Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifeadadh agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh nó na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú in Innealtóireacht na sraithe sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith in rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Is féidir an méid sin a bhaint amach ach deiseanna a sholáthar don scoláire chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus aiseolas dírithe ar ardchaighdeán a chur ar fáil mar thacaíocht dá fhoghlaim.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Beidh ról tábhachtach ag an measúnú deiridh go fóill ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar ábhar tacaíochta measúnaithe atá ar fáil ar líne. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), dírítear ar ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach 
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh 
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga 
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta 
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire 
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh 
  • gluais. 

Áireofar san ábhar tacaíochta ar líne an réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuireann ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar an Innealtóireacht le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí na gnéithe seo a leanas:

  • dhá Mheasúnú Rangbhunaithe: Innealtóireacht faoi lán seoil, agus Taighde agus forbairt
  • tionscadal 
  • scrúdú scríofa.
Tionscadal (70%) Sonróidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit na treoracha gach bliain. Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an páipéar seo a mharcáil.
Scrúdú scríofa (30%) Leagtha amach agus marcáilte ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sna measúnuithe sonracha a leagtar amach sa tsonraíocht. Tá na Measúnuithe Rangbhunaithe cosúil leis an measúnú foirmitheach a tharlaíonn gach lá i ngach ceacht. Mar sin féin, i gcás na Measúnuithe Rangbhunaithe, breactar síos breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire. 
Thar thrí bliana na sraithe sóisearaí, tabharfar deiseanna don scoláire chun a fhiosracht agus a spéis san Innealtóireacht a spreagadh. Tá nasc idir na Measúnuithe Rangbhunaithe agus na tosaíochtaí don fhoghlaim agus don teagasc in Innealtóireacht. Tá sé i gceist go nglacfaidh an scoláire páirt i dtaithí foghlama phraiticiúil agus bharántúil tríd na Measúnuithe Rangbhunaithe.
Tabharfaidh na Measúnuithe Rangbhunaithe na deiseanna seo a leanas don scoláire: 
taighde a dhéanamh ar fhaisnéis ag baint úsáid as réimse modhanna
anailís a dhéanamh ar shonraí agus ar fhianaise chun breithiúnais luachála agus cinntí eolacha a dhéanamh
faisnéis a eagrú agus pleanáil go loighciúil
cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus go héifeachtach
comhoibriú le daoine eile ar thascanna
fianaise a chur in iúl ar an bpróiseas timthriallach a bhaineann leis an dearadh agus machnamh a dhéanamh ar an bhfoghlaim.
Tríd na Measúnuithe Rangbhunaithe sin, forbróidh sé a chuid eolais, tuisceana, scileanna agus luachanna, agus ar an mbealach sin bainfidh sé amach na torthaí foghlama ar fud na snáitheanna.

Tugann Innealtóireacht faoi lán seoil deis don scoláire a bheith páirteach go gníomhach i dtaithí foghlama phraiticiúil agus fhírinneach a cheadaíonn dó, as féin nó go comhoibritheach, feidhmeanna na hinnealtóireachta sa domhan mórthimpeall air a fhiosrú. Fiosróidh an scoláire feidhmeanna réadúla phróisis agus phrionsabail na hinnealtóireachta. Is féidir leis an scoláire a iniúchadh a dhíriú trí lionsa snáithe ar leith, meascán de dhá shnáithe nó féadfaidh sé cur chuige comhtháite a ghlacadh ar fud na dtrí shnáithe. Cuirfidh an scoláire a chuid torthaí a chur in iúl trí mheáin chuí ar bith . Leagfar amach tuilleadh faisnéise sna Treoirlínte Measúnuithe don Innealtóireacht.

Spreagfar an scoláire sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo taighde a dhéanamh bunaithe ar théama a léireoidh gné den tionscadal deiridh. Is é cuspóir an Mheasúnaithe Rangbhunaithe seo taighde, fiosrú agus cur i láthair a dhéanamh ar a thorthaí trí na meáin chuí. Beidh Measúnú Rangbhunaithe 2 mar bhonn eolais do mheasúnú an tionscadail.
Leagfar amach tuilleadh faisnéise sna Treoirlínte Measúnuithe. 

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dTreoirlínte Measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú ar na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an fad agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh phíosaí oibre an scoláire, na gnéithe cáilíochta le cur i bhfeidhm i dtaca leis an measúnú, agus tacaíocht maidir le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a dhéanamh i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. 

Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne ar fáil faoin rannóg measúnaithe ar www.ncca.ie. Féadfar an t-ábhar sin a úsáid agus tagairt a dhéanamh dó sa mheasúnú ranga a dhéantar ar an Innealtóireacht sa tsraith shóisearach. Lena chois sin tabharfar samplaí d’obair scoláirí agus treoir don phróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Tacaíonn na gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun píosaí oibre an scoláire a mheas. Cuirfear na gnéithe cáilíochta do na measúnuithe rangbhunaithe ar fáil sna Treoirlínte Measúnaithe.

Ach na Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích, tabharfaidh an scoláire faoi thionscadal lena mheasúnú. Déantar an tionscadal tar éis an dara Measúnú Rangbhunaithe sa tríú bliain. Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an páipéar seo a cheapadh agus a mharcáil.

An scrúdú scríofa: 

  • tá sé 90 nóiméad ar fad
  • beidh sé ar siúl ag deireadh an tríú bliain agus is scrúdú ar leibhéal comónta a bheidh ann. 
  • is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh é a leagan amach agus a mharcáil.

Tá lamháil sa tsonraíocht seo le haghaidh cleachtais mheasúnaithe chuimsithigh, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.