Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

D’fhorbair smaointeoireacht an Iarthair i dtreonna éagsúla le dhá mhíle bliain anuas ach fanann an domhan clasaiceach a bhaineann leis an tSean-Ghréig agus an Róimh i gcroílár na smaointeoireachta sin. Is ábhar tábhachtach agus spreagúil é an Léann Clasaiceach sa lá atá inniu ann mar gheall air sin. Cuireann an litríocht agus ábhar Gréagach agus Rómhánach atá againn go fóill meán ar fáil dúinn trínar féidir linn dúshláin agus nuálaíochtaí, smaointe agus uaillmhianta na sibhialtachtaí tábhachtacha seo a raibh tionchar mór acu ar an domhan sa lá atá inniu ann, a iniúchadh, taithí a fháil orthu agus machnamh a dhéanamh orthu. 

Is iomaí bealach atá ann tús a chur le staidéar a dhéanamh ar an nGréig agus ar an Róimh. D’fhéadfaí staidéar a dhéanamh ar theangacha clasaiceacha na Sean-Ghréigise agus na Laidine, nó staidéar a dhéanamh ar théacsanna clasaiceacha a aistríodh, nó staidéar a dhéanamh ar iarsmaí seandálaíochta. Ligeann na cineálacha staidéir uile sin dúinn tumadh i réimse leathan ábhar agus disciplíní, lena n-áirítear miotaseolaíocht, litríocht, teanga, stair, drámaíocht, fealsúnacht, polaitíocht, sochaí, ealaín agus ailtireacht. 

Is féidir léirthuiscint a fháil ar éifeachtacht teanga clasaicí mar mheán cumarsáide idir daoine i sochaí a bhíodh ann fadó ach an teanga sin a fhoghlaim. Is féidir cosúlachtaí iontacha mar aon le héagsúlachtaí a aithint idir an tsochaí sin agus an tsochaí sa lá atá inniu ann. Is féidir linn an teanga a fhiosrú mar chóras, ag déanamh comparáid idir a struchtúir, foirmeacha agus nathanna cainte agus ár dteanga féin agus fréamhacha Gréigise nó Laidine a shainaithint i bhfocail a úsáidtear fós. Is féidir an áilleacht agus an tábhacht a bhaineann léi mar mheán chun na seánraí litríochta is mó agus na réimsí tábhachtacha a bhaineann le hiarrachtaí intleachtúla a chruthú agus a fhorbairt, cuir i gcás eipic, filíocht liriciúil agus dhrámatúil, stair, óráidíocht, fealsúnacht, reiligiún agus matamaitic. Forbróidh an scoláire a roghnaíonn conair na teanga clasaicí léirthuiscint ar an ról uathúil a bhíonn ag teanga i léargas a thabhairt ar shochaí agus conas a nochtar saol, creidimh, luachanna agus ionchais daoine trína dteanga. 

Bíonn deis againn na domhain Ghréagacha agus Rómhánacha a fhiosrú le béim eile ach staidéar a dhéanamh ar fhoinsí clasaiceacha a aistríodh. Éascaíonn conair staidéar an léinn chlasaicigh fiosrú ar réimse leathan téacsanna agus cuireann sé ar chumas an scoláire meastóireacht chothrom a dhéanamh ar an méid a chuireann foinsí difriúla lenár dtuiscint ar an domhan ársa, lena n-áirítear ealaín, ailtireacht agus seandálaíocht. Téann an scoláire i ngleic le roinnt de na pearsana is suntasaí, is cumhachtaí agus is mealltaí ó stair agus ó mhiotais na Gréige agus na Róimhe, mar aon le samplacha iontacha den ealaín agus ailtireacht chlasaiceach. Forbraíonn sé pictiúr den domhan clasaiceach trí staidéar a dhéanamh ar shaothair eipiciúla, stairiúla, dhrámatúla agus fealsúnachta a aistríodh. Téann sé i ngleic le gnéithe éagsúla de chultúir ársa fhísiúla agus ábhartha, de réir mar a dhéantar an timpeallacht fhisiciúil ina mbíodh cónaí ar na Gréagaigh agus na Rómhánaigh a fhiosrú chun a gcuid smaointe, uaillmhianta agus modh maireachtála a nochtadh. 

Spreagann an Léann Clasaiceach an foghlaimeoir freisin chun machnamh a dhéanamh ar ‘an staid dhaonna’ agus a chaipiteal agus a oidhreacht chultúrtha féin a cheistiú; cuidíonn sé sin leis an scoláire a bheith níos eolaí agus níos gníomhaí mar shaoránach go háitiúil, go náisiúnta agus go domhanda. D’fhág seaniarsmaí clasaiceacha oidhreacht iontach saothar dúinn ina dtéitear i ngleic le réimse leathan aincheisteanna buanseasmhacha daonna i mbealaí atá suntasach, úrnua agus speisialta. Léirítear an domhan clasaiceach ina chuid filíochta, litríochta, fealsúnachta, ealaíne agus ailtireachta agus cuirtear domhnán ar fáil dúinn chun ár ndearctha agus ár n-idé-eolaíochtaí féin a fhiosrú. Cuireann na Sean-Ghréagaigh agus na Rómhánaigh scáthán ar fáil dúinn dár sochaí féin, mar cé go bhfuil a socaí siúd i bhfad uainn, tá siad gar dúinn freisin toisc go bhfuilimid go mór faoi chomaoin acu. 

Is féidir aoibhneas agus taitneamh a bhaint as staidéar a dhéanamh ar an Léann Clasaiceach agus bíonn sult intreach ann nuair a théitear i ngleic leis an ábhar. Cothaíonn agus forbraíonn an t-ábhar taobh samhlaíoch agus cruthaitheach an scoláire mar aon le hionbhá agus féinmhachnamh a spreagadh. Rud an-tábhachtach is ea go bhforbraíonn an scoláire, trí staidéar a dhéanamh ar an am atá caite, léirthuiscint ar an tábhacht a bhaineann le stair a chaomhnú agus a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile, mar áis luachmhar ann féin agus mar bhunús don am i láthair. 
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.