  • a saibhreas teanga a fheabhsú
  • Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí a fhorbairt (taighde a dhéanamh, bainistiú ama, féinbhainistiú, obair le daoine eile agus araile) 
  • úinéireacht a ghlacadh ar an bhfoghlaim 
  • leas a bhaint as foinsí teanga agus eolais atá ar fáil sa phobal teanga agus/nó sna meáin chumarsáide agus ar líne. 
  • taitneamh a bhaint as idirghníomhú le cainteoirí eile agus mar bhall den phobal teanga.

 

Más spéis leis an scoláire tarraingt ar fhoinsí litríochta mar spreagadh dá ábhar/thopaic/phíosa cruthaitheach is féidir téacsanna ó liosta téacsanna an dara agus/nó an tríú bliain a úsáid a úsáid agus/nó foinsí ón litríocht áitiúil/bhéil a úsáid.

 

Fianaise ar an bhfoghlaim 

Mar fhianaise ar an bhfoghlaim tugann an scoláire faoi thaighde agus faoi ullmhúchán ar ábhar/topaic/píosa cruthaitheach. Cuireann sé píosa cainte ar an ábhar/topaic/píosa cruthaitheach i láthair. Glacann sé páirt i gcomhrá lena mhúinteoir agus lena chomhscoláirí faoina phíosa cainte agus freagraíonn sé ceisteanna faoi.

 

Gnéithe cáilíochta

Tacaíonn gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe. Is iad na gnéithe cáilíochta na critéir a úsáidfear chun píosaí oibre an scoláire a mheas. Cuirfear na gnéithe cáilíochta ar fáil sna treoirlínte measúnaithe do Ghaeilge  na Sraithe Sóisearaí. Comhlíonann gach scoláire an dá Mheasúnú Rangbhunaithe.

Cur i gcrích na Measúnuithe Rangbhunaithe

 

Críochnaithe

AFMÁ

MRB 1

I dtreo dheireadh an dara bliain

Lár an dara téarma sa tríú bliain

MRB 2

Cruinniú amháin athbhreithnithe

Cruinniú amháin athbhreithnithe

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dtreoirlínte measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú agus an tuairisciú do Ghaeilge  na Sraithe Sóisearaí, ina leagtar amach treoracha ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na measúnuithe rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an fad agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh píosaí oibre an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí don Mheasúnú CNCM freisin le húsáid agus le tagairt dó i measúnú leanúnach ranga ar Ghaeilge  na Sraithe Sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ/SLAR).

Tabharfaidh an scoláire faoi Thasc Measúnaithe nuair a bheidh na Measúnuithe Rangbhunaithe curtha i gcrích aige. Cuirfear an tasc measúnaithe sin i gcrích tar éis an dara Measúnú Rangbhunaithe agus cuirfear é faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit lena mharcáil.

Cuimseoidh an Tasc Measúnaithe roinnt de na gnéithe seo a leanas nó gach ceann díobh:

  • cumas an scoláire chun measúnú a dhéanamh ar eolas nó ar thuiscint nua  a  tháinig chun cinn trína thaithí ar an Measúnú Rangbhunaithe
  • cumas an scoláire chun machnamh a dhéanamh ar na scileanna a d’fhorbair sé, agus chun iad a úsáid i suíomhanna nach bhfuil mórán cleachtaidh aige orthu
  • cumas an scoláire chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar athraigh a chóras luachanna trína thaithí ar an Measúnú Rangbhunaithe.

Éascaítear cleachtais mheasúnaithe chuimsitheacha sa tsonraíocht seo, mar chuid  de mheasúnú sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann cúntóir riachtanas speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Socróidh Coimisiún na Scrúdaithe Stáit an scrúdú deiridh ag dhá leibhéal: Gnathleibhéal agus Ardleibhéal. Scrúdpháipéar amháin a bheidh ag gach leibhéal. Beidh an scrúdú seo ar siúl ag deireadh an tríú bliain.

Scrúdú dhá uair an chloig a bheidh le déanamh ina n-iarrfar ar an scoláire a chuid  inniúlachtaí teanga a léiriú trí dhul  i mbun tascanna difriúla teanga agus litríochta a éileoidh cumarsáid phearsanta idirghníomhach. Leagtar amach i dTábla thíos ualú na marcanna do na scileanna gabhchumais (éisteacht, léitheoireacht) agus na scileanna ginchumais (ceapadóireacht chruthaitheach, an fheasacht teanga, freagairt phearsanta do théacsanna litríochta.)

Scileanna a ndéanfar measúnú orthu sa Scrúdú Deiridh

Inniúlacht/scil á tástáil

Ardleibhéal

Gnáthleibhéal

Éisteacht i gcomhthéacs

Léamh i gcomhthéacs

Tascanna ceapadóireachta cumarsáide

Freagairt phearsanta/chumarsáideach do théacsanna litríochta

 

Ualú na marcanna

Scileanna

Ardleibhéal

Gnáthleibhéal

Scileanna gabhchumais

35%

55%

Scileanna ginchumais

55%

35%

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.